FUAIM/FÍS: Éistigí le lucht buaite na ngradam ag Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2016!

Is í Eve Belle, ceoltóir agus amhránaí as Min an Chladaigh i nGaeltacht Thír Chonaill, a bhuaigh Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2016

Seic €1,000 agus trófaí á mbronnadh ar Eve Belle
Seic €1,000 agus trófaí á mbronnadh ar Eve Belle

 

Eve Belle ag canadh ‘An Craiceann agus Cnámha’

Ba san Ostán Seven Oaks i gCeatharlach a roghnaíódh an t-amhrán nuachumtha  a bheidh san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2016 a reáchtálfar ag deireadh na míosa i gCeatharlach.

Ba iad Síle Seoige, Stiofán Ó Fearail agus Deirdre Nic Eanruig a bhí ar an bpainéal moltóireachta don Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2016 agus ba í Eve Belle a thug an duais léi don amhrán ‘Craiceann agus Cnámha’ a chum sí féin. Bhí Keith Johnson, Bainisteoir Margaíochta IMRO, i láthair chun an seic €1,000 agus trófaí an chomórtais a bhronnadh uirthi. Beidh Eve Belle i gCeatharlach arís ar an 31 Márta nuair a chanfaidh sí a hamhrán sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach agus í san iomaíocht le buaiteoirí na dtíortha ceilteacha eile; Alba, an Bhriotáin, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhreatain Bheag. An grúpa IMLÉ as Baile Átha Cliath a bhuaigh an dara dais le  ‘Fún Orm’ agus tháinig Aoife Scott sa tríú háit leis an amhrán ‘Slán Leat’ a chum sí féin agus Enda Reilly. Gael Linn a rinne urraíocht ar na duaiseanna.