Iniúchadh ag teastáil ar iompar institiúidí tríú leibhéal sa tír seo

Níl sa bhfuath i leith na mban ach gné ghránna amháin de shaol na hacadúlachta nár mhiste a fhiosrú go foirmiúil, dar lenár gcolúnaí

Lecturer

Is iomaí cor agus casadh i scéal Micheline Sheehy Skeffington ó bhuaigh sí a cás in aghaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i mí na Samhna seo caite. Ní fios fós cén chríoch a thiocfaidh ar chúrsaí ach tá rud amháin nach féidir a shéanadh: caitheadh go héagórach léi ar shlí nár cheart go mbeadh ar éinne cur suas leis.

Idir an dá linn, tá sé fógartha go bhfuil ceathrar ban eile ag tionsnamh cás Ard-Chúirte in aghaidh na hOllscoile agus iad ag maíomh go ndearnadh éagóir orthu dála Micheline Sheehy Skeffington.

B’olc an mhaise domsa mé féin a chur i gcomparáid lena leithéid; léachtóir sinsearach a bhfuil an t-uafás taighde déanta aici i réimse na luibheolaíochta agus lear mór foilseachán i gcló aici. Múinteoir inspioráideach, leis, de réir scéil. Ach mar iartheagascóir tríú leibhéal, tuigim go rímhaith an díobháil a dhéanfaí do sprid is do mheanma duine dá gcaithfí go héagórach leis i dtimpeallacht dá leithéid.

Maidir le hinstitiúidí tríú leibhéal go sonrach, amach ón maistíneacht, is é an feall is mó atá á dhéanamh ar fhostaithe na linne seo ná diúltú conradh buan a thabhairt dóibh, in ainneoin go bhfuil níos mó ná trí bliana tugtha acu ag obair in áit. Go deimhin, táthar ann a ndéantar a gconarthaí a athnuachan ó bhliain go bliain ar feadh achair fhada, rud a sháraíonn dlíthe saothair.

Bíonn ar roinnt daoine atá i gcás mar seo post samhraidh a fháil chun a dteacht isteach a chinntiú ar feadh trí mhí, óir ní íoctar iad ach de réir na ranganna a mhúineann siad le linn na bliana acadúla. Áiríonn sé seo tuistí aonair agus tuistí a bhfuil tinneas ag gabháil dá ngasúir. Ní baol dóibh an bóthar agus a dhílse atá siad don institiúid a bhaineann le hábhar, ach táthar ag teacht i dtír orthu scun scan mar sin féin, ar bhonn daonna agus ar bhonn dlí.

B’amhlaidh an scéal le scata mór daoine ar m’eolas-sa le linn dom a bheith i mo theagascóir tríú leibhéal agus ní heol dom go bhfuil aon athrú tagtha ar chúrsaí. Gan aon fhiacail a chur ann, bhí agus tá dlíthe á mbriseadh ar fud na mball.

Níl i gcás Micheline Sheehy Skeffington, mar sin, ach an chuid is lú agus is tanaí den scéal, cé nach ag déanamh beag is fiú den leithcheal ar mhná atáim, ná baol air. 

Is mó institiúid agus eagras stáit a bhfuil scagadh déanta orthu sa tír seo le blianta anuas d’fhonn iarracht a dhéanamh a bhfuil d’éagóir déanta ar dhaoine a chur ina ceart nó uisce faoi thalamh a thabhairt chun solais i dtreo is gur féidir meon agus iompar na n-institiúidí sin a athrú chun feabhais; an Eaglais Chaitliceach, an t-aos polaitíochta, An Garda Síochána, breithiúna, agus na bainc ina measc.

Leomhfainnse a rá go bhfuil sé in am againn aghaidh a thabhairt ar institiúidí tríú leibhéal anois, ó tharla go dtagann siad faoi scáth na nDlíthe Saothair agus an Achta um Shaoráil Faisnéise.

I dtaca le Ranna Gaeilge de, ní i gcónaí a bhíonn meas orthusan i roinnt institiúidí agus toisc go mbíonn siad ag feidhmiú trí theanga seachas an mhórtheanga choiteann, ní thugtar an oiread sin airde orthu. Is cúis mhaith ann féin é sin iad a thabhairt faoi scáth aon iniúchadh a dhéanfaí ar iompar institiúidí tríú leibhéal fré chéile i leith a bhfostaithe féin.

Údar dóchais agus misnigh do chách é cás Micheline Sheehy Skeffington gur féidir deireadh a chur le hiompar éagórach, mídhleathach ar an tríú leibhéal agus nach gá cur suas leis a thuilleadh.

Fág freagra ar 'Iniúchadh ag teastáil ar iompar institiúidí tríú leibhéal sa tír seo'