Gach seans go mbeidh sé le rá gur ar an 13 Iúil a bhuaigh Donald Trump toghchán 2024

Tá an dúrud cosúlachtaí idir an iarracht Donald Trump a chur den saol an deireadh seachtaine seo caite agus iarracht Jair Bolsonaro a chur den saol in 2018, ach tá difríocht mhór mhillteach amháin idir an dá chás

Gach seans go mbeidh sé le rá gur ar an 13 Iúil a bhuaigh Donald Trump toghchán 2024

Cá bhfuil sé seo feicthe cheana agam? a d’fhiafraigh mé díom féin ag an deireadh seachtaine nuair ba bheag nár dúnmharaíodh Donald Trump.

I dtús Mheán Fómhair 2018, a d’fhreagair mo chuimhne ar an bpointe boise, nuair ba bheag nár dúnmharaíodh iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl, Jair Bolsonaro, ag slógadh toghchánaíochta.

Sa bholg a sádh Bolsonaro agus sa chluas a caitheadh Trump.

Ghabh póilíní na Brasaíle an t-ionsaitheoir, Adélio Bispo de Oliveira, agus tá sé i bpríosún ó shin. Lámhach póilíní Mheiriceá Thomas Matthew Crooks ar an toirt.

Ach is mó líon na gcosúlachtaí idir an dá chás ná líon na ndifríochtaí.

Fir anaithnide a ghníomhaigh go hiomlán leo féin más fíor a bhí sna hionsaitheoirí.

Ionsaithe a bhí sa dá ionsaí a bheadh marfach dá mbeadh amas oiread na fríde níb fhearr ag na hionsaitheoirí.

Ag slógaí i mbailte nár chuala éinne fúthu riamh agus nach mbeadh súil ag an lucht slándála le hionsaithe iontu (Juiz de Fora agus Butler) ach atá lonnaithe i stáit fhíorthábhachtacha ó thaobh na dtoghchán de (Minas Gerais agus Pennsylvania) a tharla an dá ionsaí.

Agus gan dabht tá cosúlachtaí móra millteacha idir Donald Trump agus Jair Bolsonaro iad féin, agus go deimhin idir lucht leanúna na beirte, ó thaobh na polaitíochta de.

Ach an ghné is mó atá i gcoitinne ag an dá chás ná an tionchar a bhí ag na hionsaithe. Thar oíche, rinneadh mairtírigh as an mbeirt.

Bhí cónaí orm sa Bhrasaíl nuair a sádh Bolsonaro sa bholg agus is maith is cuimhin liom go mbínn féin agus go leor daoine eile ag déanamh beag is fiú dá sheansanna, mar iarrthóir, go dtí an 6 Meán Fómhair 2018. D’athraigh sé sin ar an bpointe boise an mhaidin úd.

Gach seans go bhféadfar a rá, i gceann ceithre mhí, gur ar an 13 Iúil a bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta 2024 seachas ar an 5 Samhain.

Gan dabht, spreag an iarracht Jair Bolsonaro a chur den saol go leor teoiricí comhcheilge, ach níor cruthaíodh aon cheann acu riamh.

Gan dabht, tá go leor ceisteanna á gcur maidir leis an iarracht Donald Trump a dhúnmharú freisin. Is gá go gcuirfí na ceisteanna sin, ach ní iriseoir iniúchta mise agus ní fúmsa atá sé breis ola a chaitheamh ar na tinte áirithe sin.

Go deimhin, d’ainneoin na gcosúlachtaí ar fad idir an dá chás, tá difríocht ollmhór idir na hiarrachtaí Jair Bolsonaro agus Donald Trump a dhúnmharú.

Ní raibh in Jair Bolsonaro, nuair a ionsaíodh é, ach iarrthóir amháin i measc go leor iarrthóirí eile; go deimhin bhí neart Brasaíleach ann nár chuala faoin bhfear céanna riamh go dtí gur sádh sa bholg é.

Ní féidir an rud céanna a rá faoi Donald Trump.

Gan dabht, bhí Trump ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe cheana féin roimhe seo. Ach ní hamháin sin, tá ag éirí chomh dona sin lena chéile comhraic Joe Biden san fheachtas toghchánaíochta le deireanas go bhfuil go leor daoine i bpáirtí Biden féin, na Daonlathaigh, ag impí air siúd seasamh siar agus ligean d’iarrthóir éigin eile aghaidh a thabhairt ar Trump.

I bhfocail eile: ní hionann agus Jair Bolsonaro ag an am, ar éigean go mbeadh miotas mairtíreachta ag teastáil ó Donald Trump le go mbeadh an lámh in uachtar aige i dtoghchán mhí na Samhna.

Idir an dá linn, tá a dhorn á chroitheadh san aer ag Trump ag comhdháil na bPoblachtánach i gcathair Milwaukee, a thosaigh inné, díreach mar a rinne sé cúpla soicind tar éis an iarracht é a chur den saol – é ag teacht i dtír, go hiomlán mar a bheifeá ag súil leis, ar eachtraí an deireadh seachtaine. Agus tá iarrthóir don leasuachtaránacht roghnaithe aige a mbeidh tóir ar leith air ag an aos óg bán a bhraitheann go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste: J.D. Vance, fear 39 mbliana d’aois as an Rust Belt, ceantar iarthionsclaíoch bocht a bhfuil stát dúchais Vance, Ohio, ina cheartlár agus inar chaith go leor daoine vóta do Trump i dtoghcháin uachtaránachta 2020 agus 2016.

Fág freagra ar 'Gach seans go mbeidh sé le rá gur ar an 13 Iúil a bhuaigh Donald Trump toghchán 2024'