Gramadach na Gaeilge? Déan do chuid gáire fúithi agus ná cuireadh sí lagmhisneach ort…

Ní ceart go gcuirfeadh sé lagmhisneach ar dhaoine nach bhfuil foinsí teanga baileach ar aon fhocal lena chéile i dtaobh úsáid na litreach ‘b’...

Gramadach na Gaeilge? Déan do chuid gáire fúithi agus ná cuireadh sí lagmhisneach ort…

Labhair mé sa chéad alt a bhí agam faoi ‘gur agus gurb’ ar an abairt ‘Tá ag éirí le foireann A, arb iad is fearr, an ceann is fearr a fháil ar na foirne eile’.

Is fiú an sampla sin a chur i gcomparáid le habairt seo Phádraig Uí Mhaoileoin, ón leabhar Na hAird Ó Thuaidh:

‘Ach is sléibhte arda iad ar fad, nach mór, gurb é dícheall na caeireach féin iad a dh’ionramháil gan a bonn d’imeacht uaithi agus í do dhul i ndraip’.

‘Arb é’ a mholfaí sa Chaighdeán Oifigiúil (CO) agus a chloisfí i gCúige Chonnacht (CC) agus i gCúige Uladh (CU) san áit a bhfuil ‘gurb é’ ag Pádraig Ua Maoileoin anseo thuas.

Deir plúr na scoláirí linn gur mhinic a leithéid seo a leanas a bheith sa Ghaeilge agus na canúintí ag teacht chun solais: ‘Sin fear ag a bhfuil cumhacht aige’. Diaidh ar ndiaidh, ghreamaigh an ‘g’ den mhír ‘a’, agus rinneadh ‘…go bhfuil cumhacht aige’ as i gCorcaigh agus i gCiarraí leis an aimsir.

Sna canúintí eile taobh amuigh d’iarthar na Mumhan, díbríodh ‘ag’ ar fad, sa tslí is go ndeirtear ‘Sin fear a bhfuil cumhacht aige’ – ach níl aon amhras ach go bhfuil córas ‘go’ an bhriathair leata go dtí an chopail in iarthar na Mumhan.

Sa bhreis ar shampla Uí Mhaoileoin thuas, tá an sampla ‘An áit gurb as é’ (CC / CU: ‘arb’) ag Diarmuid Ó Sé sa leabhar Gaeilge Chorca Dhuibhne (2000: 348), mar thaca leis an méid sin.

Mar seo a leanas atá an scéal sna canúintí ar fad san aimsir láithreach, mar sin:

 

CC & CU: Gurb / arb + : é / í / iad / álainn / annamh / áil / acmhainn / ionann / ionadh / éard – cé nach gcloistear an ‘b’ i gcónaí sa chaint bheo agus córas ‘gur[b]’ i gceist. Ceadaítear ‘gur é / í / iad’ i gcásanna ar leith – féach an chéad alt.

 

CM: Gurb + : é / í / iad / álainn / annamh / áil / acmhainn / ionann / ionadh / éard. Ní ann do chóras ‘arb’ sa chuid is mó de Chúige Mumhan, cé go bhfuil sé sna Déise agus go mbíodh sé i gContae an Chláir. Ceadaítear ‘gur é / í / iad’ i gcásanna ar leith, mar atá thuas.

 

 

Mar fhocal scoir ó thaobh na haimsire láithrí de, chloisfeá ‘gurb as’ go minic sa chaint thiar (CO: gur as), agus idir ‘gur ó’ agus ‘gurb ó’ ó dheas (CO: gur ó).

Maidir leis an aimsir chaite, mar seo a leanas atá an scéal de réir 7.2.2. den CO:

 

  1. Cuirtear ‘gur’ roimh chonsan nó roimh fh- + consan, agus leanann séimhiú é:Níor dhóigh leis gur chóir an madra a choinneáil’; ‘Tuigeadh dúinn gur fhreastalaí é’ (= gur freastalaí a bhí ann).

 

  1. Cuirtear ‘gurbh’ roimh ghuta nó roimh ‘fh-’ + guta: ‘Creidtear gurbh ealaíontóir cumasach é’; ‘Maítear gurbh fhile den scoth í (= gur file den scoth a bhí inti).

 

Maidir leis an gcéad abairt thuas faoin ealaíontóir, nuair a dhéantar dúbláil ar an gcopail ó dheas ina leithéid d’abairt, is minic a fhágtar -bh an fhocail ‘gurbh’ ar lár sa chás sin, óir tugtar slán an aimsir chaite leis an dara copail: ‘Creidtear gur ealaíontóir cumasach ab ea é’.

