Gaeilge foghlamtha ag ‘Spider-Man’ do scannán nua a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

D’fhoghlaim Tom Holland, an t-aisteoir is deireanaí i bpáirt an laoich ‘Spider-Man’, scannán atá sna pictiúrlanna faoi láthair, an Ghaeilge dá ról sa scannán ‘Pilgrimage’ a thaispeánfar i nGaillimh an tseachtain seo

Gaeilge foghlamtha ag ‘Spider-Man’ do scannán nua a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Chaith Tom Holland, atá le feiceáil sa scannán nua Spider-Man Homecoming, sé seachtaine i nGaeltacht na Gaillimhe ag foghlaim na Gaeilge dá ról i scannán a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo.

Agus an scannán Pilgrimage, a bheidh á thaispeáint Déardaoin ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, á thaifeadadh ag an aisteoir Sasanach in 2015, chaith sé mí go leith i gConamara ag foghlaim na Gaeilge dá ról mar bhráthair óg, ‘Brother Diarmuid’, agus é ar oilithreacht go dtí an Róimh as Éirinn.

Fadscannán uair go leith atá i Pilgrimage agus tuairiscítear ar The Times gur Gaeilge a bhíonn á labhairt ag na carachtair ar feadh an cheathrú cuid den scannán, na haisteoirí Sasanacha Tom Holland agus  Richard Armitage, ó The Hobbit, agus an Meiriceánach Jon Bernthal, ó The Walking Dead, ina measc.

Dúirt léiritheoir an scannáin, Conor Barry, gur chaith H0lland “go leor leor ama” le cóitseálaí canúna agus le “saineolaí Gaeilge” agus é ag ullmhú don ról.

“Scannán thar a bheith fisiciúil a bhí ann, ach bhí brú intleachta ag baint leis freisin do Tom, bhí sé an-chrua an oiread sin Gaeilge a labhairt agus blas na hÉireann a chur ar a chuid Béarla,” a dúirt Barry.

Tá an scannán lonnaithe in Éirinn sa 13ú haois, tráth a labhraítí an Ghaeilge Chlasaiceach, teanga choiteann na hÉireann agus na hAlban as ar eascair Gaeilge agus Gàidhlig an lae inniu.

Dúirt Barry gur thaitin an script leis ó cuireadh chuige í den chéad uair seacht mbliana ó shin agus go raibh spéis aige tréimhse i stair na hÉireann nár léiríodh ar an scáileán chomh minic sin a chíoradh.

Taifeadadh an scannán, ar cuireadh síos air i léirmheas mar “scannán faoi thuras marfach bóthair ar nós Apocalypse Now nó Mad Max, ach a bhfuil casadh Caitliceach curtha ann”, ar chósta an Atlantaigh i gcontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo chomh maith le radharcanna áirithe sa Bheilg.

Is as Contae Thiobraid Árann do sheanmháthair Holland agus tá go leor ama caite aige sa tír seo idir chuairteanna ar a mhuintir agus thograí scannánaíochta eile.

Fág freagra ar 'Gaeilge foghlamtha ag ‘Spider-Man’ do scannán nua a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe'