FUAIM: Na céadta mír raidió Gaeilge ó thús ré RTÉ curtha ar fáil ar líne

Tá na céadta mír raidió i nGaeilge curtha ar fáil mar chuid de Bhailiúchán Dhioscaí Aicéatáite Chartlann RTÉ ar seoladh an chéad ghála di an tseachtain seo

FUAIM: Na céadta mír raidió Gaeilge ó thús ré RTÉ curtha ar fáil ar líne

Seán Ó Ríordáin ag caint ag Oireachtas na Gaeilge 1954 faoin ‘scoilt’ idir muintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí na cathrach, óráid insealbhaithe Dhubhghlais de hÍde i 1938, Micheál Mac Liammóir i mbun léirmheasa do Chlub Leabhar i 1953 agus Peig Sayers ag trácht ar ábhair éagsúla i 1947– sin agat cuid de na seoda cartlainne atá curtha ar líne ag RTÉ an tseachtain seo.

Tá na céadta mír raidió i nGaeilge curtha ar fáil mar chuid de Bhailiúchán Dhioscaí Aicéatáite Chartlann RTÉ ar seoladh an chéad ghála di an tseachtain seo.

SEÁN Ó RÍORDÁIN AG CAINT AG OIREACHTAS 1954

Tá an diosca aicéatáite ar an múnla taifeadta is sine atá i gcartlann raidió RTÉ agus mhair sé nó gur tháinig an téip mhaighnéadach isteach.

Tá ualach mór agallamh, píosaí cainte, cláracha agus amhrán Gaeilge, a taifeadadh idir na 1930idí déanacha agus na 1970idí luatha, san ábhar cartlainne nua.

Cuireadh ar líne mar chuid den bhailiúchán go leor ábhar ó Oireachtas na Gaeilge sna 1940idí agus 1950idí, míreanna a thugann éachtaint ar chuid de na difríochtaí idir féile na nGael an uair sin agus féile an lae inniu.

Ar na míreanna ón bhféile atá ar fáil athuair, tá siompóisiam ar an scríbhneoireacht ó Oireachtas 1949 le Ciarán Ó Nualláin, iriseoir agus údar, agus Tomás de Bhaldraithe, foclóirí.

Ó Oireachtas 1950 a thagann an taifeadadh d’amhrán i nGaeilge agus Breatnais, ‘Heidí Hó’, amhrán ar léir gur bhain an slua an-taitneamh as.

‘HEIDÍ HÓ’ – CEOL Ó OIREACHTAS 1950

Tá scata míreanna ann chomh maith a bhaineann le cúrsaí litríochta agus scríbhneoireachta.

Is féidir éisteacht sa chartlann ar líne le Liam Ó Flaithearta ag léamh óna scéal ‘An Beo’ i 1946, le Sean-Phadhraic, clár faoi Phádraic Ó Conaire a craoladh i 1952, nó le Fear agus Foclóir, clár faoin Athair Pádraig Ó Duinnín ón mbliain chéanna.

Ón mbliain 1952 a thagann na míreanna ó chlár faisnéise faoin iris Comhar a bheith 10 mbliana ar an bhfód agus an bhliain chéanna a craoladh clár faoin nuachtán An Claidheamh Soluis.

‘COMHAR’ a craoladh i mí Bealtaine 1942

Tá ábhar Gaeilge go leor curtha ar fáil a taifeadfadh ó áiteanna ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. I 1948 a craoladh Gaeltacht na Mí agus i 1951 chéad chualathas Gaeltacht Thír Eoghain.  Tá Rann na Feirste ó 1951 i measc scata clár ó Ghaeltacht Dhún na nGall atá ar fáil ar líne den chéad uair.

‘GAELTACHT NA MÍ’ – AGALLAMH LE SEÁN Ó MUIRCHERATAIGH

Cláracha suimiúla béaloidis iad leithéidí Caomhnóirí an Bhéil Bheo ó 1948, clár faoi obair Choimisiúin Béaloideas Éireann.

Mí Eanáir 1949 a craoladh Conamara: Aitreabh an tSean-tSaoghail.

Tá éachtaint ar fáil leis sa chartlann ar na cláracha Gaeilge a bhíodh á gcraoladh do pháistí – clár amhail Mála an Éithigh, a bhfuil an chéad eagrán de i 1944 le clos arís.

‘Na múinteoirí Tweet Tweet Tinín’ an teideal mealltach a bhí ar amhrán a taifeadadh i 1948 do chlár ceoil agus scéalaíochta do dhaoine óga.

NA MÚINTEOIRÍ TWEET TWEET TINÍN

Ar cheann de na chéad míreanna sa chartlann tá caint a thug an tAthair Ó Flanagáin i 1938 faoi chás na Gaeilge.

Díol suime chomh maith na héisteachtaí Gaeilge a taifeadadh de dhaoine a bhí ag iarraidh a bheith ina léitheoirí nuachta.

Fág freagra ar 'FUAIM: Na céadta mír raidió Gaeilge ó thús ré RTÉ curtha ar fáil ar líne'

  • KH

    Údar ceiliúrtha. An-áis oideachais a bheas ann.

    Treise leo siúd go léir a raibh baint acu leis an obair seo.

    Kevin Hickey

  • Colmcille Ó Monacháin

    Is cóir a chur ar an taifead (!) gur i mBéarla a chuireann RTÉ an t-ábhar digitithe i láthair ar a shuíomh gréasáin – na míreanna Gaeilge a luaitear san alt thuas san áireamh. A leithéid seo: “[In this recording] he speaks in Irish about the Irish language” (‘Sa taifeadadh seo, tá sé ag caint i nGaeilge faoin Ghaeilge’). Mo ghreidhn iad BBC Ireland.