Tá Seo Linn roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí Iúil. Roghnaíodh Seo Linn mar gheall ar an gcaoi ar mhúscail siad spéis an phobail ina thogra ceol Gaelach a chur os comhair an tsaoil mhóir agus na geallúintí atá tugtha uathu go n-úsáidfí an t-airgead a bailíodh i rith na míosa ar leas na Gaeilge.
D’éirigh le Seo Linn os cionn €50,000 a bhailiú le linn a bhfeachtais sluamhaoinithe an mhí seo caite agus aird an domhain mhóir tarraingthe acu arís eile ar an nGaeilge agus ar a gcuid ceol bríomhar beoga.
Beidh Seo Linn agus gach duine eile ainmneofar ina Ghael na Míosa as seo go deireadh na bliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie.
Gael Feabhra: Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Gael na Márta: Alan Titley
Gael Aibreáin: Ciarán Ó Móráin
Gael Bhealtaine: Traolach Ó Buachalla
Gael an Mheithimh: Muir-Sin-É
Gael Iúil: Seo Linn
Fág freagra ar 'Gael na Míosa do mhí Iúil roghnaithe…'