Gaeilge ag fear Alliance ina chéad óráid mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste

Ní bheidh Michael Long, fear céile cheannaire an pháirtí Alliance, Naomi Long, ina mhéara ach ar feadh trí seachtaine

Gaeilge ag fear Alliance ina chéad óráid mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste

Is i nGaeilge a chuir Ard-Mhéara nua Bhéal Feirste tús lena aitheasc oscailte os comhair Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo. Ag cruinniú míosúil de chuid na Comhairle, ba i nGaeilge a chuir an Comhairleoir de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta (Alliance), Michael Long, é féin in aithne mar an méara nua. Dúirt sé go raibh “áthas air a bheith mar Ard-Mhéara nua ar Bhéal Feirste”.

Is é Michael Long fear céile cheannaire an pháirtí Alliance, Naomi Long, agus ní bheidh sé ina mhéara ach ar feadh trí seachtaine, an tréimhse is gaire a bhí ag aon mhéara sa chathair go dtí seo. Toghadh an t-iarmhéara Kate Nicholl mar theachta de chuid Alliance chuig Tionól Thuaisceart Éireann le deireanaí.

Ghabh an Comhairleoir Ciaran Beattie ó Shinn Féin buíochas leis an méara nua as “an suíochán a choinneáil te”. Ainmneofar an chéad mhéara eile as ionadaithe tofa Shinn Féin sa gComhairle.

Dúirt an tArd-Mhéara nua, Michael Long, go bhfuil an-bhród air gurb é an dara Ard-Mhéara ar Bhéal Feirste a rugadh i gCeanada, agus an dara Ard-Mhéara as a chéile a rugadh thar lear.

Dúirt sé go dtugann sé sin teachtaireacht an-dearfach go bhfuil an chathair oscailte agus fáilteach agus í ag iarraidh freastal ar gach éinne sa tsochaí.

Fág freagra ar 'Gaeilge ag fear Alliance ina chéad óráid mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste'