Chinn an t-iarAire Pobal Paul Givan deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta ‘Líofa’ in ainneoin gur chuir oifigeach sinsearach ina Roinn ar a shúile dó go bhféadfadh a leithéid de chinneadh droch-cháil a tharraingt air sna meáin chumarsáide.
Bhí baint ag cinneadh Givan maidir le scéim ‘Líofa’ leis an aighneas idir Sinn Féin agus an DUP ba chúis le titim Stormont níos luaithe i mbliana. Ach de réir eolais atá foilsithe ar an suíomh Meon Eile inniu, rinne Givan an cinneadh in ainneoin gur ullmhaíodh cáipéis dó inar leagadh amach na himpleachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith leis.
I mí Eanáir, rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar cháipéisí a bhain le cinneadh conspóideach an iar-aire Givan deireadh a chur, i mbéal na Nollag seo caite, leis an deontas Gaeltachta, ach dhiúltaigh an Roinn Pobal don iarratas sin.
Mhaígh an Roinn go “mba réasúnta a mheas go gcuirfí srian ar oifigigh tuairimí macánta, oscailte a chur in iúl” dá dtabharfaí an t-eolas faoi chinneadh Givan do Tuairisc.ie.
Dúradh chomh maith go rabhthas ag diúltú don iarratas chun nach mbeadh imní ar dhaoine tuairimí a chur ar fáil d’Aire.
Cuireadh cuid den eolas sin ar fáil an mhí seo don Committee on the Administration of Justice, a rinne gearán faoi chosc na Roinne ar sceitheadh cáipéisí a bhain le cinneadh Givan.
Tá eolas as na cáipéisí sin, a fuair an Coiste, foilsithe inniu ag Meon Eile. De réir na cáipéise, chuir oifigeach sinsearach comhairle ar an Aire sula ndearna sé an cinneadh go bhféadfadh go n-eascródh “negative media attention” as an scéal go raibh deireadh á chur le scéim Líofa.
Dúradh chomh maith go bhfágfadh a leithéid de chinneadh níos lú daoine óga agus fásta in acmhainn freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.
“Without departmental funding the majority of the 96 students who completed the course [sa bhliain 2015] would not have been able to afford to take part in the scheme. Of the 100 successful applicants this year, 73 were in receipt of social security benefits, and 23 were receiving tax credits (in work benefits).”
“This illustrates that without government intervention it is highly likely that at least 73 per cent of successful applicants would not have been able to afford to pay for the course and accommodation, as their parents are solely reliant on social security benefits.”
Ar an 19 Nollaig, ceithre lá sular fhógair sé go raibh deireadh á chur aige leis an deontas £50,000 don scéim Ghaeltachta, thug an t-iarAire Givan freagra gonta ar an gcáipéis a cuireadh faoina bhráid.
“Minister has seen your submission and indicated his preferred option in relation to the gaeltacht bursary scheme. Minister has commented ‘no scheme’”.
D’fhógair Givan ag tús na bliana seo go raibh a chinneadh maidir leis an scéim á chur ar ceal aige agus mhaígh sé nár chinneadh polaitiúil a bhí i gceist.
Dúirt an t-iarAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir le Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana gur chóir go gcuirfí os comhair an phobail “gach eolas a bhaineann le cinneadh conspóideach” Givan “le go mbeidh an fhírinne lom ag an bpobal”.
“Leoga, is siocair gur “ceist bheo” í an Ghaeilge faoi láthair gur chóir cinntí an iar-Aire a bheith faoin spotsolas — bheadh sé thar a bheith suimiúil, mar shampla, fios a bheith ag an phobal cad í an chomhairle a fuair sé sular ghearr sé na sparánachtaí céanna i mbéal na Nollag,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Fuair Givan rabhadh maidir leis an ‘negative media reaction’ a leanfadh a chinneadh deireadh a chur le scéim Ghaeltachta ‘Líofa’'