‘Fúinn féin atá sé, agus éalú ó sin atá sa ngearán’ – súil siar ar 2018 le Rónan Mac Con Iomaire

Féachann Tuairisc.ie siar ar 2018 leis an údar agus iarGhrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire

‘Fúinn féin atá sé, agus éalú ó sin atá sa ngearán’ – súil siar ar 2018 le Rónan Mac Con Iomaire

1. Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2018?

Turas go Meiriceá agus Ceanada le mo chlann, ag bualadh le gaolta, cairde, ag seoladh The Man Who Was Never Knocked Down, an leagan Béarla de Rocky Ros Muc, agus ag baint spraoi as áiteacha nua.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2018?

An glór a thug #NílSéCGL do dhaoine, agus an tionchar ar fad a a bhí aige agus é ag teacht ó dhuine amháin.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2018?

An cumasú a rinne daoine a bhfuil údarás acu ar an gciníochas anseo agus thar lear.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2018?

Gur fúinn féin atá sé, agus gur éalú ó sin atá sa ngearán.

5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2018?

Bhí rún agam filleadh ar an aclaíocht agus cúig chineál rás éagsúil a dhéanamh. Déatlan, tríatlan, rás reatha, rás eachtraíochta agus rás rothaíochta agus tá siad ar fad déanta anois agam!

Fág freagra ar '‘Fúinn féin atá sé, agus éalú ó sin atá sa ngearán’ – súil siar ar 2018 le Rónan Mac Con Iomaire'