Gach eolas a bheadh uait faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019…

Reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 an deireadh seachtaine seo i gCorca Dhuibhne agus caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar an deireadh seachtaine mór caide

Gach eolas a bheadh uait faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019…

Céard a bheidh ar siúl?

Bíonn deireadh seachtaine mór peile áit éigin sa Ghaeltacht deireadh seachtaine na Cincíse gach bliain. I gCorca Dhuibhne a bheidh an fhéile mhór peile agus siamsaíochta an deireadh seachtaine seo. Comórtas stairiúil é ceann na bliana seo agus an comórtas ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe.

Cathain a bheidh sé ar siúl?

Imreofar na cluichí uile thar cheithre lá, idir Dé hAoine an 1 Meitheamh agus Dé Luain an 4 Meitheamh.

Imreofar an chéad chluiche oíche Dé hAoine nuair a thabharfaidh an fhoireann bhaile, An Ghaeltacht, aghaidh ar Lios Póil i gcraobh shóisir na bhfear ag 7.00pm ar pháirc Ghallarais. Beidh cluichí i gcomórtais na bhfear agus i gcomórtais na mban ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus tiocfaidh deireadh leis an bhféile nuair a imreofar na cluichí ceannais Dé Luain.

Cá mbeidh sé ar siúl?

Is é Cumann Caide na Gaeltachta atá ag reáchtáil Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Is é seo an tríú huair go mbeidh an comórtas ar siúl ann. Bhí sé i nGallaras cheana i 1985 agus i 1990.

Tá forbairt déanta ag an gcumann ar pháirc Ghallarais do chomórtas na bliana seo agus páirc iomlán nua tógtha acu chomh maith. Imreofar roinnt de na cluichí i gcomórtais na mban ar Pháirc Sheáin Baróid i Lios Póil Dé Sathairn.

Socruithe taistil don chomórtas?

Ar ndóigh, beidh neart spásanna páirceála ann dóibh siúd a bheidh ag tiomáint chuig na cluichí i nGallaras. Beidh dhá sheirbhís bus á rith le linn an deireadh seachtaine chomh maith. Beidh ceann ag dul soir siar idir Lios Póil, an Daingean agus Gallaras agus ceann eile ag dul idir Ceann Trá, Bhaile an Fheirtéaraigh agus Gallaras. Costas €5 an turas a bheidh ar an mbus.

Cé a bheidh ag imirt?

Beidh suas le 30 foireann ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo. Beidh ionadaithe ó nach mór gach ceantar Gaeltachta sa tír ag teacht go Corca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo agus beidh trí fhoireann chathrach ag glacadh páirt sa chomórtas chomh maith, na Gaeil Óga as Baile Átha Cliath, Laochra Loch Lao as Béal Feirste agus Gaeil na Gaillimhe ó chathair na Gaillimhe.

Craobh Shinsir na bhFear: Bhulf Tón (An Mhí), Oileáin Árann (Gaillimh), Cill Chartha (Dún na nGall), Cill tSéadhna (Maigh Eo), Cill na Martra (Corcaigh), An Rinn (Port Láirge), Daingean Uí Chúis (Ciarraí) agus an Ghaeltacht (Ciarraí).

Craobh Shóisir na bhFear: An Ghaeltacht (Ciarraí), Lios Póil (Ciarraí), An Fhairche (Gaillimh), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath), Gaoth Dobhair (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim), Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh), An Seanphobal (Port Láirge), Na Dúnaibh (Dún na nGall), Cill Chomáin (Maigh Eo).

Craobh Shinsir na mBan: Naomh Muire (Dún na nGall), Maigh Cuilinn (Gaillimh), Gaeil an Deiscirt (Ciarraí), Gleann Fhinne (Dún na nGall).

Craobh Idirmheánach na mBan: Corca Dhuibhne (Ciarraí), Naomh Abán (Corcaigh).

Craobh Shóisir na mBan: Na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath), Daingean Uí Chúis (Ciarraí), Gaeil na Gaillimhe (Gaillimh), Laochra Loch Lao (Aontroim), Cill Chomáin (Maigh Eo).

Cá mbeidh teacht ar na cluichí mura mbeidh tú ann?

Beidh ceithre cinn de na cluichí le feiceáil beo ar TG4. Tráthnóna Dé Domhnaigh, déanfar craoladh beo ar na cluichí leathcheannais i gcraobh shinsir na bhfear. Tosóidh an craoladh ag 5.35pm.

Taispeánfar na cluichí ceannais i gcraobhacha na bhfear Dé Luain. Cuirfear tús leis an gcraoladh ag 1.00pm.

Beidh clúdach cuimsitheach á dhéanamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na cluichí in iarthar Duibhneach an deireadh seachtaine go léir.

Beidh cluichí agus imeachtaí an chomórtais ar RnaG ó 11.00am go dtí 9.00pm Dé Sathairn, óna 1.15pm go dtí 9.00pm Dé Domhnaigh agus idir 11.00am agus 6.00pm Dé Luain.

Beidh Tuairisc.ie ar an láthair chomh maith le linn an deireadh seachtaine agus tuairiscí agus gailearaithe a bhfoilsiú againn ón gcomórtas.

Fág freagra ar 'Gach eolas a bheadh uait faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019…'