GAEILGE NA hARDTEISTE: ‘The SEC are going to need the Córas Sláinte after that stunt’

Níor tháinig an tuar faoin tairngreacht ar Pháipéar a hAon Gaeilge na hArdteiste tráthnóna, rud a spreag cuid mhaith olagóin ar na meáin shóisialta

GAEILGE NA hARDTEISTE: ‘The SEC are going to need the Córas Sláinte after that stunt’

Gan aon aiste a bheith ann faoin gcóras sláinte agus an iomarca gaisce ag ‘Máirtín’ sa chluastuiscint an dá scéal is mó a bhí ag daltaí na hArdteiste ar na meáin shóisialta tráthnóna.

Más aon scáthán Twitter ar an ullmhúchán agus na tairngreachtaí faoi pháipéar ardleibhéil Gaeilge na hArdteiste, is  tromchroíoch a bhí go leor daltaí tráthnóna inniu i ndiaidh Páipéar a hAon.

Ní raibh an aiste a bhí ullmhaithe ag go leor acu faoin gcóras sláinte ar an bpáipéar in aon chor mura raibh siad glic a ndóthain chun an córas sláinte a tharraingt isteach san aiste ar ‘athruithe chun feabhais ar an saol in Éirinn’ nó sa scéal ‘Faoiseamh’ agus scríobh faoin leaba a fuair Mamó tar éis 30 uair ar an tralaí san Aonad Éigeandála agus Timpistí.

Bhí ‘sláinte’ luaite chomh maith sa díospóireacht ach bhíothas idir dhá chomhairle ar chóir an aiste a bhí foghlamtha de ghlanmheabhair a shá isteach ansin.

Ba iad na hábhair a bhí mar rogha don aiste i mbliana ná an ghéarchéim tithíochta; athruithe sa saol; mná sa spórt; saol an scoláire dara leibhéal; agus míshocracht i gcúrsaí idirnáisiúnta. Ba é an dá rogha a bhí ann más scéal a bhí á dhéanamh agat seachas aiste  ‘Faoiseamh’ nó ‘Ní thagann ciall roimh aois’.

Ba í an rogha eile a bhí ann ná díospóireacht nó óráid a scríobh. ‘Tugann daoine óga in Éirinn aire mhaith dá sláinte’ a bhí mar rún don díospóireacht    agus ‘Nós na léitheoireachta i saol an lae inniu’ an t-ábhar a tugadh don phíosa cainte.

Le roinnt laethanta anuas bhí scoláirí óga ag tuar go tréan go mbeadh aiste ar pháipéar Gaeilge an lae inniu faoin gcóras sláinte.

Ní hiontas mar sin díomá a bheith ar go leor daltaí tráthnóna nuair nár tháinig an tuar faoin tairngreacht agus gan tásc ná tuairisc ar an gcóras sláinte i measc na n-aistí ar pháipéar a haon.

Ar na hábhair mhóra cainte eile a bhí ag na daltaí tráthnóna bhí scéal ‘Mháirtín’, fear óg a bhí le cloisteáil sa scrúdú cluastuisceana agus é ag trácht ar an 577 pointe a fuair sé san Ardteist. Bhí roinnt daltaí den tuairim go raibh sé ábhairín míthrócaireach go raibh orthu a bheith ag éisteacht le gaisce Mháirtín.

Rinneadh plé chomh maith faoi an mbeadh sé inghlactha aiste a bhí foghlamtha de ghlanmheabhair faoin gcóras sláinte a chur in oiriúint don rún díospóireachta ‘Tugann daoine óga in Éirinn aire mhaith dá sláinte’.

Ar ndóigh, bhí daltaí a raibh níos mó ná aiste faoin gcóras sláinte de ghlanmheabhair acu agus bhí cuid mhaith daoine sásta go maith leis an scrúdú.

Bíonn a bhealach féin ag gach duine le déileáil le scrúduithe agus b’amhlaidh i gcás pháipéar na Gaeilge inniu. Ag brath ar a n-acmhainn grinn a bhí daoine áirithe tráthnóna agus ag cur an mhilleáin ar na Sasanaigh a bhí dalta eile.

Fág freagra ar 'GAEILGE NA hARDTEISTE: ‘The SEC are going to need the Córas Sláinte after that stunt’'

  • Bríd

    Páipéar álainn le corr dhúshlán mar a bheifeá ag súil leis ag an leibhéal seo. Tá ré an réamhullmhúcháin curtha dínn againn agus ná bítear ag clamhsán faoi sin!

  • Ruairi O Caisleain

    Fèar plé dá n-acmhainn grinn, mar sin féin! Bhain mé an- sult as an alt ?.