FUAIM: ‘Tá sé togha a bheith in ann cupán caife a cheannach ach tá i bhfad níos mó i dteanga ná an chumarsáid thanaí sin’ – Gearóid Denvir

Tá cáineadh géar déanta ag údar agus iar-ollamh le Gaeilge ar an chúrsa nua Ardteiste don Ghaeilge, is deir gur cosúil go bhfuil ‘dearmad glan déanta’ ag an stát ar an dualgas atá air daoine a chumasú sa teanga

FUAIM: ‘Tá sé togha a bheith in ann cupán caife a cheannach ach tá i bhfad níos mó i dteanga ná an chumarsáid thanaí sin’ – Gearóid Denvir

Tá cáineadh géar déanta ag Gearóid Denvir, údar agus iar-ollamh le Gaeilge, ar an chúrsa nua Ardteiste atá le tabhairt isteach don Ghaeilge.

Ag trácht dó faoin siollabas nua, T1 agus T2, atá beartaithe don Ghaeilge, dúirt Gearóid Denvir go raibh “díchultúrú iomlán” á dhéanamh ar an teanga “mar ábhar, mar earra cultúrtha agus mar oidhreacht choitinn de chuid na tíre seo”.

“Tá sé togha a bheith in ann, mar a deir siad, cumarsáid a dhéanamh nó cupán caife a cheannach nó comhrá a dhéanamh bunaithe ar phictiúr faoi thimpiste ghluaisteáin ach tá i bhfad níos mó i dteanga ná an chumarsáid thanaí sin ar leibhéal an-íseal.

“Tá dhá mhíle go leith bliain d’fhorás daonna, d’fhorbairtí in intinn agus in anam an duine… le feiceáil in san traidisiún sin, an duine ag dul i ngleic leis an saol, agus má tá muid le feidhmiú ar leibhéal ard daonnachta, má tá muid le feidhmiú ar leibhéal atá fiúntach dúinn mar dhaoine daonna, caithfidh muid a bheith in ann é sin a dhéanamh in sa teanga atá againn,” a dúirt Gearóid Denvir.

Agus a leabhar nua An Peann is a Bhfuil Ann, foilsithe ag Coiscéim á sheoladh ar an chlár Iris Aniar ar maidin, cháin sé a theoranta is atá an siollabas nua Ardteiste don Ghaeilge T1 i gcomparáid le siollabas an Bhéarla.

“Má dhéanann tusa Béarla mar T1, mar a chaitheas chuile duine sa tír seo a dhéanamh, muintir na Gaeltachta, muintir na Polainne, na Sínigh atá ag teacht isteach, na nua-Éireannaigh seo uilig atá ag teacht isteach sa tír, léann tú 48 dán le ochtar nó naonúr filí, léann tú trí nó ceithre úrscéal, léann tú dráma le Shakespeare.

 

“Má dhéanann tú Gaeilge, tá ceithre scór leathanach próis, tá dhá cheann déag nó trí cinn déag de dhánta agus cuid acu sin coillte, ‘An Spailpín Fánach’, gan ann ach ceithre véarsa faoi láthair. Ní thugann sé sin saibhreas cultúrtha sách domhain don duine agus é nó í ag iarraidh dul i ngleic leis an saol.”

Dúirt Denvir go raibh “faitíos” air go raibh “dearmad glan déanta” ag an stát ar an dualgas atá air daoine a chumasú sa teanga.

“Tá sé de dhualgas ar an stát freastal orainne, pobal an stáit sin, agus a chumasú dúinn go mbeadh muid in ann é sin a bhaint amach agus faitíos orm in san machnamh ar fad atá ar bun mar shampla, sa dréachtsonraíocht seo don Ardteist, go bhfuil dearmad glan déanta ar an mbunphrionsabal sin.

