Gaeilgeoir óg an té a tarrtháladh 4km amach ó chósta Chiarraí

Bhí Ruairí Mac Somhairle, ar tugadh ‘Frostbit boy’ air nuair a bhain sé cáil amach ar líne d’agallamh a rinne sé i mBéarla agus i nGaeilge, dhá uair déag san uisce sular thug baill den Gharda Cósta slán é

Gaeilgeoir óg an té a tarrtháladh 4km amach ó chósta Chiarraí

Gaeilgeoir óg a bhain cáil amach de bharr agallaimh nuachta a rinne sé an té a tarrtháladh 4km amach ó chósta Chiarraí an tseachtain seo.

Bhí Ruairí Mac Somhairle, nó ‘Frostbit boy’ mar a tugadh air nuair a bhain sé cáil amach ar líne, suas le dhá uair déag san uisce Dé Domhnaigh seo caite sular thug baill den Gharda Cósta slán é.

Tarrtháladh Mac Somhairle, arb as Doire dó, 4km amach ón gcósta tráthnóna Dé Domhnaigh agus deilfeanna timpeall air. Tugadh go dtí Ospidéal Thrá Lí é agus scaoileadh amach é inné.

Bhain Mac Somhairle cáil amach in 2015 nuair a cuireadh faoi agallamh é ar UTV le linn tréimhse sneachta. Chaith sé seal ag staidéar i gConamara an bhliain chéanna, nuair a thug sé faoi chéim sa Ghaeilge agus Cumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua. Le linn na tréimhse sin rinne sé agallamh le Tuairisc.ie a raibh éileamh mór ar líne chomh maith air agus scéalta faoi ar mheáin náisiúnta éagsúla.

Tá ráite gur míorúilt é gur tháinig sé slán ón eachtra ag an deireadh seachtaine.

Bhí Mac Somhairle ag fanacht in ionad campála ar an gCom i gCorca Dhuibhne nuair a bheartaigh sé snámh chomh fada le Teach Solais na Fianaite i mBá Thrá Lí, thart ar 5km ón áit ina raibh sé.

Níor dhúirt Mac Somhairle le duine ar bith go raibh sé chun tabhairt faoin snámh agus cuireadh fios ar an nGarda Cósta an mhaidin sin nuair a tháinig fear a bhí amuigh ag siúl ar éadaí agus bróga a bhí fágtha ar an trá.

Níor tháinig baill de Gharda Cósta na Fianaite ar Mhac Somhairle go dtí 8.15pm an oíche sin agus bhí thart ar 12 uair an chloig caite aige san uisce faoin am sin.

Agus é ag labhairt leis an Irish Independent, ghabh Mac Somhairle, arb as An Pháirc i nDoire dó, buíochas leo siúd a thug slán é.

Dúirt Mac Somhairle gur chaith sé cúig mhí ina chónaí in ionad campála i gCorca Dhuibhne anuraidh nuair a cuireadh stop de dheasca na paindéime leis an obair a bhí aige ar long chrúsála. Dúirt Mac Somhairle gur fhill sé ar Chorca Dhuibhne le héadaí a bhailiú.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir óg an té a tarrtháladh 4km amach ó chósta Chiarraí'

  • Rossa

    Súl a’m nach raibh sé Ró-shiocathe théis a sheal san fharraige.

  • Louie Mostert

    Very interesting ! Must have taken a lot of courage? I live in South Africa, am interested to learn Irish, but it is almost impossible to find people who are fluent in Irish!

  • Cathal Mac Dhaibhéid

    Gaeilgeoir: *broim*

    Tuairisc.ie: “NUACHT – LIGEANN GAEILGEOIR BROIM”