I mBudapest i 1966 a tharla sin nuair a bhuaigh sé rása an mharatóin don Bhreatain ag Craobhacha na hEorpa..
Ba mhinic roimhe a tharla a leithéid de thrasnaíl ag tús an chéid seo caite nuair a bhí an imirce chomh tréan céanna agus a bhí sé nuair a d’fhág Hogan an Chúil Bhuí (in aice leis an Áth Leacach) i gCo. Luimnigh nó go bhfuair sé obair i Londain i 1960.
Bhuaigh John Flanagan, fear a saolaíodh i mbaile ar a dtugtar an Droimín, i bhfoisceacht cúpla míle don Chúil Bhuí, boinn óir do na Stáit Aontaithe ag Cluichí Oilimpeacha Pháras (1900), St Louis (1904) agus Londain (1908). Póilín i Nua Eabhrac ab ea Flanagan faoin tráth sin, an ghairm chéanna a bhí ag Martin Sheridan as Both Chomhla i Maigh Eo, a bhuaigh dhá bhonn óir do na Státaí i Londain agus ceann i St.Louis.
Níorbh ionann baileach a gcásanna siúd agus scéal Hogan, mar go raibh blianta caite aigesean ag iomaíocht ar son a thíre dhúchais sular athraigh sé a dhílseacht.
Marc feirmeora ab ea Jim, duine de naonúr clainne, agus má bhí luí ag a mhuintir le haon spórt, ba í an rásaíocht capall ab ansa leo – ní nach ionadh agus trí cinn acu sa mbaile acu féin.
Tuirseach as a bheith á dtiomáint ar feadh an lae, ag treabhadh, ag fuirse agus ag baint fhéir sa mbaile agus do na comharsain, b’fhéidir, a d’fhág gur sa reathaíocht a chuir Jim Hogan suim. Leag sé amach cúrsa i gceann de na móinéir in aice an tí, áit a gcaitheadh sé uair an chloig nó dhó ag rith chuile thráthnóna agus a dheirifiúr Betty i ngreim san uaireadóir.
I 1952 agus gan é ach 19 bliain d’aois, bhuaigh Jim Hogan an chéad cheann de 10 gcraobh shinsireacha de chuid na hÉireann a thug sé leis – rástaí fada a mbunáite. Rinne sé sin ar fad faoin ainm a baisteadh air, Jim Cregan, ach nuair a chuaigh Jim ar imirce go Sasana, d’athraigh sé a ainm agus thug Jim Hogan air féin.
Ba é an fáth a ndearna sé sin go raibh scoilt i gcúrsaí lútchleasaíochta in Éirinn ag an am agus nach raibh aitheantas idirnáisiúnta ag an gCumann Náisiúnta Lúthchleasaíochta agus Rothaíochta (NACA) lenar bhain Jim. Bhí seisean den tuairim (ach bhí dul amú air, mar a tharla) gur fhág sin nach bhfaighfeadh sé cead iomaíochta sa Bhreatain faoin ainm Jim Cregan agus thug sé ‘Jim Hogan’ air féin.
Roghnaíodh Jim Hogan ar fhoireann na hÉireann a chuaigh go Tokyo ag Cluichí Oilimpeacha i 1964 agus nuair nár éirigh leis an rás 10,000 méadar a chríochnú ansiúd, shocraigh sé aghaidh a thabhairt ar an maratón.
Agus gan rite de sin ach 15 cileméadar, mhéadaigh seaimpín na linne, Abebe Bikile, ar a luas chomh mór agus nach raibh aon duine de na hiomaitheoirí eile in ann coinneáil leis – cé is móite de Hogan.
Sna 25 Kileméadar a lean, níor thaispeáin na ceamaraí teilifíse ach an bheirt acu, iad i bhfad chun cinn ar an dream a bhi ina ndiaidh agus é ag cinneadh ar an seaimpín mór as an Aetóip mórán de sholas an lae a chur idir é agus Hogan.
Ach, faraor, an tubaiste a bhí i ndán don Éireannach, mar nár ól sé baol ar a dhóthain uisce faoi bhealach, rud a d’fhág nach raibh aige ach éirí as agus aghaidh a thabhairt ar an ospidéal agus gan fágtha ach cúpla cileméadar. Bhí farasbarr 4 nóiméad ag Bikile ag an deireadh agus curiarracht nua domhanda, 2u:12n:11.2s.
Go gairid ina dhiaidh sin, agus é den tuairim nach raibh sé ag fáil na tacaíochta a bhí ag dul dó ó na húdaráis lúthchleasaióchta sa tír inar saolaíodh é, shocraigh Jim Hogan go mba ar son na Breataine a rithfeadh sé. “Mheas mé gur chóir do dhuine an fód a sheasamh don tír ina raibh sé ag maireachtáil agus ag obair”, an chosaint a rinne sé air sin nuair a scríobh sé scéal a shaoil “The Irishman Who Ran For England.”
Faoina mbratach siúd a bhí Jim Hogan nuair a bhuaigh sé maratón na bhfear ag Craobhacha na hEorpa i 1966. Faoin mbratach sin freisin a bhí sé nuair a ghlac sé páirt i rástaí an 10,000K agus an maratón i gCluichí Oilimpeacha Mheicsiceó i 1968.
Nuair a chuaigh sé ar a phinsean, d’fhill sé ar Chnoc Loinge ina chontae dúchais, áit ar bhásaigh sé an tseachtain seo caite, go ndéana Dia maith air.