“Níl tú ag iarraidh an seansaol a thabhairt ar ais, níl tú ag iarraidh Peig a thabhairt ar ais mar bhuntéacs ar an Ardteist ach fós féin caithfidh tú an dream atá ag déanamh an chúrsa a chumasú go maith in sa teanga ar leibhéal T1, agus más T1 atá i gceist, sin do theanga dhúchais, do chéad teanga agus níl sé sin á dhéanamh in sa chineál machnaimh atá ar bun ag an Stát, agus an NCCA agus an Roinn Oideachais faoi láthair,” a dúirt Gearóid Denvir.

An scríbhneoir agus Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Alan Titley a sheol leabhar nua Ghearóid Denvir ar Raidió na Gaeltachta ar maidin agus rinne Titley a cháineadh féin ar an chur chuige i leith na Gaeilge sa chóras oideachais.

Dúirt Titley gur léiriú é “teip ghránna” an chórais oideachais i leith na Gaeilge go bhféadfadh mic léinn tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge agus gan oiread agus leabhar amháin léite acu.

“Bhí mic léinn agamsa a tháinig isteach go UCC agus chuirinn ceist orthu cad a bhí léite agat i nGaeilge agus ní bhíodh oiread agus leabhar amháin léite acu. Tá tú ag tosú ar chúrsa ollscoile agus gan oiread agus leabhar amháin léite agat. Tá sé sin scannalach agus uafásach agus is teip ghránna í sin,” a dúirt Alan Titley.

Fág freagra ar 'FUAIM: ‘Tá sé togha a bheith in ann cupán caife a cheannach ach tá i bhfad níos mó i dteanga ná an chumarsáid thanaí sin’ – Gearóid Denvir'

  • Micheál

    Labhairt na Gaolainne amháin a shábháilfidh í. Is maith agus is tábhachtach an prós agus an fhilíocht, ach mairfidh an rud athá scríte go deo. Ní mhairfidh teanga gan í a labhairt.

  • Eimear

    Is léir nach dtuigeann na hacadóirí agus lucht an eilít go bhfuil géarchéim teangan ann! Pingineacha deasa as leabhar a scríobh….

  • Seán Ó hAodha

    Faoi dheireadh tá an siollabas fhéin á phlé agus ní an bónas .
    Tá gá le modúl filíochta (roghnach más gá) a bheith sa gcúrsa T1 ina mbeadh cuid des na dántá a bhíodh sna díolaimí mhóra scoile ar nós Filíocht na nGael, Duanaire na Meánteiste, Diolaim Filíochta don Ardteist srl . Tabhairfeadh sin blaiseadh den fhilíocht do dhaltaí.

    Is féidir aighneacht faoin chúrsa nua T1 a sheoladh ag comhairliuchanT1@ncca.ie roimh 31 Lúnasa 2021.

