Frig seo mar feng shui, dún an doras!

I 1998 a chuala ár gcolúnaí faoin feng shui ar dtús. Ach is fearr an feng shui go deireanach ná go brách…nó an fearr?

Frig seo mar feng shui, dún an doras!

Léaráid: Eadaoin Davoren

Tá mé i mo shuí ar an tolg ag fanacht. Níl aon dabht orm ach gur gearr go líonfar le háthas agus fuinneamh mé, mar go bhfuil mé théis an mhaidin a chaitheamh ag cur feabhas ar feng shui an tí.

Dáiríre, ba cheart dom é seo a dhéanamh i 1998, nuair a chuala mé faoin feng shui ar dtús. Ach, mar a deir an seanfhocal, is fearr go deireanach ná go brách.

Séard atá sa feng shui ná teicníc ar féidir í a úsáid chun cur leis an suaimhneas agus an t-ádh atá agat i do shaol agus cur leis an bhfuinneamh atá agat dá réir. Shocraigh mé triáil a bhaint as ós rud é go bhfuilim faoi ionsaí laethúil ag mo thriúr comrádaithe beaga a bhíonn lán le fuinneamh agus áthas an tsaoil.

De réir an leabhair Feng Shui on a Dime le Stephanie Liang tá roinnt rudaí simplí gur féidir leat a dhéanamh chun sruth réidh simplí fuinnimh, nó ’chi’ a chruthú i do theach.

Go deimhin, ní raibh léite agam ach cúpla abairt nuair a fuair mé amach nach iad na héadaí, na leabhair agus na bréagáin atá caite ar fud an tí is cúis leis an gcuma mhí-eagraithe, trína chéile atá ar an teach ar chor ar bith. Ba mhór an oscailt súl é sin dom.

Cheap mé riamh gurb é an fáth go raibh an teach bunoscionn ná go bhfuil an iomarca againn ann agus go bhfuil muid sórt ‘allergic’ don obair tí. Is cosúil nach bhfuil aon bhaint aige sin leis an scéal ar chor ar bith.

Séard is cúis leis an bhfadhb dáiríre, de réir an feng shui, ná go bhfuil an staighre san áit mhícheart.

Braitheann an rud ar fad ar chúrsaí ‘chi’. Séard is ‘chi’ ann, de réir feng shui, ná an fórsa beatha atá i ngach duine agus i ngach rud. Is ón chi a thagann an t-ádh agus an tsláinte agus ón easpa chi an mí-ádh is an easláinte.

Mar gheall go bhfuil an staighre ag pointeáil i dtreo an dorais, is cosúil go bhfuil mo chuid chi maith ar fad ag imeacht le fána síos a’ staighre is amach an doras.

Déanann sé ciall. Míníonn sé, mar shampla, cén fáth nár bhuaigh mé an lotto go fóill, (ní raibh mo dhóthain chi fágtha agam).

Agus, ar ábhar eile ar fad, míníonn sé cén fáth go bhfuil na seilidí drúchta atá ag maireachtáil in aice le doras an tí chomh folláin agus chomh flúirseach is atá (tá mo chuid chi ar fad faighte ag na diabhail, is léir).

Tá a fhios agam go mbíonn siad sa teach san oíche mar go bhfeicim an sraoillín smaoise a fhágann siad ina ndiaidh ar an urlár. (Ceist agam, Nod don Eolaí ag Tuairisc.ie: an bhfuil seilidí drúchta in ann imeacht níos sciobtha ná mar a ligeann siad orthu féin? Cén chaoi go mbíonn siad in ann a theacht isteach sa teach go rúnda san oíche agus imeacht arís roimh mhaidin is nach mbíonn tú in ann teacht orthu in aon áit?).

Dhá rogha atá agam má tá fúm an chi maith a choinneáil sa teach de réir feng shui. An chéad rogha ná an balla a leagan is an staighre a chur ag pointeáil treo eile. Tabharfaidh mé ‘Plean B’ air sin.

Tá réiteach eile air atá níos saoire agus níos éasca. Féadfaidh muid an doras a choinneáil faoi ghlas chun an chi a choinneáil istigh sa teach agus dul isteach is amach tríd an bhfuinneog.

Fág freagra ar 'Frig seo mar feng shui, dún an doras!'

  • Learraí

    ‘Tchí’tear dom gurbh fhearrde tú an ‘tai chi’. Beidh chuile shórt faoi iamh an ‘tchí’, is an baile féin, ar barr ithreach agat má chuireann tú geasa an feng sui sin i bhfeidhm. ‘Tchí’m go leor daoine ag gabháil dó sna bólaí seo.

  • Speisealtóir sa Chi

    A Bhridget dhíl, nar cheart an t-alt seo a bheith i bhfoirm haiku? Níl me ach á rá. Guím míle beannacht ó mo chi féin chuig do chi-sa.

  • Seán de Paor

    Déantar ‘réabadh reilige’ sa tChín de bharr an feng sui sin!