Agus an tír uile ag tnúth go n-éireodh léi, bhí brú mór ar bhean Bhré agus í ag tabhairt aghaidh ar Sofya Ochigava na Rúise. B’iontach an trodaí a bhí in Ochigava chomh maith agus thug sí dúshlán Taylor, í chun cinn, 4-3, agus an dara babhta thart. Ach thaispeáin Taylor an mianach a bhí inti sa dá bhabhta dheireanacha agus thug sí an lá léi ar deireadh, 10-8.
Lá stairiúil a bhí ann agus cé gur ar éigean gur choinnigh sé guaim air féin, b’iontach mar a d’éirigh le Seán Bán Breathnach ó Raidió na Gaeltachta cur síos a dhéanamh dá lucht éisteachta ar mhórghaisce Taylor.
Ní dhéanfar dearmad ar a thráchtaireacht, agus tocht ina scornach ag éacht duine de laochra na hÉireann.
Fág freagra ar 'FUAIM: Cothrom an lae seo ceithre bliana ó shin bhain gaisce Katie Taylor deoir as SBB…'