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Ní fhéadfaí ach aontú le Gearóid agus Alan agus a bhfuil ráite acu. ‘Beatha teanga í a labhairt agus buanú teanga í a scríobh’, a deirtear. Ní thig le teanga maireachtáil go fadtéarmach gan freastal ‘go cuimsitheach’ ar dhá eite sin na teanga, i.e., labhairt agus litríocht. Is iad an ‘labhairt’ agus an ‘litríocht’ an chumarsáid (príomhfheidhm theanga ar bith) atá luaite ag Gearóid. Ní hionann ‘cúrsa’ a theagasc agus teanga a ‘mhúineadh’. I gcás an Bhéarla ar an dara leibhéal, tá idir theagasc chúrsa agus mhúineadh teanga i gceist. Tá múinteoirí iontacha Gaeilge againn ar ‘múinteoirí teanga’ iad, a thuigeann tábhacht an déachais thuasluaite agus a théann i bhfad thar srianta an ‘chúrsa thanaí’ atá luaite ag Gearóid. Tá roinnt eile ar ‘teagascóirí chúrsa’ iad agus, fiú ansin, a dhéanann an beagán den litríocht atá ‘le clúdach’ a ghearán. Táimid ag an bpointe gur ‘píosaí de litríocht’ a chreideann daltaí a bheith i litríocht na Gaeilge. Go deimhin, táimid ag an bpointe gur ‘píosaí de litríocht’ a chreideann ‘roinnt múinteoirí’ a bheith i litríocht na Gaeilge. Síocháin le mo mháthairse agus na focail uaithi lá, agus í ag druidim chun bháis: ‘What price language?’ Cuimhnimis gur bunchuid d’fhoghlaim teanga, idir labhairt agus scríobh, ná an foghlaimeoir a shíneadh maidir le foghlaim foclaíochta, foghlaim litríochta, foghlaim struchtúir, foghlaim staire et al. – é sin uile i gcomhthéacs na labhartha agus na litríochta. Ní eitleoidh an t-éan arb í teanga (ar bith) gan an déachas sin. Tá gá ag páirtithe áirithe breathnú go fuarchúiseach oibiachtúil ar a gcosantacht agus a gcúngacht maidir leis an rud is teanga ann agus maidir leis an dochar atá á dhéanamh ag an gcosantacht agus an chúngacht sin do thodhchaí na teanga. Cothaimis grá, doimhneacht measa, saibhreas teanga, tuiscint. Measaim go bhfuil smaointeoireacht COGG chun tosaigh ar aon údarás eile sna tuiscintí sin maidir le lucht bunleibhéil agus dara leibhéil araon, agus seans gur trí’n gcomhchoiste sin a thiocfaidh eochair na fuascailte. Ré Ó Laighléis

  • Micheál

    Go bhfoire Dia orainn ! Tá an Béarla ag tachtadh na Gaolainne i gclósanna naíscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna na Gaeltachta. Sa chuid eile den tír tá teagascóirí go leor gur ar éigin atá a gcumas labhartha mórán níos fearr ná a gcuid daltaí. Cén chabhair dóibhsean an scríobh a dhéanfaidh ‘buanú’ ar an teanga, an ‘litríocht’, an ‘struchtúr’ nó an ‘stair’ ? Tá sé in am ag daoine éirí as an mórchúis agus droim a tabhairt don amaidí seo faoi ‘chungacht do thodhchaí na teanga.’ Slite chun daoine a chur á labhairt. Sin a theastaíonn.

  • Dónall

    Is i Utopia atá lucht an ailt. Níor mhór dóibh cos a leagan i seomra ranga agus is gearr go ndúisfidís óna bhfís. Scoileanna gur fearr an Ghaelinn atá ag na scoláirí ná ag a gcuid múinteoirí…beidh seo amhlaidh an t-achar a bheas scoileanna ag tabhairt jabanna ar bhonn “it is not what you know but who you know”.

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    An ceart ag Micheál – ‘slite chun daoine a chur á labhairt’,, cinnte. Tá sin aitheanta sa mhéid a dúirt mé cheana. Ach ní leor sin. Tá gá leis an uile ghné de theanga a bheathú len é a choinneáil slán, buan. Tá an fhianaise ann go domhanda ar mhionteangacha a imíonn le gaoth mar gur faoi aon ghné amháin den teanga a fhágtar iad. Ar an dóigh sin, casann siad ina mbreactheangacha, ansin go pidgin. Níl fumsa caitheamh anuas ar mhúinteoiri agus gan chreidiúint a thabhairt dóibh siúd ina measc atá iontach. Níl fúm caitheamh anuas ar thuairim Mhichíl, ach oiread. Bheimis go léir faoi chomaoin ag Micheál dá roinnfeadh sé linn na slite a shamhlaíonn sé a bheith éifeachtach chun an teanga a shlánú.

  • Sinéad

    Ár ndóigh feileann sé do na húdair / saineolaithe/ taighdeoirí an teanga a bheith ar phár chun cinn ar a labhartha. An Béal Bocht….

