Gach seans ann go bhfeicfidh muid Luimneach agus an Clár arís i gcluiche ceannais na hÉireann

Tiocfaidh deireadh le séasúir dhá fhoireann an deireadh seachtaine seo agus réamhbhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe le himirt

Gach seans ann go bhfeicfidh muid Luimneach agus an Clár arís i gcluiche ceannais na hÉireann

Bhuel chríochnaigh Craobh na Mumhan ar an bhealach céanna le cuid maith de na cluichí eile a bhí ann i mbliana, muid in amhras go dtí an poc deireanach cé a bhuafadh.

Gan dabht, bhí ábhar gearáin ag an gClár nuair nár tugadh poc saor dóibh ag an deireadh agus is dócha go raibh an ceart ag bainisteoir agus muintir an Chláir a bheith ar buile ach bhí a ndóthain seansanna acu roimhe sin chun an cluiche a bhuachaint, go háirithe sa cheathrú dheireanach nuair a chuireadar an iomad iarrachtaí ar fóraoil agus gearr.

Tá mórán ceisteanna freisin faoi chinneadh a rinne bainistíocht an Chláir Cian Nolan, imreoir nach bhfuil mórán taithí aige ag an leibhéal seo, a chur ar Aaron Gillane, duine des na tosaithe is fearr sa tír agus tosaí atá ag déanamh go han-mhaith i mbliana, agus ansin é a fhágaint air ar feadh caoga nóiméad.

Mar thoradh ar na botúin sin go léir, tá na seaimpíní fós ina seasamh agus slí faighte ag Luimneach chun na dianchoimhlintí seo go léir a bhuachan. Ach tá an bhearna idir iad agus na foirne eile laghdaithe agus ní bheinn chomh siúráilte gurb iad a chrochfaidh sCorn Mhic Cárthaigh i mbliana.

Ag an bpointe seo anuraidh bhí caint faoi Luimneach agus an Clár bheith ag bualadh lena a chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann. Ar ndóigh, níor tharla san ach ceapaim go bhfuil seans níos mó go dtarlóidh sé i mbliana.

Bhí críoch spleodrach le cúrsaí i gcúige Laighean freisin. Bhí tréimhsí in uachtar ag an dá fhoireann ach bhí an chuma ar an scéal, agus an fhead dheiridh ag teannadh linn, go mbeadh an corn ag dul siar ach, is amaideach an dream (mé fhéin san áireamh) a dtagann amhras uaireanta orthu faoi dhintiúir Cihll Chainnigh roimh aon chluiche mór. Agus arís, mar atá déanta acu go rímhinic, leanadar leo go dtí an fhead dheiridh. Ach cén sórt pleidhcíocht a bhí ar siúl ag imreoirí na Gaillimhe sa phaiste imeartha dheireanach sin os comhair chúl na Gaillimhe. Bhí dóthain seansanna ann chun an sliotar a ghlanadh amach.

Tháinig Cill Chainnigh i dtír ar an meascán mearaí ar imreoirí ‘saonta’ na Gaillimhe chun cúl an bhua a scóráil. Tá an-mheas agam le fada an lá ar an scórálaí Cillian Buckley agus cé nach imreoir a roghnaítear ar an gcéad chúigear déag rómhinic le cúpla bliain, tá sé fós sásta an cruatan a fhulaingt ar na láithreacha éagsúla traenála chun a bheith ainmnithe ar an bpainéal do na cluichí tábhachtacha seo. Agus thaispeáin sé go bhfuil speach sa seanfhondúir fós leis an gcúl luachmhar déanach san.

Leanann an chraobh ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus cluiche cinniúnach ann do dhá chontae eile. Beidh an t-aicsean go léir ar siúl inniu – Ceatharlach ag tabhairt faoi Bhaile Átha Cliath i Netwatch Cullen Park agus Uíbh Fhailí sa bhaile i gcoinne Thiobraid Árann.

Bhí ardchluiche idir Ceatharlach agus Uíbh Fhailí i gcluiche ceannais Joe McDonogh agus Ceatharlach a thug leo an corn i ndiaidh am breise.

Is iontach an contae é Ceatharlach ó thaobh na hiomána de, iad ag feidhmiú le cúpla club sinsir. Ach an cheist mhór ná an bhfeicfimid an bhearna idir Corn Mhic Dhonncha agus Corn Mhic Cárthaigh? An mbeidh Tiobraid Árann i bhfad níos fearr ná Uíbh Fhailí?

Agus an mbeidh sé mar an gcéanna ag Áth Cliath agus Ceatharlach? Ceapann na gheallghlacadóirí nach bhfuil seans ag foirne Chorn Mhic Dhonncha. Nílim róchinnte faoi sin ach beidh ionadh orm ach mar sin féin mura mbeidh an bua foirne Mhic Cárthaigh ag an deireadh.

Fág freagra ar 'Gach seans ann go bhfeicfidh muid Luimneach agus an Clár arís i gcluiche ceannais na hÉireann'