Gach a raibh i nDoire tugtha acu ach Ciarraí tagtha slán

Bhí sárchoimhlint i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus cluiche leathcheannais na hÉireann buaite ag Ciarraí le ruathar deireanach

Gach a raibh i nDoire tugtha acu ach Ciarraí tagtha slán

Mórcheiliúradh i measc na gCiarraíoch. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ciarraí 1-17 Doire 1-15

Lá tar éis d’Áth Cliath a mhianach a thaispeáint in aghaidh Mhuineacháin, thug Ciarraí freagra orthu agus tabharfaidh na boic mhóra aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann a bhuí den bhua dhá phointe a bhí ag an Ríocht ar Dhoire inniu.

Thóg sé uair an chloig ar Áth Cliath deireadh a chur le teacht aniar Mhuineacháin ar an Satharn agus thóg sé níos faide fós ar Chiarraí an ceann is fearr a fháil ar Dhoire. Bhí fir na Ríochta dhá phointe chun deiridh, 1-14 in aghaidh 1-12, agus 65 nóiméad ar an gclog ach nuair ba ghá an fód a sheasamh, rinne Ciarraí sin.

Chas treo an chluiche ar chic saor bog a bhronn Joe McQuillan ar Stephen O’Brien agus, tar éis do Sheán O’Shea é a shlánú, thóg Ciarraí ceannas iomlán ar chúrsaí.

Is ar éigean go raibh aon cheann dá gciceanna amach féin caillte ag Doire roimhe sin ach chailleadar an ceann seo, bhuaigh agus shlánaigh David Clifford cic saor agus, go tobann, bhí Ciarraí ar ais ar comhscór. Chuaigh Lynch fada leis an gcic amach arís ach fear i ngeansaí glas agus ór a bhuaigh seilbh uirthi agus chiceáil Stephen O’Brien, a raibh an-chluiche aige nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí ag leath ama. B’in an-scór a chuir Ciarraí a chur chun tosaigh den chéad uair le breis is 40 nóiméad.

Bhuaigh Ciarraí an chéad chic amach eile agus cé go bhfuair Doire seilbh na liathróide ar ais ó Bhrendan Rogers, a bhí ar fheabhas ar fad do Dhoire i lár na páirce, cuireadh an liathróid chuig Clifford agus d’aimsigh sé a naoú pointe den tráthnóna.  D’aimsigh Seán O’Shea ceann eile, an cúigiú pointe as a chéile ag Ciarraí, in am cúitimh chun bearna trí phointe a chur idir na foirne, 1-17 in aghaidh 1-14.

Bhí deis amháin eile ag Doire nuair a bhí seans ag Shane McGuigan cic saor a sheoladh i dtreo an tslua a bhí bailithe i mbéal an chúil ach bhuail sé róchrua í agus chuaigh sí thar an trasnán. Bhí deis agus an cluiche caillte ag Doire.

Ardghabháil ag Brendan Rogers, Doire. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Briseadh croí a bhí ann do sheaimpíní Uladh tar éis dóibh gach a raibh iontu a thabhairt sa chluiche. Bhí siad ar fheabhas don chéad 50 nó 60 nóiméad ach ba léir go rabhadar ag tuirsiú i dtreo an deiridh agus botúin á ndéanamh acu nach ndearna siad roimhe sin. Nuair a tháinig Ciarraí ar ais go láidir, ní raibh siad in ann acu.

Thosaigh an cluiche ar luas lasrach agus deiseanna ar chúil ag an dá fhoireann sa chéad nóiméad go leith ach choinnigh Tom O’Sullivan Ciarraí agus Odhran Lynch Dhoire amach iarrachtaí ó Niall Loughlin agus Gavin White faoi seach.

