Freagra Béarla ar cheist Dála i nGaeilge tugtha ag aire rialtais a gheall dhá mhí ó shin nach ndéanfaí a leithéid arís

Ghabh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide leithscéal le hAengus Ó Snodaigh mí Mheán Fómhair tar éis don Aire Comhshaoil freagraí i mBéarla amháin a thabhairt ar cheisteanna Dála i nGaeilge

Freagra Béarla ar cheist Dála i nGaeilge tugtha ag aire rialtais a gheall dhá mhí ó shin nach ndéanfaí a leithéid arís

Tá freagra eile i mBéarla tugtha ar cheist Dála i nGaeilge ag aire rialtais ar gabhadh leithscéal ar a shon nuair a rinne sé an rud céanna cúpla mí ó shin.

Chuir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, ceist i nGaeilge ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an tseachtain seo caite maidir leis na socruithe atá déanta ina roinn ó thaobh na Gaeilge, ach is a mBéarla a tugadh freagra air.

Chuir Ó Snodaigh, cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cheist chéanna ar na ranna rialtais eile agus is í an Roinn Comhshaoil an t-aon cheann díobh ar theip uirthi freagra i nGaeilge a thabhairt.

An lá tar éis dóibh an freagra Béarla a thabhairt, thug an Roinn Comhshaoil freagra i nGaeilge ar cheist Uí Shnodaigh.

Tá sé tugtha le fios ag Ó Snodaigh do Tuairisc.ie go bhfuil sé chun gearán a dhéanamh faoin scéal le Ceann Comhairle na Dála.

Níl ann ach cúpla mí ó dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur “masla” dó féin agus don Ghaeilge go raibh freagraí i mBéarla tugtha ag an Aire Eamon Ryan ar cheisteanna a cuireadh air i nGaeilge.

Bhí Ó Snodaigh chun gearán a dhéanamh leis an gCeann Comhairle ag an am ach ní dhearna sé sin mar gur ghabh an Roinn Comhshaoil leithscéal faoin scéal agus toisc gur thug siad gealltanas nach dtarlódh a leithéid arís.

Nuair a tharla an chéad eachtra mí Mheán Fómhair, dúirt Ó Snodaigh gurbh é sin an chéad uair ó toghadh é in 2002 go bhfuair sé freagra Béarla ar cheist Dála i nGaeilge ach taobh istigh de dhá mhí, tá an rud céanna déanta arís ag an Roinn chéanna.

Fág freagra ar 'Freagra Béarla ar cheist Dála i nGaeilge tugtha ag aire rialtais a gheall dhá mhí ó shin nach ndéanfaí a leithéid arís'

  • Sibéal

    Mhínigh an scríbhneoir Liam Mac Cóil na deacrachtaí a bhí aige fhéin. Teastaíonn George Mitchell eicínt chun béasa a chur ar “an rialtas buan” nó maindiríní aonteangacha an Státchórais.

  • Bríd

    Meastú céard a tharla don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta? Meastú anois…..

  • Concubhar

    Má fhéachann tú ar shuíomh idirlín Shinn Féin is má bhrúann tú an cnaipe Gaeilge, is Béarla a fhaigheann tú. Má bhrúann tú an cnaipe Gaeilge ar shuíomh an Chomhaontais Ghlais, faigheann tú leagan Ghaeilge. Seasann an F i SF do ‘Fimínigh’. Mar atá Sinne Fimínigh. Is ionann le ‘cur i gcéill’ polasaí Ghaeilge SF.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Maith an fear, Eamon. Is dócha dá bhfaighfeadh sé cuireadh, as Gaeilge, chun raon rothar nua a oscailt in áít éigin, beadh sé ábalta é a thuiscint agus a fhreagairt – mura mbeadh sé ina chodladh sa Dáil ag an am.

  • S. Mac Muirí

    D’fhéach mé cnaipe na Gaeilge ar shuíomh idirlín SF 7 mar a mhaigh Conchubhar, Béarla gan srian atá ann.
    Caithfear fiafraí cén fáth nach bhfuil conlán polaitíocht Gaeilge, comhar creidmheasa Gaeilge, ná banc Gaeilge ag feidhmiú leis ó lár an chéid seo chuaigh thart? Dá mbunófaí comhar creidmheas san ardchathair, b’fhéidir go nginfeadh sé foras nó breis eile le himeacht ama. Go dtí sin mo léan, ní bheidh againn ach an corrfhocal uaidh seo 7 an ceilfhocal ó siúd. Is den riachtanas é go nascfar an teanga le hairgeadas 7 le dul chin cinn, nó ní bheathaíonn na briathra na bráithre i bhfad.

  • S. Mac Muirí

    – (Tá mé féin sásta roinnt airgid a leagan isteach in aon chomhar creidmheasa / banc a dhéanfas gnó i nGaeilge a luaithe a bhunófar é áit ar bit in Éirinn.)

  • S. Mac Muirí

    Tá comhair chreidmheasa sa nGaeltacht. Níl deireadh caillte is léir. Tá deis mar soin ag muintir na Galltachta blaisín dá gcuid saibhris a fhuilleamh san áit a gcuideoidh sé leis an nGaeltacht 7 beidh bancanna na Galltachta dá uireasa. Níl Indreabhán rófhada siar as Cathair na dTreabh.