Fuarú beag bídeach ach é fós ina bhrothall

De réir na dtaifead is déanaí ó Met Éireann, ba ag Aerfort na Sionainne inné a bhí an teocht ab airde fós an tseachtain seo, nuair a shroich sé 32 céim Celsius

Fuarú beag bídeach ach é fós ina bhrothall

Beidh an teocht ag titim de bheagán ag an deireadh seachtaine ach é fós ina bhrothall.

Lá tirim faoi cheo brothaill a bheas ann amárach ach d’fhéadfadh go mbeadh ceathanna ann ar chósta an iarthuaiscirt amach sa lá.

Titfidh an teocht de bheagán in áiteanna san oirthear mar a mbeidh gaoth bhog anoir agus meastar go mbeidh sé idir 22 agus 25 céim Celsius. Sa chuid eile den tír, táthar á thuar go mbeidh sé idir 26 agus 28 céim Celsius.

De réir na dtaifead is déanaí ó Met Éireann, ba ag Aerfort na Sionainne inné a bhí an teocht ab airde fós an tseachtain seo, nuair a shroich sé 32 céim Celsius.

B’in an dara teocht ab airde riamh a taifeadadh in Éirinn agus ba i gCill Chainnigh in 1887 a taifeadadh an teocht ab airde riamh, 33.3 céim Celsius.

Ar an Domhnach, leanfaidh an dea-aimsir uirthi, beidh neart gréine againn ach go mbeidh ceo teasa in áiteanna.

D’fhéadfadh corrchith titim san iarthar agus tá báisteach throm á tuar i gCúige Mumhan. Gaoth mheasartha a bheidh ann agus cé go mbeidh an teocht ard, tiocfaidh fuarú beag de réiir a chéile.

Idir a 22 agus a 26 céim Celsius a bheidh an teocht san oirthear agus sa deisceart ach beidh sé níos teo i lár tíre, áit a bhféadfadh sé a bheith 29 céim Celsius.

Beidh oíche Dé Domhnaigh glan agus na ceathanna ag laghdú i rith na hoíche. !6 nó 17 céim an teocht is ísle a bheidh againn.

D’fhéadfadh an Luan a bheith níos scamallaí agus ceathanna a bheith againn ach beidh sé te.

Teas agus grian atá geallta do thús na seachtaine seo chugainn chomh maith ach ní bheidh sé chomh te agus a bhí sé le seachtain agus fanfaidh an teocht sna fichidí.

Le mar a bhogfaidh an t-ardbhrú leis soir ó thuaidh is mó seans a bheidh againn braon báistí a fháil.

Fág freagra ar 'Fuarú beag bídeach ach é fós ina bhrothall'