Freasúra gan fiacla atá á thairiscint ag seachtar as láthair Shinn Féin

Cloíodh le trí vóta aréir in Westminster moladh a chabhródh le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. Cá raibh seachtar Shinn Féin?

Freasúra gan fiacla atá á thairiscint ag seachtar as láthair Shinn Féin

I dTeach na dTeachtaí in Westminster aréir theip ar iarracht uasal iar-Sheansailéir na Breataine, Ken Clarke, teacht ar fhuascailt ar fhadhb an Bhreatimeachta. Móramh de thriúr a bhí i gcoinne mholadh Clarke go rachfaí i mbun idirbheartaíochta leis an AE ar mhaithe le haontas custam buan nua a shocrú i ndiaidh an Bhreatimeachta. Ceithre vóta eile agus bheadh an lá le Clarke.

Cá raibh feisirí Shinn Féin? Dá mbeidís i láthair bheadh seans acu tacaíocht a thabhairt do rún Clarke agus bheadh deis ríshoiléir acu dá réir vótáil ar son beartas a chabhródh le teorainn ‘chrua’ idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann a sheachaint.

Ach ba chuma leo faoi vóta na hoíche aréir, de réir dealraimh. B’fhearr leo a bheith ag labhairt os comhair na gceamaraí teilifíse sa Bhruiséil agus i Nua-Eabhrac mar gheall ar “impiriúlachas” na Breataine in Ulaidh.

Ní spéis le Sinn Féin obair dhian na hionadaíochta parlaiminte a dhéanamh, is cosúil.

Is fearr a oireann an bholscaireacht don pháirtí. Tugann Mary Lou McDonald léachtaí uaithi go minic sna meáin chumarsáide sa Bhreatain ag míniú cén fáth nach mbaineann Sinn Féin leas as na seacht suíochán atá acu in Westminster agus vótaí a chaitheamh ar ghnó na parlaiminte céanna.

Argóintí laga stairiúla a bhíonn ag Mary Lou McDonald mar chosaint ar pholasaí neamhláithreachta a páirtí, argóintí a bhaineann le holltoghchán 1918 agus araile. Ach ní chuireann éinne an cheist shimplí seo uirthi: nach dtagann an polasaí sin salach go hiomlán ar bhunphrionsabail de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta, conradh idirnáisiúnta atá i gcroílár gach aon ghné d’obair Shinn Féin, dar leo féin?

Is léir de réir an chonartha chéanna nach gceadaítear d’aon pháirtí cluas bhodhar a thabhairt do pharlaimint Westminster.

Ghlac siadsan a thacaigh leis an gconradh sin le cumhacht agus ceannas Westminster i dTuaisceart Éireann. Ghlac Rialtas na hÉireann leis “gurb é is mian le tromlach mhuintir Thuaisceart Éireann faoi láthair, ar mian dhlisteanach arna feidhmiú dá ndeoin féin í, an Aontacht [leis an mBreatain] a choimeád ar bun, agus dá réir sin, go léiríonn stádas Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe an mhian sin, agus go mbraitheann sé uirthi…”

Má thacaíonn páirtí ar bith le Comhaontú Aoine an Chéasta, níl aon dul as acu ach glacadh leis an mbunphrionsabal seo a chuireann iachall ar gach páirtí ceannas pharlaimint Westminster a aithint agus dul i mbun a gcuid oibre inti thar ceann a gcuid vótóirí. Níl Sinn Féin sásta é seo a dhéanamh ná sampla náisiúnaithe na hAlban san SNP a leanúint. Is fearr leo go mbeadh easaontas ann ná a bheith ag cur i gcoinne an Bhreatimeachta.

Freasúra gan fiacla atá á thairiscint acu.       

Fág freagra ar 'Freasúra gan fiacla atá á thairiscint ag seachtar as láthair Shinn Féin'

  • Daithi Mac Carthaigh

    Seo thíos an mhóid éigeantach is gá duit a thabhairt sula nglacann tú le do shuíochán in Westminister. Níor éirigh liom teacht ar leagan i nGaeilge na hÉireann. Is gá é a thabhairt i mBéarla pé scéal é.

    Tha mi a’ mionnachadh air DIA UILE-CHUMHACHDACH gum bi mi dìleas agus daingeann d’a Mòrachd, a’ Bhan-Rìgh Ealasaid, a h-Oighrean agus ladsan a thig na h-Aite, a’rèir an Lagha. DIA gam chuideachadh.

  • Eoin Ó Murchú

    Is léir ó scríbhínn rialta John Paul go dtaitníonn an chríchdheighilt leis agus go bhfuil fonn air forlámhas Shasana a choinneáil ar an Tuaisceart. Ní nach íónadh mar sin go dteastaíonn uaidh go rachadh Sinn Féin isteach i bparlaimint Westminster in ainneóin a ngeallúint dona vótóirí. Tuigeann sé go dtreiseódh a leithéid réimeas Shasana in Éirinn. Léigh arís Cómhaontú Aoine an Chéasta. Níl tada ann a deir go gcaithfidh polaiteóirí páirt a ghlacadh i bparlaimint Westminster, nó éirí as feachtasaíocht ar son athaontú na hÉireann. Ach tá alt ann a deir gur chóir reifrinn a reachtáil faoi athaontú ag an am ceart. I bhfianaise a bhfuil ag tarluint faoi láthair is léir gurb é seo an t-am ceart. An n-aontaíonn John Paul?