Gaeilgeoir líofa as Baile Átha Cliath ceaptha ina príomhfheidhmeannach ar Trócaire

Rachaidh Caoimhe de Barra i mbun a cúraim nua mar phríomhfheidhmeannach ar an charthanacht Trócaire i mí Mheán Fómhair

Gaeilgeoir líofa as Baile Átha Cliath ceaptha ina príomhfheidhmeannach ar Trócaire

Tá Caoimhe de Barra, bean ar tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ceaptha ina príomhfheidhmeannach ar an charthanacht Trócaire.

Tiocfaidh de Barra, a bhfuil beagnach scór bliain caite aici ag obair i réimsí carthanachta, i gcomharbacht ar Éamonn Meehan atá ag éirí as an chúram sin.

Thosaigh de Barra ag obair le Trócaire i 1997 mar oifigeach feachtais agus chaith sí tréimhse ina dhiaidh sin mar chomhordaitheoir polasaí agus abhcóideachta san eagraíocht.

Tógadh le Gaeilge í i mBaile na Manach i mBaile Átha Cliath agus cuireadh oideachas lán-Ghaeilge uirthi i Scoil Lorcáin agus i gColáiste Íosagáin.

Innealtóir é athair Chaoimhe, an seoltóir, eachtraí agus scríbhneoir aitheanta Paddy Barry.

Is as Port Láirge dá máthair, Mary Barry, agus múinteoir Ghaeilge ab ea a hathair siúd i nGaeltacht na Rinne.

Chaith Caoimhe agus a muintir dhá bhliain ina gcónaí sa Mhaláiv nuair a bhí  sí óg, taithí a raibh tionchar mór aige ar a saol oibre.

In 2007, bhog sí go Mósaimbíc le tabhairt faoi phost mar Bhainisteoir  Réigiúnach Cúnta Trócaire san Afraic Theas. Ceapadh í mar Stiúrthóir Rannóg Idirnáisiúnta Trócaire in 2011, agus gnóthaí forbartha agus daonnúla i mbreis agus fiche tír faoina cúram. 

Le trí bliana anuas, bhí de Barra ag obair mar Stiúrthóir Tíre ag Concern sa Mhaláiv agus bainistiú á dhéanamh aici ar cheann de na hoibríochtaí cabhrach daonnúla ba mhó dá bhfacthas sa tír sin de bharr géarchéim soláthar bia.

Thréaslaigh iar-Phríomhfheidhmeannach Trócaire a post nua le de Barra.

Dúirt Éamonn Meehan go raibh muinín aige go ndéanfaí Trócaire a neartú agus é faoi stiúir de Barra.

“Is iomaí sin bua, tallann agus scil atá ag Caoimhe, a chuideoidh léi sa phost nua seo. Tá os cionn fiche bliain caite aici ag obair i gcúrsaí forbartha agus cearta an duine agus is í an duine ceart le Trócaire a threorú san obair atá amach romhainn. 

“Tá Caoimhe tiomanta don cheart ar fud an domhain, rud a fhágann go mbeidh Trócaire in ann leanúint leis an obair ar son an chirt,”  a dúirt iar-Phríomhfheidhmeannach Trócaire, Éamonn Meehan.

Rachaidh Caoimhe de Barra i mbun a cúraim nua i mí Mheán Fómhair.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir líofa as Baile Átha Cliath ceaptha ina príomhfheidhmeannach ar Trócaire'