
Níl cártaí bainc de chuid Bhanc na hÉireann ag obair faoi láthair, agus ní fios cathain a réiteofar an fhadhb. Baineann an fhadhb le cártaí dochair nach bhfuil ag obair do chustaiméirí faoi láthair i siopaí ná in uathmheaisíní.
Tá Banc na hÉireann “ar an eolas” faoin bhfadhb a bhaineann lena gcuid cártaí ach dúradh le Tuairisc.ie nach raibh aon “scála ama” ann fós maidir le réiteach na faidhbe.
Tuigtear do Tuairisc.ie go mbaineann an fhadhb le gach cárta de chuid Bhanc na hÉireann agus go bhfuil an fhadhb ann ar fud na tíre. Tá na craobhacha áitiúla ag fanacht ar scéala ó na craobhacha réigiúnda i láthair na huaire ach is féidir fós airgead a thógáil amach ó gach craobh sa tír.
Meastar go mbaineann an fhadhb le córas teicneolaíocht faisnéise Bhanc na hÉireann agus go bhfuil an cheist á plé faoi láthair leis an gcomhlacht ríomhaireachta a chuireann an tseirbhís sin ar fáil.
Dúirt custaiméir amháin de chuid Bhanc na hÉireann go raibh iontas air faoina laghad eolais a bhí ag seirbhísí custaiméara an bhainc faoin bhfadhb nuair a ghlaoigh sé orthu tráthnóna.
“Diúltaíodh don dá chárta atá agam i mbialann am lóin inniu. Bhí orm rith amach agus uathmheaisín a lorg agus nuair nár oibrigh sé sin, bhí an t-ádh liom go raibh aithne agam ar dhuine sa timpeall a thug praghas an lóin ar iasacht dom.
“Ní raibh aon scéal cloiste ag lucht na bialainne faoin bhfadhb agus is beag eolas a bhí ag fear an bhainc ar an bhfón ach an oiread,” a dúirt custaiméir amháin.
Fág freagra ar 'Gach cárta bainc de chuid Bhanc na hÉireann as feidhm agus á ndiúltú faoi láthair'