GAEILGE na hARDTEISTE (PÁIPÉAR 2): TG4, an tSiria agus ‘Géibheann’ ar pháipéar indéanta eile

Léamthuiscintí, filíocht agus prós a bhí idir lámha i bPáipéar 2 de Ghaeilge na hArdteiste

GAEILGE na hARDTEISTE (PÁIPÉAR 2): TG4, an tSiria agus ‘Géibheann’ ar pháipéar indéanta eile

Níor bhain an dara páipéar Gaeilge aon bharrthuisle as scoláirí Ardteiste an tseachtain seo ná baol air.

B’amhlaidh an scéal i gcás Páipéar 1 agus más aon rud é bhí Páipéar 2 níos indéanta fós.

Is léamhthuiscintí, filíocht agus prós a bhí idir lámha sa scrúdú seo a mhair beagán sa bhreis ar thrí huaire an chloig.

Is é TG4 a bhí idir chamáin sa chéad léamhthuiscint le halt a bhí ‘bunaithe ar eolas ó fhoinsí éagsúla’.

Rinne sé cur síos ar bhunú agus ar fhorás an stáisiúin suas chomh fada le dearcadh an cheannasaí nua Alan Esslemont. Is í ceist a Sé is mó a éilíonn ar scoláirí luí amach orthu féin agus iarradh inniu orthu teacht ar shamplaí den bhriathar saor san aimsir láithreach agus briathar san aimsir fháistineach. Sa dara cuid iarradh orthu a dtuairimí a thabhairt faoi cad ina thaobh gur scríobhadh an t-alt.

As foinsí éagsúla a tháinig an dara léamhthuiscint chomh maith. Bhí sé seo bunaithe ar an gcogadh sa tSiria agus géarchéim na ndídeanaithe a d’eascair as. Arís eile ní raibh aon rud ródhúshlánach ann. I gceist a Sé iarradh orthu samplaí don tuiseal ginideach agus modh coinníollach a aimsiú mar aon le píosa a scríobh faoin mbealach a ndeachaigh an sliocht i bhfeidhm orthu féin.

Is ceist faoi shliocht as an úrscéal Hurlamaboc le hÉilís Ní Dhuibhne a bhí i rannóg an phróis. Bhí an cheist bunaithe ar an gcarachtar Lísín, rud nach dtiocfadh aniar aduaidh ar éinne. Samhlaítear Colscaradh agus Géibheann mar an dá dhán is fusa ar an gcúrsa agus ní foláir nó gur ligeadh osna mhór faoisimh eile nuair a bhí an dara ceann acu sin i rannóg na filíochta. 

Ní raibh aon speach anseo ach oiread, agus ceisteanna simplí go maith ann faoi chodarsnacht, tuairimí an léitheora agus saol/saothar an fhile. Bhí rogha fhairsing i rannóg na litríochta breise agus ceisteanna ginearálta, indéanta síos trí na sé rogha. Ceist faoi Phádraig Mac Cárthaigh a bhí ann i gcás An Triail agus ceist faoi thréithe Mhaidhc Dainín a bhí ann i gcás A Thig ná Tit Orm.

Páipéar indéanta nár bhain aon bharrthuisle in aon chor as an duine a bhí ullmhaithe go maith.

Fág freagra ar 'GAEILGE na hARDTEISTE (PÁIPÉAR 2): TG4, an tSiria agus ‘Géibheann’ ar pháipéar indéanta eile'