    Cé hiad an Comhchoiste a luaitear sa mhír thuas? Comhchoiste na Páile?

  • Dónall

    Nì chìm duine amháin den dream thuas ag feidhmiù ag leibhéal an tseomra ranga! Saineolaithe go deimhin ar oideachas Gaeltachta!

  • Catherine O Ceoinin

    Ta an ceart go h-iomlan ag Denvir agus Titley maidir leis an di-chulturu a deineadh ar na clair teagaisc i dteangacha sa tir seo o dheireadh na 1960s i leith. Bhiodh litriocht larnach sa gcoras i muinteoireacht teangachai don dara leibheil go dti sin…bhi filiocht, dramai agus urscealta i gceist nusir a bhi mic leinn ag foghlaim na Gaeilge anus na Fraincise. Ach bhi tuairim comonta ann ag an am nach raibh dothain beim at an teanga labhartha, go raibh an iomarca ama caite le graimear agus ceart na dteangachai agus gur fhagadh na mic leinn gan cumas labhartha sa ghnath shaol. Deineadh in-fheistiu an-mhor ar “language laboratories”, tugadh droim laimhe do chruinneas agus ceart na dteangachai agus ni raibh leargas ag na mic leinn nios mo ar fhiliocht, dramai no an stair culturdha a bhi mar bhunus leis na h-abhair sin. Ina ait sin, sa bhFraincis, chaitheadh na blianta ag ple le gneithe den ghnath shaol…turas sa Metro, cursai bialainne, ait a chur in airithe in ionad campala…rudai a fhoghlaimionn cuairteoir sa bhFraince taobh istigh de chupla uair a chloig!
    Is ionann teanga a mhuineadh gan an culra culturdha a bhaineann leis na cur le aineolas an dalta scoile.
    Is oscailt don saol ata i gceist nuair a chuireann an dalta eolas ar chultur eile, ar ealaion, stair, ceol, scannain agus ar dhearcadh eile faoin domhain ina bhfuil muid. Chuir an Roinn Oideachais in Eirinn deireadh leis an saibhreas sin nuair a dhibir siad litriocht o mhuineadh na dteangachai i gclair foghlamtha sa dara leibheil.

  • KH

    An pointe simplí atá ag an mbeirt thuas ná go gcuidíonn an léitheoireacht le duine feabhas a chur ar a chuid Gaeilge labhartha, rud atá fíor agus a thagann chun barra ach éisteacht leis an agallamh ina iomláine.

    Cuir leis sin tréimhsí fada sa Ghaeltacht agus siúd iad bunuirlisí an dea-fhoghlaimeora, faoi mar atá cruthaithe ag caint chraicneach an dá ollamh féin.

  • Micheál

    Ní raibh léamh ná scríobh ag cuid den dream ab fhearr a raibh Gaolainn acu !

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Nár lige Dia go gceapfaí go bhfuil Micheál anois ag moladh gur fearr as a bheadh daoine dá mbeidis gan léamh agus gan scríobh! Samhlaigh a fheabhas agus a bheadh an ‘chuid den dream ab fhearr a raibh Gaolainn acu’ dá mbeadh an léamh agus an scríobh sin anuas ar labhairt na Gaeilge acu. Nár saibhre fós iad? Nár shláintiúla an Ghaeilge dár bharr? Fágfaidh mé agat é, a Mhichíl, os léir idir ghaois agus fhís ar leith a bheith agat, agus idir léamh agus scríobh agat féin, bail ó Dhia ort. Ach na slite úd a luaigh tú … ?

  • Eimear

    Na scoláirí ab fhearr Ré i saibhreas teangan, níor osclaíodar leabhar Gaeilge ariamh agus is dá mbarr go bhfuil an Ghaeilge fós againn. Nì de bharr lucht na taighde ná eilít na Gaeilge go bhfuil sí againn go fóill ach de bharr na scoláirí nár iompaigh a ndroim leis an teanga agus nach teanga oibre amháin dóibh í!

