Más ‘go leor ama’ an port a bhí againn inné le Páipéar 1 is ‘brú ama’ port an lae inniu le Páipéar 2 mar a thug na scoláirí faoi dhá léamhthuiscint maraon le ceisteanna filíochta agus próis. Ar an mórgóir ní raibh aon rud thar a bheith spreagúil nó dúshlánach ar pháipéar a bhí inléite agus indéanta.
Bhain na léamthuiscintí (a bhí bunaithe ar fhoinsí éagsúla) le cruachás na ndaoine gan dídean agus comhdháil One Young World. Ní raibh aon cheist chasta ann agus bhí na ceisteanna gramadaí imeaglacha indéanta fiú.
Nuair a cinneadh 40% a thabhairt don scrúdú béil roinnt bhlianta ó shin baineadh na putóga as an gcúrsa litríochta. Mar chuid den bhúistéireacht sin baineadh amach an rogha sna ceisteanna litríochta sa chúrsa ainmnithe (seachas cúpla rogha teoranta sa chúrsa próis). Shimpligh sin an páipéar ó thaobh struchtúir de ach d’fhág na scoláirí i dtaobh le rogha amháin don litríocht agus prós. Tá sé ríthábhachtach mar sin go mbeadh na ceisteanna soiléir agus inléite rud nach mbíodh amhlaidh i gcónaí le ceisteanna foclacha, doiléire an tseanchúrsa.
D’fhéadfaí an t-osna faoisimh a chloisteáil ar fud na tíre nuair a facthas gurb é Colscaradh an dán a bhí ar an bpáipéar. Is é an dán sin an ceann is fusa den chúig cinn agus ní raibh aon rud ait faoin gceist.
Ba é an gearrscannán Cáca Milis agus an dráma Lasair Choille a bhí sa rannóg próis agus iarradh plé a dhéanamh ar na príomhcharachtair.
Ní raibh aon rud as an ngnáth i rannóg na litríochta bhreise. Máthair agus deartháireach Mháire ba ea ábhar na ceiste don Triail agus is iad an chaid agus an ceol ábhar na ceiste do A Thig ná Tit Orm.
Darragh Ó Caoimh
Bíonn frustrachas orm nuair a chloisim caint mar gheall ar chúrsa na hArdteiste. Leis an gcúrsa “nua” seo, is beag litríocht nó prós a dhéantar agus fágann sé sin go bhféadfadh dalta scoile dul tríd an scoil gan barúil acu ar cérbh é Seán Ó Ríordáin nó cad is “Caoineadh Airt Uí Laoghaire” ann. An rud céanna leis an Teastas Sóisearach. Cad ina thaobh ná fuil úrscéal ar chúrsa an TS. Nach mbeadh “Gluaiseacht” , le Alan Titley oiriúnach agus an-toipiciúl. Faraor, níl ach “dumbing down” nó simplíochas ag baint le cúrsaí oideachais sa tír na laethanta seo!
Seán
Seo an fhadhb – níl an córas reatha ag freastal mar is ceart ar dhuine ar bith. Tá sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal idir foghlaimeoirí chéad teanga agus dara teanga i scrúdú amháin, ach ní féidir é sin a dhéanamh agus tá ag teip air mar thoradh.
Ba cheart féachaint ar an gcóras atá acu sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais mar threoir. Caithfear idirdhealú a dhéanamh idir an siollabas agus na scrúduithe a dhéanann daltaí staidéar orthu don Ghaeilge i meánscoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí agus i meánscoileanna Bhéarla.
Ba cheart go mbeadh dhá cháilíocht dhifriúla ann ag an ardleibhéal: An Ghaeilge mar dara teanga [a bheadh dírithe ar mheánscoileanna Bhéarla is a dhíreodh isteach ar na bunscileanna don chuid is mó agus a dhéanfadh gach duine]. Ba cheart féachaint ar an mbealach a dhéantar measúnú ar na teangacha nua-aimseartha eile mar threoir.
Agus ábhar breise: An Ghaeilge mar chéad teanga [a thabharfadh dúshlán níos fearr do dhaltaí i meánscoileanna Gaeltachta agus i nGaelcholáistí le níos mó béime ar chúrsaí litríochta] Ba cheart go mbeadh aitheantas agus pointí sa bhreis don ábhar breise seo ar nós Mata Fheidhmneach.
Faoi láthair tá an scrúdú ródheacair d’fhoghlaimeoirí dara teanga. Níl siad in ann an teanga a shealbhú i gceart mar thoradh agus síleann siad go bhfuil an teanga deacair i gcomparáid le teangacha eile mar níl sé á teagasc ag leibhéal atá fóirsteanach dóibh. Ar an gcaoi chéanna níl sé dúshlánach go leor d’fhoghlaimeoirí chéad teanga agus tá siadsan thíos leis freisin mar thoradh.
Ach tá réiteach simplí ar an gceist má tá an toil ann.