Gá ag na Connachtaigh le míorúilt agus iad sáinnithe ag íochtar an tábla

Ba chúis dóchais a gcéad bhua den séasúr do Chúige Mumhan, ach tá na Connachtaigh fós ag fanacht ar a gcéad cheann

Gá ag na Connachtaigh le míorúilt agus iad sáinnithe ag íochtar an tábla

Is iad na Muimhnigh an t-aon fhoireann amháin de na cúigí a bheas ag imirt as baile an deireadh seachtaine seo i mBabhta 4 den URC. Mar sin féin seans go mbeidh siad sásta nach bhfuil turas rófhada suas bóthar na Gaillimhe rompu tar éis dóibh a gcéad bhua an séasúr seo a chlárú i gCorcaigh seachtain ó shin. Seans fós féin go mbeidh na néaróga ag cur as dóibh tar éis an lag-iarracht a chonaic muid uathu nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Zebre i mBabhta 3.

Ní mórán sóláis dá lucht leanta na trí úd a d’aimsigh na Muimhnigh sa chéad leath den choimhlint sin mar gur lig siad na maidí le sruth sa dara leath nuair a theip orthu cur leis an scór, rud a d’fhág gan pointí bónais ceithre úd iad i gcoinne foirne atá fós ar thóir bua. Mar sin féin is cúis muiníne céad bhua an tséasúir do Chúige Mumhan, rud nach bhfuair na Connachtaigh go dtí seo.

Ní aon dabht ann ach go bhfuil Andy Friend ag súil le himirt ar an dromchla nua bréagach agus iad ag imirt ar an mBóthar Beag agus beidh sé ag súil gur spreagadh a bheidh ann dá fhoireann a bheith ag imirt os comhair a lucht leanta dílis.

Ach sin deireadh leis na buntáistí atá ag na Connachtaigh. Tá Bundee Aki ar fionraí go ceann ocht seachtaine agus níl fáil ach oiread ar roinnt imreoirí chéad rogha mar go bhfuil siad ag imirt leis an bpainéal forbartha san Afraic Theas faoi láthair.

Tá dúshlán ollmhór roimh na Connachtaigh anocht. Má chliseann orthu den cheathrú huair ó thús an tséasúir seans maith go mbeidh siad as an rás le bheith fiú gar do bharr thábla na gcomórtas ag deireadh na réamhbhabhtaí. Tá gá ag foireann an iarthair le míorúilt anocht agus iad náirithe ag íochtar an tábla faoi láthair.

Amárach cuirfidh Cúige Laighean fáilte go dtí an RDS roimh Sharks na hAfraice Theas. Tá stádas rogha na coitiantachta tuillte ag foireann an bhaile atá ar bharr an tábla le trí bhua as trí iarracht i gcomparáid leis na Sharks atá sa gcúigiú háit le dhá bhua as dhá chluiche. Is fiú a mheabhrú freisin gur i gcoinne dhá fhoireann laga, Zebre agus na Dragons, a d’aimsigh na Sharks an dá bhua sin. Is deacair tada seachas bua eile le pointe bónais úid a thuar d’fhoireann Leo Cullen.

Amárach freisin a bheas na hUltaigh ag cur chun páirce i mBéal Feirste i gcoinne na nOspreys, foireann a bhuaigh, a chaill agus a bhí cothrom sna trí chluiche a d’imir siad go dtí seo, toradh a fhágann san ochtú háit ar an tábla iad. Tá na hUltaigh cúig áit níos airde sa tríú háit le dhá bhua as trí iarracht. Is cinnte go mbeidh foireann Bhéal Feirste ag iarraidh bua Chúige Laighean sa gcathair sin an deireadh seachtaine seo caite a dhíbirt as cuimhne a lucht leanta. Níl cúis ar bith nach féidir leo sin a dhéanamh agus ná cuir pointe bónais as an áireamh ach oiread.

Fág freagra ar 'Gá ag na Connachtaigh le míorúilt agus iad sáinnithe ag íochtar an tábla'