Gá le feabhas mór ó Farrell agus a chriú in aghaidh na Breataine Bige

Léas beag dóchais d’fhoireann na hÉireann go bhfuil na Breatnaigh ag teacht go Baile Átha Cliath inniu agus gan aon tástáil cheart déanta fós orthu sa gcomórtas

Gá le feabhas mór ó Farrell agus a chriú in aghaidh na Breataine Bige

Cé go raibh an lá leis na hÉireannaigh i gcoinne na hAlban an Satharn seo caite, is deacair teacht ar aon ní san ochtó nóiméad sin a thabharfadh misneach duit maidir leis na cluichí atá fós le n-imirt sa gcomórtas seo. Seans go raibh an t-ádh ar imreoirí Andy Farrell agus iad ag imirt ina gcéad chluiche faoina stiúir nach raibh foireann na hAlban iad féin thar mholadh beirte. Go deimhin bhí an-mhí-ádh ar Albain nár éirigh leo a bheith ar comhscór leis na hÉireannaigh ag deireadh an chluiche sin. Bhí an méid sin ar a laghad tuillte acu agus iad ag imirt as baile.

Mar sin féin, bhí an bua ag foireann na hÉireann ach is daor a d’íoc siad as an mbua sin ó thaobh imreoirí gortaithe de. Ní raibh ach an t-aon seachtain amháin ag Farrell chun a chúram a réiteach roimh chuairt na Breataine Bige ar an Staid Aviva inniu. Murab ionann agus na hÉireannaigh in aghaidh na hAlban, ní raibh deacracht ar bith ag na Breatnaigh cúig úd a aimsiú i gcoinne na hIodáile i mBabhta 1. Theip ar na hIodálaigh oiread agus scór amháin féin a aimsiú sa gcluiche, rud a fhágann go bhfuil na Breatnaigh ag teacht go Baile Átha Cliath inniu agus gan aon tástáil cheart déanta fós orthu sa gcomórtas.

Ach ní dóigh go mbeidh mórán imní ar na Breatnaigh roimh fhoireann ná teaicticí Andy Farrell. Mura dtiocfaidh athrú iomlán ar dhearcadh agus ar chur chuige na hÉireann, is deacair aon bhua eile sa gcomórtas seo a thuar dóibh, seachas ceann i gcoinne na hIodáile.

Ní raibh gné ar bith d’imirt na hÉireann an Satharn seo caite nach raibh lochtach go maith. Níl a fhios agam an leor sé lá traenála chun na laigí sin a leigheas, ach mura ndearnadh sin tá baol mór ann go gcaillfidh muid sa mbaile inniu.

Is fiú a mheabhrú nach go ró-iontach a d’éirigh le Joe Schmidt nuair a tháinig sé isteach ar dtús mar bhainisteoir ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann. Ar lámh amháin caithfidh muid seans agus spás a thabhairt do Farrell ach ar an lámh eile, tá muid ag caint anseo faoin gcomórtas rugbaí idirnáisiúnta is sine agus is mó ar domhan.

Tá aiféala orm, a Andy Farrell, ach níl áit ar bith don mhaoithneachas sa gcás seo. Má bhíonn an bua ag na Breatnaigh inniu, ní thabharfaidh lucht leanta na hÉireann cluas ar bith do leithscéalta maidir le sáriarracht a bheith déanta nó á déanamh.

Is i nDún Éideann a bheas na Sasanaigh ag tabhairt faoi Albain inniu. Fiú agus buntáiste an bhaile acu, is deacair bua a thuar do na hAlbanaigh agus na Sasanaigh ar thóir maithiúnais de bharr gur chailleadar i gcoinne na bhFrancach seachtain ó shin.

Tá mé ag tuar an dara bua do na Francaigh agus iadsan sa mbaile i gcoinne na hIodáile, foireann atá fós ar thóir a gcéad scór, gan trácht ar a gcéad bhua.

Fág freagra ar 'Gá le feabhas mór ó Farrell agus a chriú in aghaidh na Breataine Bige'