FUAIM: Thug RnaG 12 uair an chloig do scoth na gceoltóirí trí amhrán Gaeilge a chumadh…

Cuirfear tús anocht le ‘An Seisiún’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, sraith nua cheoil a bhfuil cur chuige neamhghnách aici

FUAIM: Thug RnaG 12 uair an chloig do scoth na gceoltóirí trí amhrán Gaeilge a chumadh…

Pádraig Ó Conghaile, MC Muipéad

Cuirfear tús le sraith nua cheoil ar Raidió na Gaeltachta anocht, a thugann dúshlán ceoltóirí amhráin i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh taobh istigh d’am teoranta i stiúideo ceoil i mBaile Átha Cliath.

‘An Seisiún’ is ainm don tsraith nua sé chuid seo, atá á láithriú agus á léiriú ag Cian Mac Cárthaigh agus Lisa McGeough.

Le linn na sraithe, cloisfimid mar a d’éirigh le ceoltóirí nuair a chaitheadar oíche sa stiúideo i mbun cumadóireachta, agus é de rún acu trí amhrán nua i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh i dtréimhse 12 uair an chloig.

I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil ar ‘An Seisiún’, beidh Colm Mac Con Iomaire, an fidléir aitheanta as Baile Átha Cliath, Rónán agus Colm Ó Snodaigh ó Kíla, Louise Gaffney agus David O’Connor ó Come On Live Long, Ríona Sally Hartman, Inni-K, Stiofán Ó Fearail ó Seo Linn agus Rosa Nutty agus Daithí.

Is é Karl Odlum, a bhfuil a lorg le brath ar shaothar The Frames agus Ham Sandwich, i measc go leor eile, a d’oibrigh i gcomhar leis na ceoltóirí chun na hamhráin a chur le chéile.

Sna cláracha, cloistear na grúpaí i mbun oibre i gcaitheamh na hoíche, agus faoi mar a éiríonn leo teacht le chéile chun an sprioc a bhaint amach.

Cinntíodh go bhfuil éagsúlacht mhór sna 18 amhrán a cumadh mar gur cuireadh ceoltóirí a bhfuil cúlraí agus stíleanna ceoil éagsúla acu i mbun cumadóireachta le chéile.

Dúirt Colm Ó Snodaigh, a bheidh i mbun cumadóireachta le Ríona Sally Hartman agus Aindrias de Staic i gclár a sé, gur bhain sé “ríthaitneamh” as bheith páirteach sa tsraith.

“Bhaineas ríthaitneamh as an am sa stiúideo, as an gcur chuige, as an bpróiseas, as an dtaifeadadh, as an idirghabháil, as an bpleidhcíocht le fuaim agus foinn, agus as an mbunsmaoineamh taobh thiar den togra,” a dúirt Colm Ó Snodaigh .

Tá an tsraith cheoil nua seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta bunaithe ar Sesiwn UNNOS, sraith a raibh rath uirthi a craoladh ar BBC Radio Cymru sa Bhreatain Bheag, agus ar chuir an léiritheoir aitheanta ceoil Dyl Mei tús leis.

Ó thraidisiún ársa na Breataine Bige ‘Ty Unnos’ a tháinig an bunsmaoineamh don chlár. Ba é an dóchas a bhí ag bunaitheoirí an chláir ‘go bhféadfaidís an talamh a choinneáil dá n-éireodh leo teach a thógáil air thar oíche’ agus tá an dóchas céanna ag lucht ‘An Seisiún’.

– Craolfar an chéad chlár sa tsraith anocht ag 9pm ar RnaG agus beidh sé ar fáil ar an seinnteoir ina dhiaidh sin. Éist le blaisín beag anseo.