Gaeilge Dhún na nGall ‘inbred’, arsa Al Porter… ach ní raibh ina ráiteas ach ‘giota beag craic’

Tá cáineadh á dhéanamh ar an bhfear grinn Al Porter as ráiteas a rinne sé i gcolún nuachtáin faoi Ghaeilge Dhún na nGall, ach deir sé féin nár cheart aon cheann a thógáil don mhéid a scríobhann sé

Gaeilge Dhún na nGall ‘inbred’, arsa Al Porter… ach ní raibh ina ráiteas ach ‘giota beag craic’

Al Porter

Tá cosaint déanta ag an bhfear grinn Al Porter ar ráiteas conspóideach a rinne sé faoi Ghaeilge Dhún na nGall ina cholún ar an Irish Daily Star.

Ag tagairt dó don scéal go mba mhaith leis an aisteoir Matthew McConaughey a leanaí a chur ag foghlaim na Gaeilge sa Ghaeltacht, scríobh Porter go mb’fhearr don réalta Holywood a chlann a chur go dtí an Ghaillimh seachas go dtí Dún na nGall.

Thug Porter le fios go raibh taithí aige ar Ghaeilge Dhún na nGall toisc gur mó samhradh a chaith sé in Árainn Mhóir.

Ach ba í an chúis eile a luaigh sé leis an gcomhairle a bhí aige do McConaughey a thuill caitheamh anuas agus cáineadh ó mhuintir Dhún na nGall ar na meáin shóisialta.

“Donegal Irish is one inbred child away from becoming a series of clicks and winks,” a scríobh an fear grinn.

Cuireadh i leith Porter ar na meáin shóisialta go raibh a ráiteas ‘maslach’ agus ‘díspeagúil’.

Screen Shot 2016-09-28 at 23.04.25

Dúirt Porter féin anocht ar a leathanach Facebook nár cheart aon cheann a thógáil don mhéid a scríobhann sé ina cholún nuachtáin. “Just being a ‘bit of craic’… Not stuff to be taken seriously!” a dúirt Porter.

Bhí, a dúirt sé, ‘pot shots’ nó ‘jokes’ sa cholún céanna faoin iliomad ábhar, ina measc a cheantar dúchais féin, Tamhlacht.

Tá seó grinn as Gaeilge déanta ag Al Porter leis an meitheal ghrinn GaelGÁIRÍ.

 

 

Fág freagra ar 'Gaeilge Dhún na nGall ‘inbred’, arsa Al Porter… ach ní raibh ina ráiteas ach ‘giota beag craic’'