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Ní chun easaontas a chothú atáim páirteach sa chomhrá seo, a Eimear, ach chun súil eile a chur i láthair. Mar sin, tá meas agam ar cheart an uile dhuine a t(h)uairim a fhógairt. Tá meas agam ar do thuairimse. Agus, más i ngeall ar na scoláirí ab fhearr nár oscail leabhar Gaeilge riamh go bhfuil an Ghaeilge fós againn, bhuel, tá an Ghaeilge slán, más ea. Mar sin, céard é is ábhar imní dúinn ar chor ar bith? Ach ní fheicim gur locht ar bith é ar na scoláirí ab fhearr i saibhreas teangan a bhfuil leabha(i)r G(h)aeilge oscailte acu gur mar sin atá. Áirim Gearóid Denvir agus Alan Titley a bheith ar bheirt de na scoláirí is fearr agus áirím dílseacht a gcuid gníomh d’ár dteanga – beirt a tháinig as teaghlaigh nárbh í an Ghaeilge an teanga dhúchais iontu, ach a d’fhéach chuige gur thug siad leo saibhreas na teanga sin. Ceiliúraimis sin! Maidir liom féin, níl ionam ach buachaill reatha ar de chosmhuintir Bhaile Átha Cliath mé, agus mo chuid Gaeilge (agus aon cheart a bheadh agam tagairt a dhéanamh do chás na Gaeilge) bacach dá réir … b’fhéidir. Agus, mar eolas dóibhsiúd ar toil leo a mhalairt a cheapadh, ní bhainim le h-aon eilít, ní taighdeoir mé, ní acadóir mé (ní siúinéir, pluiméir, dochtúir leighis nó eile mé). Agus, dá mba ea féin, nach mbeadh de cheart agam tuairim i leith na teanga is ansa liom a bheith agam? Anuas air sin – seo nóta do aineolaí ar bith a thoilfeadh a mhalairt a cheapadh – ní raibh seachtain le dhá scór bliain anuas nár sheas mé ag barr ranga scoile. Cuirimis dínn ár gclaontaí agus oibrimis le chéile, in ainm Dé.

  • Micheál

    Aontaím le Ré agus a bhfuil ráte aige i dtaobh Ghearóid Denvir agus Alan Titley. Gan amhras tá siad ar bheirt de na scoláirí is fearr atá ann agus iad le moladh as “dílseacht a gcuid gníomh d’ár dteanga”. Léiríonn an mháistreacht atá acu ar an nGaolainn nach gá gur sa Ghaeltacht a shaolófaí duine go mbeadh seisean nó sise ina chainteoir líofa. Ach is mór idir neart na teangan inniu agus an uair ar thosaigh an bheirt acu á foghlaim os cionn 50 bliain ó shin. Inniu tá an tobar chomh tanaithe sin gur ar shlánú na Gaolainne mar theanga labhartha ba chóir an bhéim a bheith. Ag an tráth seo agus b’fhéidir riamh anall, is tábhachtaí an teanga labhartha ná aon ghné eile. Níl aon easpa litríochta, etc sa Laidin, ach ná habair liom nach mór an míbhuntáiste don teanga sin nach bhfuiltear á labhairt a thuilleadh. Nuair a thagann an lá nach bhfuil de thábhacht le teanga ach cáipéisí atá scríofa, tá an cath caillte.

