Fuacht feanntach á ghealladh dúinn arís

Sioc, oighear agus fuacht atá á thuar as seo go hAoine ar fud na tíre

Fuacht feanntach á ghealladh dúinn arís

Fuacht feanntach atá á ghealladh dúinn arís inniu agus fanfaidh an sioc agus an t-oighear gan choscairt an lá uilig. Beidh sé scamallach i Leath Mhogha agus d’fhéadfadh fearthainn teacht isteach ón bhfarraige san iardheisceart ach sneachta nó flichshneachta a bheidh inti sna ceantair atá isteach ón gcósta.

Lá breá tirim a bheas ann sa gcuid is mó den tír agus é níos gile sa gcuid ó thuaidh. Beidh an teocht idir -1 agus 4 chéim agus gaoth éadrom nó mheasartha anoir aduaidh chugainn, beidh an ghaoth sin níos láidre san iardheisceart.

Níl aon fhaoiseamh ón bhfuacht á ghealladh dúinn anocht ach an oiread ach beidh sé tirim seachas corrmhúr geimhriúil le cósta. Níl aon téamh á thuar ach an teocht ag seadú idir -5 agus céim shuarach amháin os cionn an reophointe.

Sioc, oighear agus fuacht atá á thuar as seo go hAoine ar fud na tíre. Triomach, gile is ciúnas atá geallta sa gcuid is mó den tír ach d’fhéadfadh corrmhúr geimhriúil a bheith le cósta.

Lá geal tirim atá geallta amárach, Dé Céadaoin, agus grian úr an gheimhridh ag taitneamh i spéir ghlan. Ar ndóigh d’fhéadfadh corrmhúr a bheith le cósta ach beidh teoide bheag ón ngrian agus an teocht bogtha os cionn an reophointe, idir 1 agus 5 chéim. Gaoth éadrom aduaidh a bheidh againn agus ní teas is dual di.

Sioc is fuacht atá romhainn oíche Dé Céadaoin agus an teocht chomh híseal le -6 nó idir sin agus an reophointe. Leoithne éadrom aduaidh a bheidh ann, an spéir glan ach baol ann go mbeidh ceathanna scoite geimhriúla sa tuaisceart agus san iarthuaisceart.

Tirim geal den chuid is mó a bheidh an Déardaoin agus d’fhéadfadh biseach beag a bheith ar an teocht, idir 2 chéim agus 5 chéim san iarnóin. Gaoth éadrom aniar aduaidh a bheidh ann agus an baol ann go mbeadh corrchith geimhriúil sa tuaisceart agus san iarthuaisceart.

Tá athrú á thuar faoin Aoine nuair a bheidh ceathanna báistí agus flichshneachta níos forleithne sa gcuid thiar agus thuaidh den tír ach chuile sheans go seasfaidh an triomach sna ceantair lár tíre, sa deisceart agus san oirthear. Beidh sé níos scamallaí ach corrthamall gréine ann chomh maith. Leoithne gaoithe aniar aneas ann agus an teocht idir 3 agus 6 chéim.

Tá éiginnteacht go leor fós ar lucht na haimsire faoina bhfuil I ndán dúinn ag an deireadh seachtaine agus an tseachtain seo chugainn. Faoi láthair tá an chosúlacht ar chúrsaí go dtiocfaidh teas beag in ár dtreo ach go mbeidh an aimsir an-athraitheach faoin Domhnach seo chugainn agus aimsir fhliuch i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Fuacht feanntach á ghealladh dúinn arís'