Gaeilgeoirí i measc na mball ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán

Bunaíodh an Coimisiún nua chun cúrsa a leagan amach don chraoltóireacht phoiblí agus do na meáin eile sna blianta amach romhainn

Gaeilgeoirí i measc na mball ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán

Tá roinnt cainteoirí líofa Gaeilge i measc na mball ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán ar aontaigh an Rialtas na téarmaí tagartha dó inniu.

Tá an Coimisiún nua á bhunú chun cúrsa a leagan amach don chraoltóireacht phoiblí agus do na meáin neamhspleácha sna blianta amach romhainn.

Agus baill an Choimisiúin á bhfógairt, thagair an Taoiseach Micheál Martin go sonrach don Ghaeilge.

“Caithfimid tacaíocht ar bhonn inmharthana a thabhairt dár gcraoltóirí poiblí ionas go mbeidh ardán ann dár gcultúr, dár dteanga agus dár spórt sa todhchaí,” arsa an Taoiseach. 

Cainteoir líofa Gaeilge é Cathaoirleach an Choimisiúin, an tOllamh Brian Mac Craith, iarUachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ceapadh Mac Craith ina chathaoirleach roimhe seo. I measc na mball a fógraíodh

inniu, tá an craoltóir de chuid BBC Raidió Uladh, Lynette Fay, cainteoir líofa Gaeilge as Dún Geanainn i dTír Eoghain.

Ar na baill eile den Choimisiúin tá Nuala O’Connor, scannánóir agus duine de bhunaitheoirí an chomhlachta léiriúcháin South Wind Blows, a bhfuil cónaí le fada uirthi i mBaile an tSléibhe i gCeann Trá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Is iad na baill eile a ainmníodh ná Alan Rusbridger, iar-eagarthóir nuachtán an Guardian, Mark Little an t-iar-iriseoir atá anois ina fhiontraí sna meáin shóisialta, an Dr Finola Doyle-O’Neill, staraí ó UCC, Sinéad Burke, an scríbhneoir, tionchaire agus gníomhaí, Gillian Doyle, Ollamh ó Ollscoil Ghlaschú agus Stephen McNamara, Stiúrthóir Cumarsáide an IRFU.

Tá sé i gceist beirt bhall eile a fhógairt nuair a dheimhneofar go mbeidh siad ar fáil.

Dúirt an tAire Meán Catherine Martin go raibh sí ag súil le moltaí a fháil ón gCoimisiún nua faoi conas is féidir an iriseoireacht neamhspleách a chothú agus a chosaint amach anseo.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoirí i measc na mball ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán'

  • Niall OF

    Beirt on mBreatain agus gan éinne ón Eoraip. Cén saghas neamh-meabhair é sin!!!

  • Gerry

    Seans deireadh a chur leis an propaganda ó na núachtáin ó Sasana anois. Agus seans a chinntiú go mbeidh roinnt iriseoirí le Gaeilge fostaithe ag na núachtáin le cuid den ‘scéal’ a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, na Gaelscoileanna ina measc. Agus rud ar bith bainte leis an Gaeltacht a bheith i nGaeilge.