Tá saoirse ag duine ‘Creidtear gur ealaíontóir cumasach ba ea é’ a scríobh freisin, leagan a chloistear go nádúrtha sna Déise, mar shampla.

Cé go gcloistear i gConamara, leis, é, ní gnách é a bheith le haireachtáil ansin seachas mar fhreagra ar cheist: ‘Ar mba scríbhneoir é?’ ‘Ba ea’. Mar yah a deirtear ‘ea’ ansin, sna Déise agus i gConamara araon.

Maidir leis an leagan ‘Ar scríbhneoir é?’, ní miste a mhíniú do dhaoine gur minic brí aimsire láithrí leis sin anois lasmuigh de Chúige Mumhan, sa tslí is go bhfuil an aimsir chaite agus an aimsir láithreach tite isteach ina chéile i gConamara agus i dTír Chonaill agus ceist á cur leis an gcopail. Cloistear, dá réir sin, ‘Ar scríbhneoir é?’ Is he a writer? agus, i gcorrchás, ‘Ar scríbhneoir é? Was he a writer? Eisceacht ar an ngnás sin is ea ‘An gearr go mbeidh siad amach?’.

Dá bhrí sin, is i gCúige Mumhan amháin a dhéantar idirdhealú ar an dá aimsir sa chomhthéacs seo: ‘An scríbhneoir é?’ Is he a writer? ‘Ar scríbhneoir é?’ Was he a writer? Is mar gheall ar an athrú sin ar chanúintí Chúige Uladh agus Chúige Chonnacht a théitear i muinín na bhfocal ‘a bhí ann / inti’ ag deireadh abairte: ‘Ar scríbhneoir a bhí ann?’, cé go gcloisfí, leis, fo-uair ‘An scríbhneoir a bhí ann?’.

Fillimis ar na habairtí ‘Tuigeadh dúinn gur fhreastalaí é’ agus ‘Creidtear gurbh ealaíontóir cumasach í’. Más mian le duine imeacht ó chóras sin ‘gur(bh)’ san aimsir chaite, tá de rogha aige na foirmeacha deimhneacha ‘go mba’ nó ‘go mb’’ a úsáid ina áit. Ní theastaíonn aon ‘b’ más córas ‘go mba’ atá i gceist: ‘Deir siad go mba í Síle a bhí sa ngarraí ag an am’; ‘Is dóigh liom go mba iadsan ab fhearr’.

Cloistear athrá an fhorainm in abairtí áirithe, rud atá dúchasach agus cruinn: ‘Cheapfainn go mba in iad iad (Ó Cadhain), áit arb ionann ‘in’ agus litriú comhaimseartha an fhocail shin, foirm nach scríobhtar anois ach amháin i leaganacha ar nós ‘Ní shin…’, ‘ó shin’, etc.

Le córas na claoninsinte nó na cainte indírí a bhaineann na habairtí thuas, agus tá aitheantas tugtha don chóras sin sa CO. Más mian linn an struchtúr céanna a úsáid le clásal indíreach (rud nach bpléitear sa CO), mar seo a bheidh an scéal: ‘Ba nós le Pádraic Mac Piarais, ar mba file é féin, léirmheasanna a dhéanamh ar chnuasaigh filíochta’ (CO: arbh fhile).

Is féidir a rá go hachomair, mar sin, gur léir go bhfuil éagsúlacht ag baint le húsáid na copaile san aimsir chaite agus san aimsir láithreach sna canúintí ar fad, ó thaobh na claoninsinte agus an chlásail choibhneasta indírigh araon. Go deimhin, i bhfianaise cuid de na moltaí atá déanta san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, is féidir a rá gurb amhlaidh an scéal i dtaca le foinsí scríofa de freisin.

Má fhágtar go leataobh éagsúlacht chasta an scéil trí chéile, is féidir a rá go ginearálta, ó thaobh an chlásail indírigh san aimsir láithreach de, go bhféachfaí le leithéid ‘…arb é/í/iad’ a rá agus a scríobh formhór an ama, ach go n-úsáidfí ‘Sin fear ar amadán é’ i gcásanna eile, sa chuid is mó den tír – cé nach gcloítear leis an idirdhealú sin i gcónaí, agus nach dtugtar aitheantas do chás an amadáin sa Chaighdeán Oifigiúil.

Déan do chuid gáire faoi agus ná cuireadh sé lagmhisneach ort; san áit a bhfuil scaoilteacht, tá solúbthacht agus saoirse, ach eagarthóir eolach, tuisceanach a bheith idir thú agus an peann.

Fág freagra ar 'Gramadach na Gaeilge? Déan do chuid gáire fúithi agus ná cuireadh sí lagmhisneach ort…'