‘Gá le gníomh ón Taoiseach agus gan cothrom na féinne don Ghaeilge sa Bhuiséad’ – Conradh

Tá cáineadh géar déanta ar a laghad d’ardú a fógraíodh do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad an lae inniu

‘Gá le gníomh ón Taoiseach agus gan cothrom na féinne don Ghaeilge sa Bhuiséad’ – Conradh

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an Taoiseach “idirghabháil dhíreach” a dhéanamh chun an “éagothroime” i leith na Gaeilge sa Bhuiséad a chúiteamh.

I ráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge tráthnóna, dúradh go raibh an eagraíocht “an-bhuartha faoin éagothroime a léiríodh i bhfógairt na cáinaisnéise 2018 inniu agus gan ach soláthar de €2.5 mhilliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2018”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh an éagothroime sin le feiceáil i “maíomh” na Roinne Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil ardú 20% ar bhuiséad na Comhairle Ealaíon le trí bliana anuas agus €3 mhilliún sa bhreis tugtha don Chomhairle do 2018.

“Ag an am céanna, tá laghdú de 4.5% tagtha ar bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge sna trí bliana céanna agus níl ach soláthar de €2.5 mhilliún breise á chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta do gach rud a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht an bhliain seo chugainn, dualgais reachtúla na pleanála teanga san áireamh,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go bhfuil an Rialtas i ndiaidh an 87 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a d’aontaigh plean infheistíochta an Chonartha “a ligean síos”.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge go raibh “fearg agus frustrachas” ar na comharchumainn Ghaeltachta “nach bhfuil a ndóthain maoinithe á fháil acu lena gcuid oibre a dhéanamh ná le cíos agus costais a n-oifigí a íoc chun iad a riaradh mar is ceart”.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach Leo Varadkar maoiniú breise a chur ar fáil don Ghaeilge faoi phróiseas meastachán athbhreithnithe an Bhuiséid.

Tá cáineadh déanta chomh maith ag páirtithe an fhreasúra ar a laghad maoinithe, dar leo, atá curtha ar fáil i mBuiséad 2018 don Ghaeilge.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh an t-ardú chomh beag sin “nach fiú trácht air” agus dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin gur méadú “suarach” a bhí i gceist.

D’fháiltigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh roimh an ardú €2.5 milliún ar bhuiséad Gaeilge a roinne.

“Tá an Rialtas seo dírithe ar a theacht leis an tiomantas dár gcultúr atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

“Tá aitheantas tugtha don obair chrua seo sa Cháinaisnéis le suim iomlán an bhliain seo chugainn de €62.595 milliún don teanga, don Ghaeltacht agus do na hoileáin,” a dúirt Joe McHugh.