FUAIM: ‘Bím ag bácáil agus bím amuigh ar an dtrampailín’ – a dtuairim tugtha ag páistí na Gaeltachta ar an saol ag baile

Agus iad faoi agallamh ag Edel Ní Loibhéad ar an gclár irise ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 'An Saol Ó Dheas', labhair páistí óga i gCorca Dhuibhne faoin saol faoi chuibhriú

FUAIM: ‘Bím ag bácáil agus bím amuigh ar an dtrampailín’ – a dtuairim tugtha ag páistí na Gaeltachta ar an saol ag baile

Bhí mórán daoine meallta ag an gcur síos iontach a rinne páistí óga i gCorca Dhuibhne ar RTÉ RnaG ar an saol aimsir an choróinvíris. Labhair scata páistí leis An Saol Ó Dheas faoi mar atá ag éirí leo na laethanta seo agus iad sáinnithe sa bhaile ag an gcoróinvíreas.

Labhair daltaí as Scoil Naomh Eirc, Scoil Mhaolchéadair, Scoil Bhaile an Fheirtéaraigh, Scoil Dhún Chaoin agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne le Edel Ní Loibhéad don gclár irise iomráiteach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné agus thug siad cuntais bhreátha ar na dúshláin is mó atá ina saol acu faoi láthair agus ar na suáilcí agus na duáilcí a bhaineann leis an gcuibhriú.

Bhí Eímhín Dalby, atá i Rang a 5, in ainm is a cóineartú a dhéanamh faoi cheann coicíse ach cuireadh ar ceal é de bharr an choróinvíris.

“Táim saghas trína chéile,” a mhínigh sí, “ach theastaigh uaim é a dhéanamh i Rang a 6 mar saghas ‘slán a rá’ leis an scoil.”

“Bhí gúna ceannaithe ag Mom dom do mo chóineartú ó Debenhams agus tá Debenhams ag dúnadh síos anois agus ní bheidh mé ábalta é a thabhairt thar n-ais agus beidh sé is dócha róbheag dom faoin dtráth a thiocfaidh an cóineartú.

“Is dócha go gcaithfidh mé é a chaitheamh an samhradh ar fad mar bhí sé saghas ag fáil beagáinín róbheag dom nuair a thug Mom dom é,” a dúirt Eímhín Dalby.

Cé go mbraitheann an-chuid de na páistí uathu a seantuismitheoirí agus a gcairde, thuigeadar gur ceart do dhaoine fanacht sa bhaile agus fanacht amach ó dhaoine eile.

Bhí breithlá ag Dara Mac an tSíthigh agus é sáinnithe sa bhaile. Cé nach raibh sé in ann cóisir a bheith aige lena chairde agus é sa bhaile, bhí sé in ann ceiliúradh a dhéanamh fós.

“Bhíos naoi an tseachtain seo caite agus de ghnáth bheadh ‘party’ agam. D’imríos sa tigh agus amuigh agus bhí císte againn agus d’fhág mo chairde bronntanais in aice leis an ngeata dom agus dheineas aghaidheanna ar na balúin ar fad,” arsa Dara Mac an tSíthigh.

Bhraith Siún Ní Fhlatharta uaithi a cairde ach bíonn sí ag caint le duine acu nuair a théann sé thar bráid.

“An rud is deacra faoi seo ná ní féidir liom mo chairde a fheiscint. Ní bhím i dteagmháil le mo chairde ach anois agus arís bíonn Cillian ag rothaíocht thar bráid. Bímid ag caint.”

Dúirt Ruairí Ó hUanacháin, 10, gurb é is measa “faoin gcéipear” ná go braitheann sé uaidh a chairde.

“An rud is deacra mar gheall ar an gcéipear seo uile ná nach féidir liom bualadh le mo chairde ar scoil agus nach bhfuil cead agam ach siúlóid 2km a bheith agam.”

Níl Ruairí díomhaoin ná baol air, áfach.

“Téim amach ag rothaíocht gach lá. D’fhoghlaimíos conas rothaíocht cúpla seachtain ó shin agus téim síos go dtí an baile gach lá agus bím amuigh ag ciceáil liathróide le mo Mham nuair a bhíonn seans againn. Táim ag cur pictiúirí ó na nuachtáin istigh i gcóipleabhar anois agus tá súil agam bailiúcháin mór a bheith déanta agam.”

“Tá sé an-dhian orm a bheith ag éisteacht leis an drochnuacht seo ar fad.”

“An rud is tábhachtaí ná treabhadh ar aghaidh. Tiocfaimid as seo uair éigin.”

Dúirt Róisín, 14, atá sa dara bliain i bPobalscoil Chorca Dhuibhne nach raibh an nuacht a bhain leis an scéal i bhfad ag imeacht.

“Ar dtús, bhíos sásta mar ní raibh a fhios agam cé chomh fada agus a leanfadh an tréimhse ar aghaidh go mbeinn ag an baile, ach anois tá sé ag méadú gach aon seachtain. Braithim uaim go mór na cairde mar ní féidir liom iad a fheiscint in aon chor ach bím i dteagmháil leo na haon lá.

“Nuair a bhíos ag imeacht ar scoil i gceart, bhí níos mó de smacht agam ó thaobh imeacht a chodladh agus i dtaobh mo chuid oibre a dhéanamh i gceart agus éirí níos luaithe ach anois éirím níos déanaí ná mar a bhí.”

Is iad na daoine atá le cloisteáil sa mhír thuas ná Ruairí Ó hUanacháin, JJ Ó Murchú, Tomás agus Dónal Ó Laighin, Rósín, Eímhín agus Seán Dalby, Méidhbhín, Sonaí agus Dara Mac a tSíthigh, agus Siún Ní Fhlatharta.

 

Fág freagra ar 'FUAIM: ‘Bím ag bácáil agus bím amuigh ar an dtrampailín’ – a dtuairim tugtha ag páistí na Gaeltachta ar an saol ag baile'

  • Áine

    ba iontach a bheith ag éisteacht leis na leanaí seo agus Gaelainn bhreá na háite acu agus iad breá ábalta iad fhéin a chur in iúl… maith iad agus coinnigí slán- bhí comhairle chiallmhar agus stuama acu leis.