Gaeilge agus Ultais le feiceáil ar shuaitheantas chumann CLG nua in oirthear Bhéal Feirste

Tá craenacha Harland agus Wolff, éirí na gréine, an lámh dhearg, seamróg agus feochadán le feiceáil ar an suaitheantas chomh maith

Gaeilge agus Ultais le feiceáil ar shuaitheantas chumann CLG nua in oirthear Bhéal Feirste

Pictiúir: East Belfast GAA/Twitter

I nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais atá mana chumann CLG nua in oirthear Bhéal Feirste.

‘Le Chéile’ atá le feiceáil ar shuaitheantas CLG Oirthear Bhéal Feirste, chomh maith leis an leagan Béarla, Together agus an focail Ultaise Thegither.

Bunaíodh an cumann mí Bealtaine le linn na dianghlasála agus é mar aidhm ag a bhunaitheoirí béim a chur ar an gcaidreamh trasphobail i mBéal Feirste.

Tá craenacha Harland agus Wolff, éirí na gréine, an lámh dhearg, seamróg agus feochadán le feiceáil ar an suaitheantas chomh maith.

Tá suas le 150 duine tar éis ballraíocht a ghlacadh leis an gcumann cheana féin agus foirne peile d’fhir agus do mhná agus foirne iomána agus camógaíochta á gcur chun páirce acu.

D’imir foirne an chumainn cluichí den chéad uair an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag glacadh páirt i gcomórtais CLG an Dúin.

Is í Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste agus aontachtóir, uachtarán an chumainn nua.

Tá ráite ag Ervine go raibh imní uirthi faoi conas mar a rachadh an scéal i bhfeidhm ar dhaoine ach go gcaithfear dúshlán a thabhairt do na daoine a bhí i gcoinne an togra.

Labhair Ervine amach an tseachtain seo faoi na maslaí a chaitear léi ar líne mar thoradh ar an obair atá á déanamh aici.

“Níl sna maslaí ach iarracht beag is fiú a dhéanamh de do chuid oibre,” a dúirt Ervine sa Belfast Telegraph.

“Nuair nach bhfuil tada acu chun ionsaí a dhéanamh orm, bíonn orthu bréaga a chumadh.”

Fág freagra ar 'Gaeilge agus Ultais le feiceáil ar shuaitheantas chumann CLG nua in oirthear Bhéal Feirste'