Gaelcholáiste ar an scoil ‘is fearr’ sa tír a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal

Léiríonn figiúirí nua go dtéann an-chuid de na daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí ar aghaidh go dtí cúrsaí tríú leibhéal

Gaelcholáiste ar an scoil ‘is fearr’ sa tír a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal

Scoil lán-Ghaeilge í an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa tír ó thaobh mic léinn a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal.

De réir eolais a foilsíodh san Irish Times, bhí Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gCill Mhantáin ar bharr liosta na scoileanna ar fad sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal.

Bhí Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath i measc na ndeich scoil is fearr sa tír chomh maith agus cúig Ghaelcholáiste ar fad a bhí i measc an 50 scoil is fearr ó thaobh freastal ar an tríú leibhéal – Coláiste Eoin i mBaile Átha Cliath (26), Coláiste Pobal Osraí i gCill Chainnigh (30) agus Coláiste Chillian i mBaile Átha Cliath (48).

Léiríonn figiúirí na bliana seo go dtéann an-chuid de na daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí ar aghaidh go dtí cúrsaí tríú leibhéal.

De réir na hanailíse a rinne an Irish Independent ar na figiúirí is déanaí, chuaigh 74% de dhaltaí a rinne an Ardteist i mbliana ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal ach 83% de dhaltaí a bhí i gceist i gcás na ngaelcholáistí.

Bhí Gaelcholáiste Cheatharlach, Gaelcholáiste Phort Láirge agus Gaelcholáiste Chiarraí i measc na scoileanna lán-Ghaeilge eile a chuir céatadán mór daltaí – 96% – ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal agus bhí Coláiste na Coiribe i nGaillimh, Coláiste Oiriall i Muineachán agus Coláiste Ailigh i nDún na nGall uile os cionn 90% freisin.

Maidir leis na scoileanna Gaeltachta, bhí Meánscoil San Nioclás sa Rinn, Pobalscoil Mhic Dara i gCarna, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Coláiste Muire i dTuar Mhic Éadaigh, Pobalscoil Chloich Cheannfhaola agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair uile an-ard ar liosta a gcontaetha.

Léiríodh arís sna figiúirí go bhfuil bearna mhór ann idir líon na ndaltaí i scoileanna DEIS a théann ar aghaidh go dtí institiúidí tríú leibhéal i gcomparáid le scoileanna eile na tíre.

De réir an Irish Times, thit céatadán na ndaltaí ó scoileanna DEIS a chuaigh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal ó 64% anuraidh go dtí 60% i mbliana.

98% a bhí i gceist i gcás scoileanna táille agus 81% i gcás scoileanna gan táille nach scoileanna DEIS iad.

Bíonn roinnt conspóide ag baint i gcónaí le liostaí seo na scoileanna freastail nó ‘feeder’. Dar le go leor saineolaithe oideachais nach dtugann liostaí dá leithéid léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.

 

Fág freagra ar 'Gaelcholáiste ar an scoil ‘is fearr’ sa tír a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal'