GAEILGE NA hARDTEISTE (PÁIPÉAR 1): Scrúdú neamhurchóideach nach mbainfeadh geit as aon duine

LÉIRMHEAS: Is beag a bhí ar Pháipéar Gaeilge 1 den Ardteistiméaracht a thiocfadh aniar aduaidh ar dhaltaí agus Trump agus cúrsaí Breatimeachta sa treis

GAEILGE NA hARDTEISTE (PÁIPÉAR 1): Scrúdú neamhurchóideach nach mbainfeadh geit as aon duine

An Ghaeilge, Ardleibhéal (Páipéar 1)

Lig scoláirí ardteiste osna mhór faoisimh astu ar maidin nuair a chonaiceadar go raibh rannóg na ceapadóireachta sa chéad pháipéar Gaeilge breac le topaicí simplí, indéanta.

Scrúdú neamhurchóideach nach mbainfeadh geit as aon duine a bhí os a gcomhair.

Go deimhin bheadh an breac tugtha ar an bport ag aon duine a chuaigh sa seans agus a d’fhoghlaim aistí faoi thopaicí tráthúla de ghlanmheabhair.

Drochtheist ar scrúdú é sin, a déarfadh mórán.

Ach le ‘seanfhondúirí’ cosúil le ‘foréigean’, ‘an córas oideachais’ agus ‘cúrsaí polaitíochta’ i measc na roghanna do na haistí is é is dóichí ná a mhalairt ná go raibh staidéar déanta ag scoláirí ar an-chuid de na topaicí.

‘An córas oideachais dara leibhéal in Éirinn,’ ba ea an chéad rogha agus thug seo deis do scoláirí a gcuid tuairimí a nochtadh faoin gcóras a bhfuilid gafa tríd le sé bliana anuas.

‘Scannail sa spórt’ ba ea an dara rogha, teideal a bhaineann macalla as an gconspóid a bhaineann le húsáid drugaí a chuireann le feidhmiú. ‘Is sochaí chothrom í sochaí na hÉireann sa bhliain 2017,’ ba ea an tríú rogha agus thug seo deis do scoláirí scríobh faoi mheascán mearaí d’ábhair.

Leis an bhfothragadh a leanann an triompallán Trump bhíothas ag súil le ceist éigin faoi iomaire na polaitíochta agus tháinig tuar faoin tairngreacht sin agus ‘Ceannairí  polaitiúla sa lá atá inniu ann’ mar rogha eile. Thug ‘An foréigean timpeall an domhain’ deis do scoláirí tabhairt faoina dtuiscint ar chúrsaí reatha a léiriú ar bhealach eile.

Ní raibh aon speach i rannóga na scéalta ach an oiread agus ceann de na seanfhocail is seanchaite sa Ghaeilge, ‘An rud is annamh is iontach’ mar ábhar inspioráide. Ina theannta sin, bhí deis ag scoláirí amhábhar scéil a bhaint as an teideal ‘Uaigneas.’

Bí cúrsaí reatha go mór chun cinn arís i rannóg na ndíospóireachtaí agus na n-óráidí. Ní hamháin gur tugadh an deis do scoláirí labhairt faoin maitheas (nó dochar) a dhéanfadh an Breatimeacht don tír seo, ach tugadh an deis dóibh chomh maith a bheith ag cur díobh faoi fhadhb tithíochta na tíre.

Thosaigh an páipéar, atá dhá uair agus 20 nóiméad ar fhad leis an gcluastuiscint.

Sa chuid seo chualathas píosaí faoin gcomhlacht drámaíochta Fíbín agus Robbie Keane mar aon le fógra d’fholúntas poist le Foras na Gaeilge.

– Is múinteoir Gaeilge agus comhfhreagraí de chuid Tuairisc.ie údar an ailt seo

Fág freagra ar 'GAEILGE NA hARDTEISTE (PÁIPÉAR 1): Scrúdú neamhurchóideach nach mbainfeadh geit as aon duine'

  • Mánus

    Neamhurcóideach dos na scoileanna Bhéarla! Cén dúshlán atá sa gcúrsa do scoláirí a labhrann an Ghaeilge sa bhaile nó dos na scoláirí sna Gaelcholáistí is an dornán scoil sa “Ghaeltacht” go mbíonn an teagasc tré mheán na Gaeilge?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Go dtí go mbeidh an Ghaeilge in a ábhar roghnaitheach agus bónas poinntí ag dul leis mar ábhar, ní bheidh aon réiteach ar an bhfadhb seo. Má bhíonn aon chuile dhuine Gaeilge a dhéanamh, seachas an dream a éiríonn leo diolúine a fháil, ná bí ag súil le caighdeán ard sa Ghaeilge. Breathnóidh formhór na macléinn ar an ábhar mar phionós agus éad orthu leis an dream a éiríonn leo an diolúine a fháil.