FUAIM: A chéad agallamh Gaeilge déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers

Agus é ar cuairt oifigiúil ar an nGaeltacht don chéad uair inniu, labhair Jack Chambers le RTÉ Raidió na Gaeltachta

FUAIM: A chéad agallamh Gaeilge déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers

Tá a chéad agallamh leis na meáin Ghaeilge déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ó ceapadh é nach mór dhá mhí ó shin.

San agallamh réamhthaifeadta leis an iriseoir Cóilín Ó Neachtain a craoladh ar Nuacht a hAon ar RnaG inniu, labhair Chambers faoi na tosaíochtaí atá aige, achtú bille teanga roimh dheireadh na bliana ina measc.

“Tá a lán prióireachtaí agam mar Aire Stáit na Gaeltachta – an Bille Teanga a achtú roimh dheireadh na bliana, an Bille seo a bheith níos láidre, beidh sé sin an-tábhachtach. Agus an plean cúig bliana a chur i bhfeidhm, agus an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm freisin.”

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé ag “súil” go mbeifear in ann na coláistí samhraidh a oscailt ar an bhliain seo chugainn ach go bhfuil sé “ró-luath” a rá go cinnte cad a tharlóidh mar gheall ar an choróinvíreas.

Dúirt Chambers go raibh sé “an-tábhachtach” go dtabharfaí  tacaíocht do na coláistí agus do na mná tí.

Maidir leis an scéal a foilsíodh ar an suíomh seo ar maidin faoi fhreagraí i mBéarla a bheith faighte ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ar cheisteanna Dála a chuir sé i nGaeilge, dúirt Chambers go mbeadh an scéal a fhiosrú aige.

“Mar Aire Stáit, tá sé tábhachtach dom féin go mbeadh na ceisteanna á bhfreagairt as Gaeilge.  Beidh mé ag déanamh mo dhícheall chun an Ghaeilge a fheabhsú i ngach roinn sa rialtas. Beidh mé ag caint leis na hoifigigh…agus ag scrúdú an scéil.”

Labhair an tAire Stáit Jack Chambers, a rugadh i nGaillimh, faoin cheangal atá aige leis an Ghaeltacht agus faoin dtrí thréimhse a chaith sé ar choláistí samhraidh i gConamara.

Nuair a ceapadh Chambers i mí Iúil, léirigh polaiteoirí an fhreasúra imní mhór faoin scéala go gcaithfeadh Aire Stáit nua na Gaeltachta tabhairt faoi “dhianchúrsa Gaeilge” chun “teacht isteach” ar an teanga.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “fear cumasach” a bhí i Chambers agus go raibh lánmhuinín aige as go ndéanfadh sé leas na Gaeltachta agus na teanga ina phost nua.

Nuair a ceapadh é, dúirt Chambers go bhfuil sé “réasúnta compordach i mbun comhrá” i nGaeilge agus go raibh “leibhéal maith Gaeilge” aige tráth.

Diúltaíodh do na hiarratais ar fad atá déanta ag Tuairisc.ie ar agallamh Gaeilge nó dátheangach leis an Aire Stáit Gaeltachta go dtí seo

Fág freagra ar 'FUAIM: A chéad agallamh Gaeilge déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers'