Fuinneamh na hóige ag stiúradh Phort Láirge agus an Chláir

Cé go n-imreoidh na foirne seo a chéile sa chraobh faoi cheann míosa, ní ligfidh fuinneamh na hóige dóibh géilleadh i gcluiche ceannais na sraithe tráthnóna

Tosach Phort Láirge, Patrick Curran. INPHO/James Crombie
Tosach Phort Láirge, Patrick Curran. INPHO/James Crombie

Port Láirge v An Clár, Staid Semple, 3.30i.n.

Tráthnóna i nDurlas, beidh cuid de na himreoirí óga is fearr sa tír ag imirt ar pháirc Staid Semple. Ceann de na rudaí is suntasaí faoi dhul chun cinn Phort Láirge le cúpla bliain anuas ná chomh hóg is atá a gcuid imreoirí, fir ar nós Austin Gleeson (20), Tadhg de Búrca (21) agus Shane Bennett (19) a bhfuil freagracht ar leith tugtha ag Derek McGrath dóibh.

Ba é an scéal céanna a bhí ann nuair a bhuaigh an Clár Craobh na hÉireann in 2013 agus ainneoin go bhfuil dhá bliain go leith caite ón mbua sin ar Chorcaigh, tá cuma óg fós ar an bhfoireann agus iad ag baint leas as na foirne a bhuaigh Craobh Faoi-21 na hÉireann trí bliana as a chéile idir 2012 agus 2014. Níl Tony Kelly ach 22, tá Colm Galvin 23, an aois chéanna le Aaron Cunningham, a scóráil dhá chúl in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na sraithe.

stíl nua imeartha in úsáid ag Derek McGrath agus Davy Fitzgerald agus iad i gceannas ar a gcontaetha dúchais, stíl ina mbíonn níos mó reathaíochta le déanamh ag a gcuid imreoirí agus is é sin, b’fhéidir, ceann de na cúiseanna go bhfuil siad ag brath ar fhuinneamh na hóige. É sin ráite, tá leithéidí Kelly agus Gleeson chomh cumasach leis an gcamán agus atá aon imreoir eile sa tír agus is léir go gcloíonn a gcuid bainisteoirí leis an mana, ‘má siad sách maith, tá siad sách sean.’

Agus na foirne seo in aghaidh a chéile arís i gCraobh na Mumhan ar an 5 Meitheamh, tá amhras ann go mbeidh McGrath agus Fitzgerald ag iarraidh rud éigin ruin a cheilt sa chluiche seo ach i ndiaidh a bhfuil ráite acu i rith na seachtaine, ní bheadh aon easpa díchill i nDurlas.

38 bliain caite ó bhuaigh an Clár an tSraith Náisiúnta Peile agus cé gur bhuaigh Port Láirge anuraidh í, níor bhuaigh siad ach faoi dhó í riamh roimhe sin. Is annamh a shroicheann an Clár agus Port Láirge cluichí ceannais agus ní go héasca a scaoilfidh siad uathu an deis seo dá bharr.

Cé nár chuir siad mórán stró orthu féin ag buachan Roinn 1B, is cinnte go raibh cúpla casadh i scéal an Chláir go nuige seo agus Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh rompu sna babhtaí ceathrú agus leathcheannais. Is é an taispeántas a thug siad in aghaidh na gCat is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine agus d’aimsigh na Cláirínigh 4-22 in aghaidh churaidh na hÉireann.

Easpa cúil is mó a bhí ag cur as do Phort Láirge in 2016 ach shílfeá gur réitigh siad an fhadhb sin  sin in aghaidh Luimnigh agus an bhratach ghlas ardaithe acu faoi thrí sa chluiche leathcheannais. Má bhíonn an rath céanna orthu in aghaidh an Chláir inniu, beidh seans iontach acu ach, gan ach cúl amháin géillte ag an gClár ón imirt sa tsraith go dtí seo, is fusa é a rá é a dhéanamh.

Rogha Tuairisc.ie: An Clár

Fág freagra ar 'Fuinneamh na hóige ag stiúradh Phort Láirge agus an Chláir'