  • Pádhraic Ó Láimhín

    An chéad rud.. grá don teanga
    An rud is bunúsaí..grá don teanga
    An rud is tábhachtaí..an teanga a labhairt mar go dteastaíonn uait í a labhairt.
    Caighdeán? Fásfaidh sin ón ngrá don teanga mar beidh dúil ag an duine an teanga a fhorbairt.
    Beidh foghlaimeoirí ag féachaint ar TG4 agus ag éisteact le RNA G agus beidh suim acu SA chroí traidisiúnta mar chuid den chultúir.
    Is breá liom duine a chloisteáil ag iarraidh cupán caife tré Ghaeilge in áit May I have a cup of coffee please.
    Is fearr a bheith dearfach in áit a bheith ag clamhsán.
    Má tá grá ag an múinteoir don Ghaeilge beidh grá ag na léinneoirí don teanga.
    Cé mhéid focal a úsáideann duine I ngnáth chaint laethiúil? Idir 500-800 focal agus na focail céanna gach lá I dteanga ar bith
    Cuimhnigh ar sin mar is caint fheidhmiúil atá ó dhaoine chun cumarsáid an lae a dhéanamh!
    Go n-éirí libh a fhoghlaimeoirí!!

  • Eimear

    Tá an cath caillte Mhíchil ag lucht an léinn. Tá lán dóchas agam in óige na Gaeltachta go dtabharfaidh siad an teanga ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile & seo in aineoinn maorlathas an Stáit ag cur chuile bhac suas ina gcoinne. Níl aon locht ar lucht na leabhar. Tá cúpla taighdeoir den scoth againn sa tír seo agus thar sáile atá ag briseadh a ndroim ar son na teanga agus an baol atá ann di. Dá dtógfaí ar bord an mhéid atá le rá ag na saineolaithe sin i leith buanú na teanga i measc óige na Gaeltachta, tacaíocht cheart do theaghlaigh Gaeltachta, maoiniú ceart dóibh a bpáiste a chur tríd choláiste/cúrsa traenála agus scéim na teanga labhartha a thabhairt ar ais, bheadh céim dhearfach ann. An áit go bhfuil scrios á dhéanamh ar inmharthaineacht na gceantar Gaeltachta ná an t-airgead atá an Stáit ag dumpáil isteach sna Quangos Ghaeilge. Ní dhearna na heagrais seo faic ariamh d’óige na Gaeltachta ná don Oideachas Gaeltachta. Is masla iad do Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tádar lonnaithe in Oirthear na tíre agus cé dóibh go bhfuileadar freagrach? Is dírithe ar óige na Gaeltachta gur chóir an maoiniú seo a threorú seachas chuig Quangos na Gaeilge.

    Tá an dóchas le coinneáil. Is iad an ghlúin óig, a dtuimitheoirí agus an pobal áitiúil nach ngèillfidh de chreimeadh na Gaeilge. Coinneodh muid an fócas agus an fís a bhì ag leithide Chaitlín Maude/ Liam Ó Flaithearta/ An Ríordánach & Ríthe na Gaolainne An Direánach & an Cadhanach. Is iadsan na Saineolaithe ar an nGaeilge chun cinn ar aon Ollamh léinn! Thuigeadar an dúchas agus na dúchasaigh.

  • D.

    An bhfuil tuiscint de litríocht Laidineach,
    le cloisteáil nó
    le feiceáil,
    áit ar bith inniu?

    An bhfuil obair Shakespeare ábhartha don ghéarchéim aeráide?

    D’aontas domhanda?

    B’fhédir ‘The Brothers Karamazov’ trí Ghaeilge, le ‘King Lear’ trí Bhéarla?

    B’fhéidir
    ‘The Brothers Karamazov’ trí Ghaeilge, le
    ‘King Lear’ trí Bhéarla,
    don ‘foghlaim ar feadh an t-saoil’ duine?

    An bhfuil géarhcéim ar bith ann?

  • Síle

    Ba chóir an t-alt agus an comhfhreagras seo a chur ar an siollabas! Cá bhfuair sibh na scileanna maithe scríobh agus léamh atá agaibh? Ábhar machnaimh agus comhrá atá anseo! Mura bhfuil duine in ann smaoineamh i nGaeilge ní bheidh sé/sí in ann í a labhairt.