Fud fad na tíre tá na tinte cnámh á lasadh agus ómós á thabhairt do laochra Gael

Gaiscí na gclubanna i mbéal an phobail agus smidiríní déanta den tsíleáil ghloine i gCorcaigh

Fud fad na tíre tá na tinte cnámh á lasadh agus ómós á thabhairt do laochra Gael

Anthony Nash le Cheann Tuirc. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Táimid ag druidim i dtreo dheireadh na bliana agus críoch á cur leis na comórtais éagsúla iomána. Dar ndóigh ní bhíonn aon bhliain nach mbíonn roinnt curadh nua againn agus ainmneacha nua greanta ar na coirn éagsúla.

Fud fad na tíre tá na tinte cnámh á lasadh agus pobail ag tabhairt ómóis dá laochra, go háirithe laochra na gclubanna nár dhein a leithéid de ghaisce cheana.

Anseo i gCorcaigh tá a ngaisce féin déanta ag Ceann Tuirc, iad ina seaimpíní idirmheánacha iomána agus peile agus craobh iomána buaite chomh maith acu. Is mór an t-iontas é sin do chlub atá suite i réigiún láidir peile. Leis na blianta fada cáil na peile agus an cheoil ba mhó a bhí ar Dhúiche Ealla.

Is beag club sa dúiche seo a bhíodh ag plé leis an iomáint thar ghrád na sóisear (má bhac siad léi in aon chor) ach féach anois go bhfuil club ann a bheidh ag imirt sna sinsir an chéad séasúr eile.

Dar ndóigh níl an feachtas idirmheánach críochnaithe fós agus iad ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Ach ní fás aon oíche é seo. Tá mórán buaite ag an mbuíon seo imreoirí agus laochra mar Anthony Nash, Aidan Walsh agus Lorcán McLoughlin mar chnámh droma acu.

Sa chontae céanna is bean atá ag tuilleamh na gceannlínte agus a hainm curtha sna leabhair staire aici mar gurb í an chéad chathaoirleach mná ar aon Bhord Contae CLG. Sea, is ag Tracey Kennedy atá an onóir sin agus a háit ag barr an bhoird á glacadh aici.

Ní aon dabht ach gur éacht é sin, go háirithe i gCorcaigh mar a raibh réimeas a bhí beagnach ollsmachtach ann le blianta fada. Deir sé mórán faoin mbean féin gur choinnigh sí a cúrsa, go háirithe trí bliana ó shin nuair a cuireadh an t-uafás brú uirthi agus í san iomaíocht do phost an leaschathaoirligh. Ach sheas sí an fód agus thaispeáin sí go bhfuil mianach inti. Beidh an mianach sin ag teastáil uaithi.

Tá súil ag cuid mhaith den lucht leanúna go mbuafaidh Kevin O’Donovan an toghchán don phost a bhí ag Tracey Kennedy mar leaschathaoirleach. Tá daoine den tuairim go bhféadfadh an bheirt acusan iarracht níos fearr a dhéanamh na hathruithe atá ag teastáil go géar ó bhun go barr ar Chumann Lúthchleas Gael sa chontae seo a chur i gcrích.

Trasna na teorann tá iománaithe Phiarsaigh Luimnigh fós ag cur leis na gaiscí stairiúla atá déanta acu. Is cosúil gur ina thús atá siad.

An Domhnach seo caite thugadar leo abhaile an corn cúige den cheathrú huair agus gan cluiche amháin féin caillte fós acu sa chúige.

Bhuadar a gcéad chraobh shinsir chontae in 2011 agus gach re bliain ó shin thugadar craobh an chúige leo chomh maith. Dar ndóigh b’éigean dóibh cúpla iarracht a dhéanamh le Craobh na hÉireann a bhuachan ach rinneadar san in 2015 agus tá gach seans ann go mbeidh siad i bPáirc an Chrócaigh arís ar Lá Fhéile Pádraig.

Bhí an dearcadh ann tráth den saol go mbíodh na Piarsaigh sórt bog ach thugadar ar dhaoine an tuairim sin a athrú agus a chur de dhroim seoil. Tá iliomad laochra acu: Cathal King, Will O’Donoghue, na deartháireacha Dempsey agus Breen agus a leithéidí. Imreoirí iad  a sheasann an fód nuair is gá agus a spreagann na himreoirí timpeall orthu.

Agus 2018 ag teannadh linn, ní mór an fhírinne ghlan a aithint: déanfaidh siad tuilleadh gaiscí fós.

Fág freagra ar 'Fud fad na tíre tá na tinte cnámh á lasadh agus ómós á thabhairt do laochra Gael'