Gá le fuascailt ar cheist chigilteach na gcluichí

Tá ár gcolúnaí sáite san iarracht mhór atá ar bun i gCorcaigh faoi láthair leigheas a fháil ar na fadhbanna atá ag cur as don iomáint agus don pheil sa chontae

GAA Football All Ireland Senior Championship Semi-Final Replay, Croke Park, Dublin 5/9/2015 Mayo vs Dublin General view of Croke Park before today's match Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Cúpla mí ó shin fuaireas glaoch teileafóin ó Kevin O Donovan. ‘Cé he siúd?’ a deir tú.

Is é Kevin an tOifigeach Oiliúna le Bord Cumann Lúthchleas Chorcaí. Ní raibh a ainm cloiste agamsa roimhe sin. Labhair sé liom faoi chuid mhaith a bhaineann le forbairt peile agus iomána sa chontae. Ag deireadh an chomhrá, d’iarr sé cead labhairt arís liom faoi na hábhair chéanna.

Coicís ina dhiaidh sin, tháinig an dara glaoch. Bhí sé féin agus leaschathaoirleach an Bhoird, Tracey Kennedy, ag cur grúpa le chéile chun staidéar a dhéanamh ar cheist na gcluichí sa chontae. An sprioc a bhí acu ná moltaí a dhéanamh maidir le hardchaighdeán cóitseála a chur ar fáil d’imreoirí an chontae idir sé bliana agus 36 bliain d’aois, agus sraith cheart de cluichí fiúntach rialta a sholáthar dóibh.

D’iarr sé orm bheith mar bhall den ghrúpa le na hiarbhainisteoirí peile Conor Counihan agus Brian Cuthbert, na hiarimreoirí John Considine, Tom Kenny, agus Alan Quirke, agus Príomh-Fheidhmeannach Dairy Gold Jim Woulfe.

Ag an gcéad chruinniú, rinneamar cinneadh bualadh leis na páirtithe leasmhara go léir agus plé a dhéanamh leo maidir leis na deacrachtaí is mó atá ag cur tinnis orthu.

Seachtain i ndiaidh seachtaine, bhuaileamar le hionadaithe ó chumainn na mbunscoileanna agus na meánscoileanna agus le riarthóirí clubanna peile agus iománaíochta an chontae. Bhuaileamar le bainisteoirí club an chontae agus bainisteoirí na bhfoirne idirchontae, mar aon le himreoirí club agus idirchontae.

Bhuaileamar freisin le hionadaithe ó chúpla contae eile. Bhí cead ag an bpobal moltaí a sheoladh chugainn ar ríomhphost chomh maith.

Dar ndóigh, bhí cuid mhaith fadhbanna ag na dreamanna éagsúla seo – fadhbanna den uile shórt. Ceist amháin a tháinig aníos arís is arís eile ag gach cruinniú ná an easpa cluichí fiúntacha rialta.

Bhí an-chuid daoine thar a bheith bréan den tslí ar chuir an séasúr idirchontae isteach ar an séasúr club.

Is é bun agus barr an scéil seo le tamall maith de bhlianta anois nach bhfuil tromlach na n-imreoirí in aon chontae ag fáil a ndóthain cluichí rialta. Níl aon mháistirliosta cluiche. Ní féidir leo aon phleananna pearsanta a dhéanamh ar eagla go mbeadh cluiche caite isteach orthu gan choinne.

Rialaíonn an bhliain idirchontae an bhliain club agus go dtí seo, ar aon nós, rialaíonn airgead gach rud. Má tá Cumann Lúthchleas Ghaeil dáiríre faoin ngnáthimreoir club, caithfidh siad fáil réidh le hathimirtí. Caithfear críoch a chur le gach cluiche ar an lá.

Má tá na boird chontae dáiríre faoi chás an ghnáthimreora club, caithfidh siad fáil réidh leis na hathimirtí ar fad a bhíonn ann. Caithfidh siad máistirliosta a dhéanamh amach ag tosach na bliana agus cloí leis. Tá a fhios agam go bhfuil sé thar a bheith deacair máistirliosta indéanta a chruthú mar go bhfuil dhá spórt i gceist ach caithfidh na riarthóirí iarracht cheart a dhéanamh riachtanais spóirt agus phearsanta na n-imreoirí a thuiscint agus a seacht ndícheall a dhéanamh a ndóthain cluichí rialta a sholáthar.

Tuairim is seachtain ó shin, tháinig moltaí an Ard-Stiúrthóra Pádraig Duffy amach agus bhí a lán le rá aige ar an ábhar céanna. Bhíos thar a bheith sásta leis an méid a mhol sé.

Tá súil agam na n-éisteoidh na daoine le lucht na cumhachta agus do dtiocfaidh athrú mór ar an scéal  sara i bhfad.

Fág freagra ar 'Gá le fuascailt ar cheist chigilteach na gcluichí'