GaelGÁIRÍ i mBéal Feirste

Beidh an club grinn Gaeilge ar siúl sa Chultúrlann mar chuid d’Fhéile an Phobail an tseachtain seo chugainn

Michael Mee
Michael Mee

Cuirfidh an club grinn GaelGÁIRÍ seó ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair an tseachtain seo chugainn. Is mar chuid d’Fhéile an Phobail a bheidh fuirseoirí na Gaeilge ar ardán na Cultúrlainne ar Bhóthar na bhFál Dé Máirt an 8 Lúnasa.

GaelgairiBFdréacht2Ar an ardán an oíche sin beidh Michael Mee, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pato, a bhuaigh an comórtas An Gaeilgeoir is Greannmhaire ar TG4 anuraidh; Ger Staunton agus Aideen McQueen a bheidh ina bhean an tí. In éindí le fuirseoirí aitheanta an chlub beidh fir ghrinn Bhéal Feirste freisin, Paddy McDonnell ina measc.

Anuas ar an seó grinn, beidh ceardlann i gceird an ghrinn á reáchtáil ag baill GaelGÁIRÍ mar chuid d’Fhéile an Phobail freisin. Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil don cheardlann a bheidh ar siúl i rith an lae agus ní mór ríomhphost a chur chuig eagraithe an chlub.

Tá GaelGÁIRÍ ar an bhfód le os cionn bliain go leith agus gigeanna á ndéanamh acu go rialta i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ag féilte ar fud na tíre.

Tá mír nua ghrinn tosaithe, Raidió Raiméis, ag an gclub ar Raidió na Life le deireanas mar chuid den seó nua bricfeasta An Bricfeasta Blasta, a chraoltar ar an stáisiún sin.

Fág freagra ar 'GaelGÁIRÍ i mBéal Feirste'