Gaeilge shimplí fhileata agus léaráidí galánta i leabhar nua faoi fhiadhúlra na hÉireann

LÉIRMHEAS LEABHAR: Tá ‘Ainmhithe na hÉireann’ (Cois Life) breac le míreanna spéisiúla eolais agus ba chóir é a bheith i ngach teach sa tír…

Gaeilge shimplí fhileata agus léaráidí galánta i leabhar nua faoi fhiadhúlra na hÉireann

Ní fada Ainmhithe na hÉireann a bheith leaindeáilte in oifigí Tuairisc nuair a bhí mé meallta ar fad aige.

Pictiúrleabhar galánta nuafhoilsithe é seo, ina dtugtar léargas ar fhiadhúlra na hÉireann. Tá léaráidí iontacha ar fáil ann, mar aon le heolas spéisiúil faoi na hainmhithe a bhíonn le feiceáil go coitianta in Éirinn. 

‘Cé atá in ann ‘hiopnóis’ a chur ar choinín lena rince aisteach?’

‘Cén t-ainmhí a bheireann ar 3,000 feithid gach oíche agus a bhaineann leas as fuaim chun iad a aimsiú?’

Tá na freagraí go léir sa leabhar seo.

Leabhar é atá dírithe ar pháistí óga a bheadh sé bliana d’aois nó os a chionn, ach más comhartha ar bith é an oiread dúile a bhí agam féin ann, measaim go mbainfeadh aon duine sásamh agus tairbhe as na blúiríní beaga eolais agus na léaráidí uiscedhatha áille atá ar fáil ann.

Buailimid le 54 ainmhí ar fad sa leabhar breá seo agus is iontach an réimse mamach atá i gceist, ón cheann is  lú in Éirinn, an dallóg fhraoigh go dtí an míol mór gorm,  fathach na farraige a bhíonn le feiceáil ar chósta thiar na tíre seo. 

Tugtar le fios sa leabhar go bhfuil an dallóg fhraoigh chomh beag le d’ordóg agus tá léaráid ar fáil ar gach leathanach a léiríonn méid an ainmhí i gcomparáid leis an duine, rud a thaitneodh go mór le páiste.

Ábhar iontais dom an oiread eolais sa leabhar nár chualathas trácht air riamh cheana. Seans go mbeidh náire ar mo mháthair agus sin á admháil agam go poiblí tar éis a mhinice muid ag campáil agus ag spraoi amuigh sa dúlra inár bpáistí óga.

D’ainneoin sin, ní raibh a fhios agam go mbaineann an dobhrán úsáid as a fhéasóg fhada chrua le héisc a aimsiú in uisce dorcha; nó go raibh radharc 360 céim ag an choinín, nó go raibh bunús na fírinne leis an sean-nath ‘chomh mear le míol Márta’.

‘Uaireanta san earrach, feictear giorriacha fireanna agus baineanna ag bruíon is ag achrann. Buaileann siad agus ciceálann siad a chéile lena gcosa tosaigh, agus ritheann siad i ndiaidh a chéile,’ a deirtear.

Tá an leabhar breac le míreanna spéisiúla eolais mar sin.

Is maith liom mar a cuireadh an t-eolas a bhain le gach ainmhí i láthair thar dhá leathanach. Tugadh tús áite do na léaráidí tarraingteacha agus fágadh spás go leor do na fíricí éagsúla. Is mór an cuidiú é sin don pháiste a bheadh ag iarraidh a chuid féin a dhéanamh den eolas.

Seo an ceathrú leabhar ó pheann Juanita Browne, scríbhneoir, léiritheoir  teilifíse agus zó-eolaí as Cill Dara a bhfuil a saol caite aici ag plé leis an fhiadhúlra.

Is léir paisean Aoife Quinn, maisitheoir an leabhair, don dúlra agus é ina phríomhthéama aici ina cuid ealaíne.

Is í an téarmeolaí Fidelma Ní Ghallchobhair a chuir Gaeilge ar an saothar seo agus tá sí le moladh go mór as nádúr na teanga ann.

Gaeilge shimplí, shultmhar, fhileata atá ar fáil sa leabhar agus gluais chuimsitheach, ag an deireadh a chuirfidh le stór focal páistí agus daoine fásta araon. 

Thaitin sé liom fosta gur cuireadh na leaganacha malartacha do na hainimhithe san áireamh nuair a bhí deis ann. An sionnach agus an madra rua araon tugtha ar an ainmhí glic seo.

Tá ceithre leagan ag Ní Ghallchobhair ar an madra uisce- an dobharchú, an dobhrán, an cú dobhráin – agus is maith ann iad ionas go mbeidh a n-ainm canúnach féin ar na hainmhithe ar fáil ag páistí beaga ar fud na tíre.

Leabhar álainn ar fad é seo ar chóir é a bheith i ngach teach sa tír!

– Cois Life a d’fhoilsigh an leabhar. Praghas €12.00

Fág freagra ar 'Gaeilge shimplí fhileata agus léaráidí galánta i leabhar nua faoi fhiadhúlra na hÉireann'

  • Carraig

    Go raibh maith agat as an méid sin a iníon Uí Thuathalláin.