Tá an Gaeilgeoir agus amhránaí ceoldrámaíochta aitheanta Gavan Ring fillte ar an seomra ranga arís den chéad uair le 12 bliain.
Gan jab ná slí bheatha aige ó thús na paindéime, bheartaigh Gavan Ring, atá ag saothrú i ngort an cheoil ó 2008, dul i mbun na múinteoireachta go dtí go mbeidh earnáil na n-ealaíon ar ais ar a cosa arís.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Gavan Ring, a tógadh le Gaeilge i gCathair Saidhbhín i gcontae Chiarraí, go raibh sé “fíorbhuíoch” go raibh deis aige filleadh ar an seomra ranga “le linn laethanta crua an choróinvíris”.
“Nílim in ann slí bheatha a bhaint amach mar amhránaí ceoldrámaíochta faoi láthair. Tá sé chomh simplí leis sin agus caithfidh mé a bheith praiticiúil faoi. Pé sórt scil atá agam, caithfidh mé í a úsáid. Táim fíorbhuíoch go bhfuil scileanna múinteoireachta agam agus go bhfuilim in ann tarraingt orthu sin,” a dúirt sé.
Tá an teanór aitheanta ag obair mar mhúinteoir ionadaíochta i Scoil Náisiúnta Rampark, i gcontae Lú an tseachtain seo.
Cé nach raibh sé ag súil go mbeadh sé ar ais sa seomra ranga, deir Ring, a raibh baint mhór aige leis an cheoldráma Gaeilge Eithne, a scríobh Roibeard Ó Duibhir i 1909, a thabhairt chuig An Ceoláras Náisiúnta in 2017, go bhfuil sé iontach a bheith “i measc an dreama óig”.
“Tá sé iontach a bheith ag múineadh arís. Tá na páistí chomh gealgháireach agus lán le spraoi,” a dúirt sé.
Rinne Ring céim san oideachas nuair a d’fhág sé an mheánscoil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair le ceoldrámaí éagsúla agus ar chamchuairteanna ceoil in Éirinn agus thar lear.
“Nuair a bhí an chéim bainte amach agam, bheartaigh mé slí na healaíne a shiúl mar amhránaí ceoldrámaíochta. Bhí an t-ádh orm gur thug an ceol timpeall an domhain mé,” a dúirt sé.
Ba le linn an ama sin chomh maith a thug sé faoi thaighde dochtúireachta ar an cheoldráma Gaeilge Eithne, le Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann.
Cé go n-aithníonn Ring go bhfuil “iarracht éigin” déanta ag an rialtas teacht i gcabhair ar ealaíontóirí agus ar an earnáil trí chéile, measann sé go bhféadfaidís “i bhfad níos mó a dhéanamh”.
“Ní hé an cur chuige céanna a fheileann i gcás na n-ealaíon ar fad. Tá ceolchoirmeacha agus léirithe á gcur ar ceal agus amharclanna móra ceoil dúnta síos ar fad, fiú i gcásanna ina bhféadfaidís an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm go héasca. Tá sé dodhéanta aon saghas forbairt a dhéanamh faoi mar atá rudaí faoi láthair.”
Má leanann an rialtas leis an chur chuige céanna sin, measann Ring go mbeidh sé “an-deacair” ar an earnáil teacht aniar a dhéanamh tar éis na géarchéime.
Deir fear Uíbh Ráthaigh gurb í an obair a rinne sé ar an cheoldráma Eithne “éacht mór” a shaol oibre go dtí seo.
“Tharraing mo thráchtas aird arís ar Eithne, ceoldráma nach bhfacthas ar stáitse le breis agus céad bliain agus táim an-bhródúil as sin.
“Is píosa an-suimiúil é, ní hamháin toisc leithéidí Dhubhghlas de hÍde agus Constance Markievicz a bheith bainteach leis ach tá sé bunaithe ar an bhfinscéal Éan an cheoil bhinn. Mura ndéanaim aon rud eile ó thaobh an cheoil de, bheinn sásta,” a dúirt Gavan Ring le Tuairisc.ie.
Lillis Ó Laoire
Deacrachtaí móra ag na healaíontóirí faoi láthair agus gan an rialtas ag amharc siar orthu.
Caitlín Mhic Amhlaigh
Chuir mé an-Suim san alt faoi Gavin Ring .Bhí mé féin agus m’fhear chéile I láthair Ag a cheoldráma Eithna’s an oích sin agus bhain muid an-sult as . Shíl mé gur ré Nua do’n Ghaeilge I saol an cheol Chlasagaí a bhí Ann ach mo léan nár chuala mé mòrán d’á léithéid ò shoin .Sílim go bhfuil neamairt uafásach á imirt Ag na meáin Náisiúnta Ar eachtraí mòra i saol na Gaeilge .
Guīm gach rath Ar Ghavin agus Ar cheoltóirí agusealaíntòirí uilig na tíre atá I gcruachás na laethannta seo . Aontaím go bhfuil dualgas fá leith Ag an rialtas tacú go láidirleo le go mairfidh angné speisialta dár gcultùr Slán ‘Cad a dheánaimid feasta gan Cultúr ,