
Tá sé tugtha le fios ag an gcomhairleoir contae Mícheál Choilm Mac Giolla Easpuig gur i nGaeilge amháin a labhróidh sé ag cruinnithe na comhairle contae i nDún na nGall go dtí go gcuirfear seirbhís aistriúcháin ar fáil ar fud na comhairle. Dúirt an comhairleoir neamhspleách le Tuairisc.ie go labhraíonn sé Gaeilge 99% den am ag gnáthchruinnithe na comhairle ach go gcreideann sé go mba cheart go mbeadh sé in ann í a labhairt am ar bith ag cruinniú ar bith inti.
Bhí Mac Giolla Easpuig ag caint ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a mhínigh croí na faidhbe le seirbhísí ateangaireachta sa chomhairle.
Mar a sheasann sé faoi láthair, féadann comhairleoirí contae Dhún na nGall an Ghaeilge a labhairt i gcruinnithe áirithe ag amanna áirithe ach tá amanna eile nuair is gá an méid a dúradh i nGaeilge a athrá i mBéarla ar mhaithe leo sin nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.
Chuir an Comhairleoir Mac Giolla Easpuig rún os comhair na gcomhairleoirí go mbeadh seirbhís chomhuaineach ateangaireachta do gach cruinniú a reáchtálfaidh an chomhairle contae. Diúltaíodh scun san don rún – rud a chuir “díomá” ar an gcomhairleoir Mac Giolla Easpuig, a dúirt go raibh sé ag súil le tacaíocht óna chomhairleoirí Gaeltachta agus comhairleoirí eile a raibh an Ghaeilge acu.
“Bhí mé ag súil le tacaíocht John Shéamuis, mar tá grá aige don Ghaeilge; labhraíonn sé an Ghaeilge an chuid is mó den am, chuir sé iontas orm go raibh sé maith go leor Gaeilge agus ansin Béarla a labhairt. Mar a dúirt mé, tá grá mór aige don teanga,” a dúirt Mac Giolla Easpuig.
Dúirt sé freisin gur thuig sé gur ceist foirne agus airgid a bhí ann ach gur féidir seirbhísí a fháil má chuirtear brú ar an gComhairle Contae. Dúirt sé go raibh sé ag súil go n-iompódh na comhairleoirí eile ar an nGaeilge nuair nach mbeadh an Béarla á labhairt aige féin ag an gcruinniú agus go gcuirfí brú ar an gcomhairle ar an gcaoi sin.