GAILEARAÍ: Gaelbhratach bronnta ag An Taoiseach ar scoileanna fud fad na tíre

D’fhreastal na céadta dalta ar an ócáid bhronnta i mBaile Átha Cliath

D’fhreastal múinteoirí agus daltaí ó bhunscoileanna agus ó mheánscoileanna ó cheann ceann na tíre ar shearmanas bronnta i mBaile Átha Cliath inné, áit ar bhronn an Taoiseach, Enda Kenny, Gaelbhratach chun aitheantas a thabhairt do dhul chun cinn na scoileanna i leith na Gaeilge.

Chuir Gael Linn tús leis an scéim seo anuraidh i bpáirtíocht le Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ón eagraíocht trasteorann, Foras na Gaeilge. Bhí breis agus 40 scoil i láthair ag an searmanas i mBeairic Mhic Aoidh, agus tá foireann Ghael Linn sásta go maith leis an dul chun cinn atá déanta ag an togra go dtí seo.

“Is í an aidhm atá leis an scéim Gaelbhratach”, a dúirt Síomha Ní Mhuirí ó Ghael Linn, “ná a chur ar chumas páistí an Ghaeilge a úsáid go muiníneach chun cumarsáid a dhéanamh lena chéile, laistigh de phobal na scoile agus leis an bpobal i gcoitinne. Go dtí seo, tá aischothú dearfach léirithe ag na scoileanna i leith na scéime. Taithníonn sé leis na múinteoirí go bhfuil an scéim seo á treorú ag na daltaí féin, agus anuas air sin, meastar go bhfuil fiúntas leis toisc go dtugtar tacaíocht do mhúinteoirí chun dul i ngleic le modhanna múinte comhaimseartha na Gaeilge.”

Ag an searmanas, labhair an Taoiseach ar laethanta a óige féin nuair a chaith sé tréimhse sé mhí i nGleann ‘ac Muireann ar chúrsa Gael Linn:

“Céard is féidir liom a rá faoi Gael Linn,’ arsa an Taoiseach, “nuair a bhí mé i mo bhuachaill óg, chaith mé sé mhí i nGleann ‘ac Mhuireann agus nuair a d’fhill mé ar an mbaile, ní raibh aon Bhéarla agam! Molaim sibh go hard a pháistí as dhá theanga a bheith agaibh.”

Thug Gael Linn suntas don easpa tacaíochta a fhágtar ar bhunscoileanna i dtaobh an nuachuraclaim Gaeilge, rud a fhágann gur deacair a chuid aidhmeanna a chur i bhfeidhm faoi mar atáid leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Dar leo go cuirfidh fráma oibre struchtúrtha, ar nós scéim an Ghaelbhrataigh, go mór le dul chun cinn mhúineadh na teanga ar fud na tíre.

Bronntar Gaelbhratach ar scoileanna mar aitheantas ar chur i gcrích spriocanna a bhí aontaithe ag coistí daltaí agus múinteoirí laistigh den scoil. Cinntíonn an córas seo go bhfuil úinéireacht ag na daltaí féin ar an bpróiseas agus go bhfuil sé ag teacht leis an léibhéal cumais sa scoil.

Bronnfar na bratacha as an méid a bhaintear amach in imeacht dhá bhliain – tráth a mbeidh scoileanna in ann cur isteach ar an scéim an athuair. Ag an meánleibhéal, tá an scéim á cur in eagar ag Gael Linn i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Is é an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn a fheidhmíonn mar Éarlamh na scéime.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Gaelbhratach bronnta ag An Taoiseach ar scoileanna fud fad na tíre'