David Clifford a fuair an chéad scór den chluiche le hiarracht den scoth ach ní raibh ar an 43,192 duine i bPáirc an Chrócaigh fanacht i bhfad eile don chéad chúl eile den tráthnóna. Ghearr Gareth McKinless isteach ón gcliathán théis cúig nóiméad chun an seans a chruthú agus cé gur stop Tadhg Morley iarracht ó Brendan Rogers ar an líne chúil, bhí McKinless san áit cheart chun an cúl a fháil.

Ní raibh Doire chun tosaigh i bhfad, áfach, agus freagra láithreach ag Ciarraí orthu. Bhí an-ghearradh i Gavin White sa chéad chuid den chluiche agus ba é a thosaigh agus a chríochnaigh an ghluaiseacht do chúl Chiarraí. Bos na láimhe a d’úsáid sé chun an pas trasna an chúil ó Sheán O’Shea a chur san eangach.

Cúl ag Gavin White, Ciarraí. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí David Clifford ag fáil an ceann is fearr ar Chrissy McKaigue ar thaobh amháin den pháirc ach bhí an-choimhlint idir Shane McGuigan agus Jason Foley ar an taobh eile agus fear Dhoire ag déanamh go maith. Agus spás aimsithe aige i measc na dtosaithe, chuir Foley iarracht ar strae théis ceathrú uaire, iarracht a léirigh cuid de na deacrachtaí a bhí ag Ciarraí sa chéad chuid sin den imirt agus, mar bharr ar an donas, d’aimsigh McGuigan scór breá 30 soicind níos déanaí nuair a d’fhág sé Foley ina dhiaidh chun Doire a chur 1-3 in aghaidh 1-1 chun cinn.

Bhí Ciarraí ar ais ar comhscór taobh istigh de chúpla nóiméad. Tháinig ceann de na scóranna ó Phaudie Clifford tar éis do Foley seilbh a bhaint de McGuigan agus bhí na foirne gob ar ghob ar feadh tamaillín.

Bhí casadh eile sa scéal théis 27 nóiméad. Tar éis do Brendan Rogers an liathróid a bhuachan os cionn Dhiarmuid O’Connor, leag fear Chiarraí Rogers chun talún agus taispeánadh cárta dubh dó. Fuair Rogers scór iontach chun Doire a chur 1-7 in aghaidh 1-6 chun cinn go luath ina dhiaidh sin agus ghearr sé amach pas ansin chun ionsaí eile a thosú do Dhoire a chríochnaigh le scór ag Ciarán McFaul.

Ciarraí a fuair an chéad scór eile, an cúl báire Shane Ryan ag aimsiú na sprice tar éis dó McGuigan a fhágáil ina chnap le buille dá chorróg. Bhí freagra arís ag Doire le scóranna ó Rogers agus McGuigan.

Faoin am gur tháinig Diarmuid O’Connor ar ais chun páirce in am cúitimh ag deireadh na himeartha sa chéad leath bhí Doire 1-11 in aghaidh 1-8 chun cinn agus Ciarraí ar a ndícheall ag iarraidh coinneáil leo.

Cúilín eile ó David Clifford. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Thosaigh Ciarraí an dara leath go láidir agus laghdaigh siad an bhearna le pointí ó David Clifford agus Seán O’Shea ach shocraigh Doire isteach san imirt arís le scór deas ó Conor Doherty.

Ní raibh an liathróid ag dul ó cheann ceann na páirce chomh tapa céanna sa dara leath agus a bhí sa chéad leath ach fós ba ag Doire a bhí an chuid is fearr den imirt. Cé gur chuir scór maith ó Sheán O’Shea Ciarraí ar comhscór, 1-12 an taobh, théis 37 nóiméad, fuair Ciarán McFaul agus McGuigan an chéad dá phointe eile, tráth go raibh iarrachtaí á gcur amú ag Ciarraí. Tháinig fir na Ríochta le ruathar sna nóiméid dheireanacha agus, don chéad uair sa chluiche, ní raibh freagra ag Doire orthu.

Fág freagra ar 'Gach a raibh i nDoire tugtha acu ach Ciarraí tagtha slán'