Gabhaimis buíochas inniu, Lá Idirnáisiúnta na mBan, le Catherine Corless a nocht créacht ghalrach an náisiúin

An cheist neafaiseach choitianta sin ‘Cé leis thú?’, suaite leonta a fhágann sí go leor de na daoine a seasann Catherine Corless ar a son

Gabhaimis buíochas inniu, Lá Idirnáisiúnta na mBan, le Catherine Corless a nocht créacht ghalrach an náisiúin

I 1954 a rugadh Catherine Farrell [Corless] ar fheilm ar bhruach bhaile Thuama, an duine ab óige de chúigear clainne. Thuig an cailín óg gur bean mhaith, bean lách ghnaíúil ab ea a máthair ach nach raibh sé inti gean ná muirniú a thabhairt dá clann. Bhí rúin á gceilt aici, easnamh éigin ina smál ar a saol nár fhéad sí labhairt faoi, a hanam céasta.

Bhí a máthair i gcré na cille nuair a fuair Catherine amach gur chaith a máthair a hóige i ndílleachtlanna agus go raibh sí ar fostú le teaghlach altrama i gcontae Ard Mhacha agus gan inti ach leanbh mar gur thréig pé fear ab athair di a máthair. Thuig sí ansin don bhail a d’fhág an tréigean agus an coimhthíos sin ar an mbean bhocht go deireadh a saoil.

Chuile lá shiúladh Catherine agus a deirfiúr thar Theach na Leanaí i dTuaim ar a mbealach chun na scoile agus bhí na cailíní as an ionad sa scoil léi. Ghlac sí leis an idirdhealú a rinneadh ar na gasúir sin sa scoil agus an drochmheas a léiríodh orthu mar ghnáthchuid den saol. Ach goilleann sé fós uirthi gur imir sí féin cleas gránna ar chailín beag acu.

Bhí an leathchéad bliain caite ag Catherine Corless nuair a shocraigh sí cúrsa a dhéanamh sa stair áitiúil. Máthair ceathrar clainne a raibh an ísle brí agus an dúchas ina scamall seasta ag bagairt uirthi. Bean fhaiteach a sheachain ócáidí sóisialta le faitíos roimh an scaoll i gcomhluadar, nach beag an chuimhne a bhí aici nuair a thug sí faoin gcúrsa sin go bhfaigheadh sí amach go raibh 796 leanbh básaithe ag an doras aici nach raibh aon taifead ar fáil dá n-uaigh.

Leanaí a ceileadh ar a máithreacha agus a bhásaigh os comhair an tsaoil mhóir gan aon mhairg a chur ar aon údarás. D’íoc Comhairle Chontae na Gaillimhe as a lóistín agus a gcónraí ach cár cuireadh iad?

Ní dóigh gur cheap Catherine ach an oiread go mbeadh naoi mbliana fada agus neart agóidí is feachtais roimpi sula bhfógródh an tAire Roderic O’Gorman coicís ó shin go ndéanfaí ‘uaigh’ na leanaí a thochailt chun na páistí atá curtha sa bpoll sin i dTuaim a aithint agus a chur i gcré na cille faoi dhínit.

Sa mbliain 2021, d’fhoilsigh an bhean chróga seo a cuimhní cinn faoin teideal Belonging, mothúchán nach raibh ag a máthair féin ná ag leanaí Thuama ná a gcuid máithreacha. An cheist neafaiseach choitianta sin ‘Cé leis thú?’, suaite leonta dífhréamhaithe a fhágann sí go leor de na daoine a seasann Catherine Corless ar a son agus is mór a thabharfaidís ar an bhfreagra. Léimis an leabhar sin, léadh an ghlúin óg é, agus ná folaítear an náire, an chos ar bolg agus an cur i gcéill faoi ghiniúint beatha go brách arís. Tá aon bhrabach ar an leabhar ag gabháil go Dílleachtlann Thír na nÓg sa Tansáin.

“Smál ar choinsias an náisiúin atá sa rud a tharla i dTuaim,” a deir an tAire Leanaí agus an reachtaíocht nua á fógairt aige. Tá bóthar fada achrannach roimh an obair fhíordheacair atá roimh na heolaithe i dTuaim agus ag Dia amháin atá a fhios cén toradh nó faoiseamh a thiocfaidh aisti. Ach faoi dheireadh tá obair Chatherine Corless thart agus an rud a bhí uaithi geallta dúinn sa dlí.

“Beidh suaimhneas agamsa nuair a bheidh na leanaí curtha le meas agus dínit,” a deir an bhean uasal a rinne an-leas do mhná na tíre agus dá sliocht. Más smál scannal Thuama, agus gach Tuaim eile, tá buíochas tuillte ag bean an lóchrainn agus an mhisnigh, as coinsias na tíre a phriocadh nó go mb’éigean dúinn éisteacht.

Seasadh na húdaráis lena bhfocal agus leis an dlí agus bíodh suaimhneas ag Catherine Corless le spraoi agus taitneamh a bhaint as a garchlann.

Fág freagra ar 'Gabhaimis buíochas inniu, Lá Idirnáisiúnta na mBan, le Catherine Corless a nocht créacht ghalrach an náisiúin'

  • Pat Butler

    Tá ráite agat an fhírinne lom gan cam, a Máire.