Gaeilge FIFA ina díol suntais ag daoine agus ‘Tuaisceart Éireann’ curtha ar an mapa acu

Bhí 'Tuaisceart Éireann' agus 'Northern Ireland' le feiceáil ar an scáileán i Zürich inniu agus an tarraingt á déanamh ag FIFA do bhabhtaí cáilithe Chorn an Domhain 2018

Gaeilge FIFA ina díol suntais ag daoine agus ‘Tuaisceart Éireann’ curtha ar an mapa acu

Agus an tarraingt á déanamh do bhabhtaí cáilithe Chorn an Domhain 2018 in Zürich inniu, bhí ainmneacha na bhfoirne a bhí sa phota go dátheangach ag FIFA, agus ‘Tuaisceart Éireann’ le feiceáil ar an scáileán in éineacht le ‘Northern Ireland’ le linn na hócáide.

Thug lucht Twitter suntas don scéal gur aithin FIFA an Ghaeilge mar theanga dhúchais an Tuaiscirt agus rinneadh ceangal idir an rogha sin agus an t-éileamh ar reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh.

Bhí lucht leanúna na hÉireann go háirithe an-tógtha leis an scéal agus iad den tuairim nach mó ná sásta a bheadh lucht leanúna an Tuaiscirt a bheith luaite leis an nGaeilge.

Mheabhraigh rogha teangacha FIFA do dhaoine eile an chonspóid atá ó thuaidh faoi láthair maidir leis an éileamh ar reachtaíocht teanga do phobal na Gaeilge.

Cé gur údar gáire den chuid is mó a bhí i gcinneadh FIFA aitheantas a thabhairt don Ghaeilge le linn na hócáide i Zürich inniu, bhí roinnt daoine míshásta faoin gcinneadh:

Fág freagra ar 'Gaeilge FIFA ina díol suntais ag daoine agus ‘Tuaisceart Éireann’ curtha ar an mapa acu'