Gaeilge le cloisteáil ar scanóirí láimhe sa chéad siopa Tesco sa Ghaeltacht

Tá ‘Siopa an Phobail - Tesco’ á oscailt go hoifigiúil ar maidin ar na gCnoc in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara

Gaeilge le cloisteáil ar scanóirí láimhe sa chéad siopa Tesco sa Ghaeltacht

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tá ‘Siopa an Phobail’, an siopa aitheanta in Indreabhán, Conamara, ag athoscailt ina ollmhargadh Tesco inniu, agus ainm áitiúil Gaeilge an tsiopa á choinneáil.

Dúirt urlabhraí Tesco Ireland le Tuairisc go raibh “áthas” orthu go raibh an t-ainm ‘Siopa an Phobail’ á choinneáil dá n-ollmhargadh nua in Indreabhán, an chéad siopa Tesco sa Ghaeltacht.

Deir Tesco go bhfuil “tús áite” á thabhairt don Ghaeilge san ollmhargadh nua. Is “cainteoirí dúchais” iad formhór na ndaoine atá ag dul ag obair san ollmhargadh nua agus tá Gaeilge le cloisteáil ar na scanóirí láimhe agus seirbhísí féinfhreastail sa siopa, a dúradh.

Beidh an fhoireann chéanna ag obair san ollmhargadh faoi stiúir Majella Conneely, a bhí ina bainisteoir ar an siopa sular cheannaigh Tesco é ón chomhlacht ollmhargaí Joyces anuraidh.

Beidh na soláthróirí céanna ag ‘Siopa an Phobail – Tesco’ agus beidh an bhrandáil agus na dathanna céanna le feiceáil ar an siopa nua.

Mhol Conradh na Gaeilge go mbeadh seirbhísí féinfhreastail agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil sa chéad ollmhargadh Tesco Gaeltachta, mar atá acu i mBreatnais i siopa Tesco sa Bhreatain Bheag in áiteanna ina labhraítear an teanga sin.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc gur chóir go mbeadh cur chuige ‘ceannródaíoch’ ó thaobh na Gaeilge de ag an chomhlacht ollmhargaí Tesco agus a gcéad siopa sa Ghaeltacht á oscailt acu.

I mí Iúil seo caite, dúirt Tesco go ndeachaigh siad i mbun comhairle le hÚdarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeifear in ann freastal “mar is ceart ar phobal na Gaeltachta”.

Bhí cruinniú ag Údarás na Gaeltachta le hionadaí sinsearach as Tesco Ireland faoin siopa nua in Indreabhán ina dhiaidh sin agus lorg siad comhairle chomh maith ó Gaillimh le Gaeilge faoi na bealaí a bhféadfadh Tesco tacú le cur chun cinn na Gaeilge.

A fhad is a bhí obair athchóirithe á déanamh ar an siopa in Indreabhán, bhí fógraí i nGaeilge le feiceáil taobh amuigh den ollmhargadh agus ar veaineanna seachadta earraí grósaera Tesco sa cheantar.

Beidh ‘Siopa an Phobail – Tesco’ á oscailt go hoifigiúil ar maidin ag a 10am agus fáilte roimh mhuintir an cheantair cuairt a thabhairt ar an ollmhargadh nua.

Fág freagra ar 'Gaeilge le cloisteáil ar scanóirí láimhe sa chéad siopa Tesco sa Ghaeltacht'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Seo anois dea-shampla den aitheantas don Ghaeilg sa Ghaeltacht.
    An bhfuil Conradh na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, an ‘phleanáil teanga’, na rialtais áitiúla agus aon dream eile atá gníomhach i gcúrsaí Gaeilge, ábalta theacht le chéile agus cás a dhéanamh ar son na Gaeilge os comhair achan comhlacht miondíola eile atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht – ag úsáid an siopa seo agus dea-thoil Tesco mar dhea-shampla – chun iad a spreagadh leis an Ghaeilg a chuir chun cinn? i. Centra, Supervalu, Spar, Eurospar, Aldi, Lidl, comharchumainn macasamhail The Cope ar An Clochán Liath i dTír Chonaill agus na siopaí beaga príobháideacha uilig atá ag déanamh gnó sa Ghaeltacht. Tá cógaslann anseo sa Ghaeltacht i dTír Chonaill i ndiaidh comharthaí i mBéarla amháin a chrochadh thart ar an chógaslann le gairid – bíodh is go bhfuil an ‘phleanáil teanga’ ar bun le chóir bheith 7 mbliana! Tá sármhargadh Supervalu suite ar An Chlochán Liath ach ní fheicim go bhfuil iarracht ar bith á dhéanamh acu leis an Ghaeilg a chuir chun cinn. Níl oiread agus comhartha amháin sa tsiopa sin le Gaeilg air. Ba mhaith liom na hadmhálacha ceannacháin a thógtar ó achan siopa/gnó sa Ghaeltacht bheith i nGaeilg amháin. Níl leithscéal ar bith ag custaiméirí/tomhaltóirí sa lá atá inniu ann aistriúchán a fháil ar an Ghaeilg ón idirlín. Agus níl leithscéal ar bith ag lucht gnó inse do chustaiméirí/thomhaltóirí go dtig an Ghaeilg a aistriú le do ghuthán póca.
    Chonaic mé fear ón Rúis roinnt blianta ó shoin ag úsáid aip le foirm Béarla a aistriú go Rúisis tré’n fhoirm a scanadh lena ghuthán póca. D’aistrigh an aip an Béarla go Rúisis ar an toirt. An bhfuil a leithéid ar fáil leis an Ghaeilg a aistriú go teangacha eile?
    Agus de réir a chéile tá uathmheaisíní bainc (UMB) ó chomhlachtaí eile á lonnú ar fud na tíre (bhfuil siad níos saoire?) agus gan rogha Gaeilge ar bith orthu. Má bhíonn orm iad a úsáid déanaim an rogha Fraincís nó Gearmáinis a úsáid. Ba ghnáth le rogha Gaeilge bheith ar UMB Bhanc na hÉireann ach tá siad sin ag imeacht agus cinn Eorpach á chuir ina n-áit – agus tá neamhaird iomlán déanta don Ghaeilg iontu siúd atá sa bhalla taobh amuigh den bhainc. Dar ndóighe ba cheart an rogha Gaeilge bheith ar achan mheaisín bainc ar fud na tíre.
    …’Is ‘cainteoirí dúchais’ iad formhór na ndaoine atá ag dul ag obair san ollmhargadh…’ an bhfuil plean ar bith ann an Ghaeilg bheith ag achan oibrí sa tsiopa agus, de thoradh air sin, an Ghaeilg bheith mar theanga oibre ann? Nach seo ceann de na spriocanna a bhaineann leis an Ghaeltacht? Nach mbeadh seo ina sprioc ag an ‘phleanáil teanga’ fosta?