Gach fear is a dhomhan féin ach…

FRIOTAL: Ní gan dua a mhínítear an difear idir focail áirithe sa Ghaeilge, a deir ár gcolúnaí

Cartoon 1

Tá an Ghaeilge ródheacair, shílfeá, le go mbeifí ag cumadh rialacha gan dealramh a chuireann le hualach na foghlama is na ceartúsáide. Nach iontach, mar sin, an dúil a bhíonn ag daoine dealú saorga a dhéanamh idir focail atá ar aon bhrí? Bhí saoi le Gaeilge (féincheaptha) ar mo lucht aitheantais san ollscoil. Ní iarradh sé de phléisiúr ach ag miniú an ‘difear’ idir ‘gnúis’ agus ‘aghaidh’ nó idir ‘fearthainn’ agus ‘báisteach’. “Sórt ceobhráin atá san fhearthainn,” a d’fhógair an saoi. “Cith trom nó clagarnach atá i gceist le báisteach.” Monuar nach raibh mo sháith Gaeilge agam san am le go bhfiafróinn de cá gcuirfeadh sé ‘ceobháisteach’ sa scéimre sin.

Is fíor, dar ndóigh, go bhfuil difríochtaí caolchúiseacha ann idir focail áirithe atá an-ghar dá chéile ó thaobh na céille de agus gur cheart na difríochtaí sin a thabhairt slán. Fadó fadó, agus ‘Cuir Gaeilge Air’ á scríobh agam, chuir mé romham alt beag a scríobh faoi ‘saol’ agus ‘domhan’ – dhá fhocal a bhíonn trína chéile ag daoine. Cheistigh léirmheastóir amháin éirim an ailt sin agus ní shéanfainn nach raibh cuid den cheart aige. Obair dheacair atá ann, in éagmais foclóir Gaeilge–Gaeilge. Fós féin, ní dócha gur mise an t-aon duine amháin a gheobhadh blas aisteach ar abairtí mar seo thíos:

Chuir domhan an cheoil fáilte romham.

Comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a chothú idir domhan na n-ealaíon agus an earnáil ghnó.

‘Lucht an cheoil’ ab fhearr sa chéad abairt, dar liom. Nuair a léigh mé ‘domhan na n-ealaíon’, d’aithin mé láithreach gur ‘the arts world’ atá i gceist, is é sin ealaíontóirí agus na heagraíochtaí a mbíonn siad ag plé leo. Bíodh is gur thuig mé an abairt, rinne mé í a leasú i m’aigne féin, go ‘saol na n-ealaíon.’ Dá n-iarrfaí orm sin an leasú sin a mhíniú, déarfainn gur rud nithiúil, fódúil is ea ‘domhan’ – pláinéad, cuir i gcás.

Is ea, is maith atá a fhios agam go n-úsáidtear ‘domhan’ go meafarach. Bíonn ‘domhain fhíorúla’ á gcruthú ag dearthóirí cluichí ríomhaireachta nach bhfaighfeá do lámh a leagan orthu. Chuaigh Oirféas ar aistear go ‘Domhan na Marbh’ ag iarraidh tarrtháil a thabhairt ar a bhean chéile, agus is cinnte nár phláinéad é sin.

Daoine atá i gceist le frásaí mar ‘Beidh an bua agam, in ainneoin an domhain mhóir’ – is é sin in ainneoin gach uile dhuine beo. Úsáidtear ‘domhan’ i gciall theibí eile, chun trácht ar eispéiris agus ar bhraistintí:

Ina theannta sin thuig Pearse [Hutchinson] an tsaoirse a bhí ar fáil dó i ndomhan na Gaeilge, domhan a bhí iomlán éagsúil le domhan an Bhéarla.

Ina ainneoin sin ar fad, measaim gur fearr go mór ‘saol’ chun trácht ar ‘milieu’. ‘Réimse saoil’ a deirtear, murab ionann agus ‘réimse domhain’.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

 

Fág freagra ar 'Gach fear is a dhomhan féin ach…'

  • Páid Ó Donnchú

    Is ea go deimhin, níl aon saol chomh maith le saol na Marbh.

  • Mise Åine

    ‘Tá an Ghaeilge ródheacair..’ arsa Béarlóir liom. tráth den, ahem, saol. `For example… ‘ ar sé liom, ‘… where is the ‘h’ in the word ‘siúcra’!? ‘ ‘ Probably, … ‘ arsa mé fhéin leis, ‘… with the’ ‘h’ in the word ‘sugar’…’